Ag a cúig a chlog inniu cuireadh deireadh leis na srianta Covid-19 ar fad a bhí i bhfeidhm sa Tuaisceart.
Ó inniu ar aghaidh is comhairle seachas dlí atá sna treoracha sláinte phoiblí, ach d’iarr an tAire Sláinte Robert Swann ar an bpobal a bheith cáiréiseach agus gan gníomhú “róthobann”.
Ní raibh an phaindéim thart go fóill, ar sé.
Comhairlítear fós do dhaoine mascanna a chaitheamh in áiteanna plódaithe agus ar an gcóras iompar poiblí.
Dúirt an tAire Swann go raibh Omicron rábach fós sa bpobal agus gur chóir gach rud is féidir a dhéanamh chun “daoine leochaileacha’ a chosaint ón víreas.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,987 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis.
4,160 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,655 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
635 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 30 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 64 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí ann inné.
Fág freagra ar 'Deireadh leis na srianta Covid-19 ar fad a bhí i bhfeidhm sa Tuaisceart'