Deacair a chreidiúint go bhfágfaí Údarás na Gaeltachta gan bord – iarchathaoirleach

Deir Seán Ó Neachtain go bhfágfaí lorg mór ar obair an Údaráis dá bhfágfaí gan bord é ar feadh tréimhse

Deacair a chreidiúint go bhfágfaí Údarás na Gaeltachta gan bord – iarchathaoirleach

Deir iarchathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta gur “praiseach” atá ann go bhféadfadh an eagraíocht a bheith fágtha gan bord nua ar feadh roinnt míonna.

D’imigh tréimhse an bhoird a bhí ann in éag an mhí seo agus thug Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, le fios inné go bhféadfadh nach mbeidh an próiseas chun bord nua a cheapadh curtha i gcrích go dtí deireadh mhí an Mhárta ar a luaithe.

Cé go ndúirt an tAire Stáit go raibh a Roinn agus Údarás na Gaeltachta i mbun breithnithe ar bhord eatramhach a thabhairt isteach idir an dá linn, tá imní ann faoin tionchar a bheadh ag easpa boird ar fheidhmiú an Údaráis.

Chaith an t-iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain nach mór 25 bliain ar bhord an Údaráis agus bhí sé ina chathaoirleach idir 1991-1996.

Deir sé go gcuireann sé iontas air go bhfuil an tÚdarás i sáinn a d’fhágfadh gan bord é.

“Tá sé an-aisteach, caithfidh mé a rá,” a dúirt Ó Neachtain agus é ag labhairt le Tuairisc faoin scéal.

Dúirt Ó Neachtain go raibh uaireanta ann lena linn féin gur ghá bord a athcheapadh ar feadh tréimhse agus dúirt sé gur cheart go mbeadh a leithéid tarlaithe sa chás seo chomh maith.

Seán Ó Neachtain, iarfheisire Eorpach.

“Luíonn sé le réasún nach ligfí an bord a bhí ann chun bealaigh agus ina áit sin go n-athcheapfaí iad, rud a bhfuil cead ag an Aire a dhéanamh. Tharla sé sin san am a caitheadh, gur fágadh cuid den bhord ann go dtí go mbeadh toghchán ann agus ansin ceapadh bord iomlán nua leis na daoine a bhí tofa,” arsa Ó Neachtain.

Maidir le bord eatramhach a thabhairt isteach go dtí gur féidir bord ceart a cheapadh san earrach, dúirt Ó Neachtain gur “aisteach” an cur chuige a bheadh ansin, go háirithe nuair atáthar díreach tar éis “scaoileadh le daoine a raibh taithí acu ar obair an bhoird”.

“Tá sé aisteach nuair a bhí bord acu go dtí cúpla lá ó shin go ndéarfaí go gcuirfí daoine as an nua isteach ar feadh tréimhse ghairid. Is dócha go bhfuil sé sin i gceist. Bheadh sé níos éasca daoine le taithí a thabhairt ar ais, ba é an rud loighciúil le déanamh,” ar sé.

Deir Ó Neachtain go bhfágfaí lorg mór ar obair an Údaráis dá bhfágfaí gan bord é ar feadh tréimhse.

Ní bheadh Údarás na Gaeltachta in ann aon deontas a cheadú nó aon airgead caipitil a chaitheamh gan bord a bheith ann.

“Is dócha go gcaithfidh siad bord a athcheapadh agus an dream a bhí ann a thabhairt ar ais go dtí go mbeidh toghchán ann. Creidimse go bhfuil sé ina phraiseach.”

Agus é ag labhairt sa Dáil inné, chuir an tAire Stáit O’Donovan an milleán ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) as an moill atá le ceapadh an bhoird nua ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Dúirt an tAire Stáit gur thosaigh Roinn na Gaeltachta ar an bpróiseas comhaltaí nua a cheapadh i mi Dheireadh Fómhair seo caite nuair a chuathas i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla chun a n-ainmniúchán don bhord a fháil.

Fuair an Roinn na hainmniúchán sin mí na Nollag ach dúirt O’Donovan nach bhféadfaí na comhaltaí eile a cheapadh go fóill mar nach raibh an comórtas poiblí tosaithe ag PAS.

“Mar gheall ar mhoill nach raibh aon smacht ag mo Roinn air, áfach, ní bheidh sé ar chumas PAS tús a chur le comórtas poiblí go dtí tús mhí Feabhra, rud a chiallaíonn nach mbeidh bord iomlán in ann a bheith ceaptha go dtí deireadh mhí an Mhárta nó mar sin,” a dúirt O’Donovan.

Fág freagra ar 'Deacair a chreidiúint go bhfágfaí Údarás na Gaeltachta gan bord – iarchathaoirleach'