Deireadh leis an díolúine ón nGaeilge i bhformhór na scoileanna Gaeltachta

De réir figiúirí nua bíonn gach ábhar á theagasc trí Bhéarla i 40 den 161 scoil sa Ghaeltacht

Deireadh leis an díolúine ón nGaeilge i bhformhór na scoileanna Gaeltachta

Ní bheidh cead feasta díolúine ón nGaeilge a fháil sa Ghaeltacht ach amháin sa 25% de scoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Bhéarla amháin.

De réir figiúirí nua, ceadaíodh díolúine ón nGaeilge do 383 dalta in iarbhunscoileanna Gaeltachta le cúig bliana anuas.

29 iarbhunscoil atá sa Ghaeltacht agus cé go bhfuil siad ar fad páirteach sa pholasaí oideachais don Ghaeltacht, bíonn ocht gcinn acu ag teagasc trí Bhéarla amháin. 132 bunscoil atá sa Ghaeltacht agus bíonn 32 díobh ag teagasc trí Bhéarla.

Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, nach ceadmhach díolúine ón nGaeilge a bhronnadh feasta ach amháin sna scoileanna sin a bhíonn ag teagasc trí Bhéarla. Idir 2017-2022 bhain 324 den 384 díolúine a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile Gaeltachta le scoileanna nach mbíonn aon ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge iontu.

Díolúintí a deonaíodh in Iar-Bhunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22:
Gach ábhar á múineadh do gach dalta trí mheán na Gaeilge 10
Gan aon ábhar á múineadh trí mheán na Gaeilge 324
Gach ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge 20
Roinnt ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge 29
Iomlán 383

Níor ceadaíodh ach 19 díolúine ón nGaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta idir 2017-2022 agus bhain formhór na ndíolúintí sin le scoileanna ina mbíonn ‘roinnt ábhar’ á múineadh trí Ghaeilge.

Díolúintí a deonaíodh i mBunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22:
Roinnt ábhar trí mheán na Gaeilge 12
Gach ábhar trí mheán na Gaeilge 1
Gan aon ábhar trí mheán na Gaeilge 6
Iomlán 19

Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999.

D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%.

Tá líon ard na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ina ábhar gearáin ag grúpaí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Glactar leis go bhfuil daltaí ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a bhainfeadh leas as díolúine ón nGaeilge, ach maítear nach mbeadh ach 2-3% de dhaltaí i gceist ansin.

Tá cáineadh déanta ag dreamanna a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais ar an athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais i mbliana ar na hathruithe a rinneadh in 2019 ar chóras na ndíolúintí agus d’fhógair Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo go rabhthas chun an córas a phlé ag sraith cruinnithe i rith an fhómhair.

Fág freagra ar 'Deireadh leis an díolúine ón nGaeilge i bhformhór na scoileanna Gaeltachta'

  • Seán ÓM

    B’fhearr liomsa díolúine ón mBéarla a fháil.

  • Gerry Sóna

    Ma tá scoil sa Ghaeltacht ag feidhmií i mBéarla amháin, ní scoil Ghaeltachta í agus ní thig Gaeltacht a lua le ceantar ina bhfuil a leithéid a tharlú.Nach bhfuil duine/aire sa rialtas freagrach as an scannal seo????????

  • Peadar ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Déanann an Rialtas cibé socrú atá in oiriúint dó fhéin dá ainneoin moltaí an Phobail go dtí go ndéanann siad pracás ceart den scéal seo cúpla shampla eile :—

    Is iomaí DÍOLÚINTE a fuair an Stát/SaorStát thar na blianta lena chuid dhualgaisí a chomhlíonadh i dtaobh na Gaeilge.

    ——— Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    ———– Caitheann an Stát níos mó airgead ag iarraidh an Ghaeilge a sheachaint sa chóras dlí, sa chóras maireachtála, agus sa chóras caipitileach ag díol as abhchóidí, taighde, fíosriúcháin agus a leithéid.

    ————Ba chóir ‘Suim’ sa Teanga a chothú in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae fosta gan a thuilleadh moille le díolúintí a sheachaint Thuaidh agus Theas.

    ———–Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga dá ainneoin an Chultúir Angla-Mheiriceánaigh agus meon an ‘Rialtais’ i dtaobh gach rud Gaelach.

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Ardán 1

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Antóin

    “Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999”

    Ní léir ón alt cá mhéad duine acu sin a rinne staidéar ar nuatheanga Eorpach (an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis). Tá leid b’fhéidir san alt a scríobh Maitiú Ó Coimín in 2016.

    https://tuairisc.ie/deacrachtai-foghlama-ag-70-de-dhaltai-ardteiste-a-fuair-dioluine-gaeilge-ach-a-rinne-staidear-ar-theanga-eile/

    Seo thíos cupla paragraph ón alt sin:

    “De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, rinne 21,287 dalta sa chóras dara leibhéal staidéar ar nuatheanga Eorpach eile cé go raibh díolúine ón nGaeilge acu”

    “Léiríonn na figiúirí ón Roinn Oideachais na cúiseanna ar tugadh an díolúine ón nGaeilge don 21, 287 dalta sin, in ainneoin staidéar a bheith á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile. Deacrachtaí foghlama an chúis ba mhó a tugadh leis an díolúine a fháil, an disléicse san áireamh”

    “Bhí díolúine ón nGaeilge i mbliana ag 2,734 dalta idirbhliana cé go raibh staidéar á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile”

    An bhfuil a leithéid de rud ann agus deacrachtaí foghlama sainiúla Gaeilge?

    Tá sé ag dul dian orm an scéal seo na ndíolúintí a thuiscint.

  • Antóin

    Fuair 10 daltaí díolúine ón Ghaeilge sa tréimhse 2017-22 cé go raibh siad ag freastal ar iar-bhunscoil sa Ghaeltacht inar múineadh gach ábhar trí Ghaeilge!

  • MáireM

    An gceadófar díolúine ón nGaeilge do ghasúir na hÚcráine atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus nach bhfuil Béarla ná Gaeilge acu? Cén chaoi ar féidir freastal ceart a dhéanamh orthu seo ós rud é nach bhfuil focal Gaeilge ná Béarla acu? Cén seasamh atá ag an Roinn Oideachais air sin meas tú? Tá trua agam dóibh agus níl freagraí na gceisteanna seo ag aon dream is cosúil.