Deacrachtaí foghlama ag 70% de dhaltaí Ardteiste a fuair díolúine Gaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile

De réir figiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, rinne 21,287 dalta sa chóras dara leibhéal staidéar ar nuatheanga Eorpach eile i mbliana cé go raibh díolúine ón nGaeilge acu

04/06/2014. Leaving Cert exams begin. Leaving cert students at Marian College, Ballsbridge, Dublin, sit their English paper 1 this morning as the exams get under way. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Deacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 70% den 8,363 dalta sa tsraith shinsearach i mbliana nach ndearna staidéar ar an nGaeilge in ainneoin go ndearna siad staidéar ar theanga Eorpach eile.

Léiríonn figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie gur deacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 56% de na daltaí meánscoile a rinne staidéar i mbliana ar theanga Eorpach eile.

De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, rinne 21,287 dalta sa chóras dara leibhéal staidéar ar nuatheanga Eorpach eile cé go raibh díolúine ón nGaeilge acu.

Léiríonn na figiúirí ón Roinn Oideachais na cúiseanna ar tugadh an díolúine ón nGaeilge don 21, 287 dalta sin, in ainneoin staidéar a bheith á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile. Deacrachtaí foghlama an chúis ba mhó a tugadh leis an díolúine a fháil, an disléicse san áireamh.

Is é atá i gceist ag an Roinn Oideachais le ‘teanga Eorpach eile’ sna figiúirí seo ná ceann den cheithre theanga seo: an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis.

Ba dhaltaí as tíortha eile an dara dream ba mhó a raibh díolúine acu ón nGaeilge, ach a rinne staidéar ar theanga eile. Fuair 7,068 dalta a rinne staidéar ar theanga Eorpach eile, nó 33% den iomlán, díolúine ón nGaeilge mar nár rugadh in Éirinn iad.

Ba dhaltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois, i dTuaisceart Éireann nó thar lear an tríú dream ba mhó ar an liosta – 2,025 dalta, nó 10% den iomlán, a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile.

Ag bun an liosta, tá na daltaí Éireannacha sin a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide, agus a d’fhill ar an oideachas in Éirinn. Is ar an gcúis sin a bhí díolúine ag 241 (1%) dalta meánscoile le linn na scoilbhliana seo caite.

Daltaí an Teastais Shóisearaigh ba mhó a raibh díolúine acu i mbliana ach a raibh staidéar á dhéanamh ar theanga Eorpach eile acu. 10,190 dalta ar fad a bhí i gceist sa chás sin. Áirítear san fhigiúir sin daltaí scoile sa chéad, dara agus tríú bliain atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach nó faoi Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh.

8,363 dalta sa tsraith shinsearach a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana cé go raibh staidéar á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile, daltaí a rinne an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta san áireamh.

Bhí díolúine ón nGaeilge i mbliana ag 2,734 dalta idirbhliana cé go raibh staidéar á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí foghlama ag 70% de dhaltaí Ardteiste a fuair díolúine Gaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile'

  • Fearn

    Na créatúir!