Déanfar ‘ceap magaidh’ den oideachas Gaeltachta mura mbíonn marcanna bónais ann do chúrsa nua Gaeilge

Bhí Conradh na Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna chun ceist na gcúrsaí nua Gaeilge T1 agus T2 a phlé

Déanfar ‘ceap magaidh’ den oideachas Gaeltachta mura mbíonn marcanna bónais ann do chúrsa nua Gaeilge

Déanfar “ceap magaidh” den oideachas Gaeltachta má leantar ar aghaidh le cúrsa Gaeilge Ardteiste nua a thabhairt isteach gan marcanna bónais a bheith ag dul leis, a dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna.

Dúradh chomh maith ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais a bhí ar siúl i seomra na Dála inniu go bhféadfadh na cúrsaí nua “scoilt” a chruthú i measc mhuintir na Gaeltachta mura dtugtar isteach ar bhealach ceart iad.

Bhí Conradh na Gaeilge os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna chun ceist na gcúrsaí nua Gaeilge T1 agus T2 a phlé.

Foilsíodh mí Feabhra eolas faoin dá chúrsa nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla.

Tá próiseas comhairliúcháin poiblí ar siúl faoi láthair faoi na sonraíochtaí T1 agus T2, mar a thugann an Roinn Oideachais orthu, agus tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag iarraidh go gcuirfí siar an próiseas sin.

“Beidh neamhaird agus ceap magaidh déanta don pholasaí oideachais Gaeltachta má théitear ar aghaidh leis an gcomhairliúchán agus le forbairt sonraíochtaí nua ardteistiméireachta gan deimhniú go mbeidh marcanna bónais ann agus gan athbhreithniú a bheith déanta ar an tsraith shóisearach,” a dúirt, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, i seomra na Dála.

“D’fhéadfadh sé scoilt sa phobal a chruthú idir daoine a bheidh ar son an pholasaí oideachais Gaeltachta agus daoine a bheidh ina choinne agus dhéanfadh sin an-dochar sa Ghaeltacht. Is í an cheist is bunúsaí atá ann ná, gan marcanna bónais as cúrsa níos dúshlánaí a roghnú, cén mhaith gach rud eile sa pholasaí?”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go mb’fhearr moill a chur ar an bpróiseas comhairliúcháin agus an obair a dhéanamh i gceart “in ionad praiseach a dhéanamh de na sonraíochtaí nua ardteistiméireachta nach mbeidh daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus eile ag tacú leo”.

Dúirt sé go raibh “an chontúirt” ann go gcaillfí muinín an phobail sa pholasaí oideachais Gaeltachta.

D’iarr Conradh na Gaeilge ar bhaill an Choiste Oireachtais rún a rith ag tacú lena n-éileamh go gcuirfí siar an próiseas comhairliúcháin agus a gcuid tacaíochta a chur in iúl chomh maith don Aire Oideachais agus Scileanna don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.

Ach tá imní ar roinnt saineolaithe faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.

Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoi cheist na marcanna bónais.

Fág freagra ar 'Déanfar ‘ceap magaidh’ den oideachas Gaeltachta mura mbíonn marcanna bónais ann do chúrsa nua Gaeilge'

  • Dónall

    Ceap magaidh is ea an dream a bhí taobh thiar de na sonraíochtaí/cúrsaí nua agus atá ar mhalairt tuairim anois!! Ag tochras ar a gceirtlín féin ar son a bpócaí & ní ar son na teanga. Tá fios ag madraí na sráide cé hiad!!