Airí na Gaeltachta ina dtost go fóill maidir le marcanna bónais do chúrsa Gaeilge nua na hArdteiste

Tá an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta i mbun comhairle i láthair na huaire maidir le bearta a spreagfadh daltaí le tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos deacra don Ardteist

Airí na Gaeltachta ina dtost go fóill maidir le marcanna bónais do chúrsa Gaeilge nua na hArdteiste

Tá diúltaithe ag an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ag an Aire Stáit Jack Chambers aon tuairim a léiriú ar an gconspóid atá ann faoi láthair maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste.

Tá ráite ag grúpaí oideachais agus Gaeilge go bhféadfadh daltaí ón nGaeltacht agus ó Ghaelcholáistí a bheith faoi mhíbhuntáiste má leantar ar aghaidh le plean na Roinne Oideachais dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann eile do scoileanna Béarla.

Cé go gcuirfeadh mórán daoine fáilte roimh shiollabas níos dúshlánaí do dhaltaí ón nGaeltacht agus ó Ghaelcholáistí, meastar go gcaithfí marcanna bónais a thabhairt isteach don té a dhéanfadh an cúrsa nua. 

Deir eagraíochtaí atá ag plé leis an ngaeloideachas go gcaithfidh na daltaí a thugann faoin siollabas níos deacra – sonraíocht T1 mar a thugann an Roinn Oideachais uirthi – a chúiteamh ar bhealach éigin.

Thug an tAire Norma Foley le fios le déanaí go raibh a Roinn ag déanamh meastóireachta faoi láthair ar bhearta a spreagfadh daltaí le tabhairt faoin gcúrsa níos deacra agus go rachfar i mbun comhairle le Roinn na Gaeltachta chun na bearta sin a scrúdú.

Chuir Tuairisic.ie ceist ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an mbeadh siad i bhfabhar marcanna bónais a thabhairt do dhaltaí a thugann faoin tsonraíocht T1, ach ní raibh freagra ar fáil.

“Mar go bhfuil an t-ábhar seo fós le plé idir an dá Roinn, ní bheadh sé cuí do cheachtar de na hAirí an cheist sin a fhreagairt ag an tráth seo,” a dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí Oideachais Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, le Tuairisc.ie nach mbacfadh daltaí ardchumais Gaeilge an cúrsa T1 a dhéanamh mura mbeadh cúiteamh i gceist dóibh. 

Dúirt sé go raibh ciall le marcanna bónais a bhronnadh ar dhaltaí ach go raibh Sinn Féin ag cur roghanna eile san áireamh sula gcuirfeadh an páirtí aighneacht isteach mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar na dréachtsonraíochtaí nua atá tosaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).

Deir Sinn Féin go bhfuil “moltaí praiticiúla” a dhéanfadh an teanga agus muintir na Gaeltachta “a chosaint” faoin gcóras nua san aighneacht.

Fág freagra ar 'Airí na Gaeltachta ina dtost go fóill maidir le marcanna bónais do chúrsa Gaeilge nua na hArdteiste'