Deireadh le cuardach fir agus corp tagtha i dtír in Indreabhán

Bhí cuardach ar bun le roinnt laethanta d'fhear a chuaigh ar iarraidh i gContae an Chláir, ach tá deireadh curtha leis an gcuardach sin anois agus corp fir aimsithe ar an Trá Mhór in Indreabhán, Conamara

Deireadh le cuardach fir agus corp tagtha i dtír in Indreabhán

Tá deireadh leis an gcuardach ar fhear, 22 bliain d’aois, as Béal Feirste, a chuaigh ar iarraidh ó Chontae an Chláir cúpla lá ó shin, i ndiaidh do chorp fir óig teacht i dtír in Indreabhán i nGaillimh.

Bhí an fear óg i dtuaisceart Chontae an Chláir Dé Luain in éineacht lena mhuintir ar bhus turais nuair a chuaigh sé ar iarraidh agus an bus stoptha i gcomhair sosa.

Bhí an bus stoptha idir Fanóir agus Lios Dúin Bhearna le deis a thabhairt do na turasóirí áilleacht na Boirne a fheiceáil agus na cosa a shíneadh. Níor fhill an fear óg ar an mbus i ndiaidh an tsosa.

Eagraíodh cuardach talún, mara agus spéire, agus bhí baill Gharda Cósta na hÉireann agus Cosaint Shibhialta an Chláir i mbun cuardaigh ar feadh trí lá. Thángthas ar chorp fir ar an Trá Mhór in Indreabhán i gContae na Gaillimhe tráthnóna aréir ag a 4 a chlog. Ní duine de lucht cuardaigh an fhir a chuaigh ar iarraidh  a tháinig ar an gcorp.

Tuigtear gur aithníodh an té a bhí básaithe go neamhoifigiúil de bharr na dtatúnna sainiúla a bhí ar an gcorp ach gur thaistil teaghlach an fhir óig go hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh lena chéannacht a dheimhniú.

Cuireadh deireadh leis an gcuardach a bhí fós ar siúl i gContae an Chláir go luath ina dhiaidh sin. Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an fhir in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, níos deireanaí inniu agus tá na Gardaí i mBóthar na Trá fós i mbun fiosrúcháin.

Fág freagra ar 'Deireadh le cuardach fir agus corp tagtha i dtír in Indreabhán'