Údarás na Gaeltachta gan bord go dtí deireadh an Mhárta ar a luaithe

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta nach raibh aon smacht ag a Roinn ar an moill atá ann bord agus cathaoirleach nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta

Údarás na Gaeltachta gan bord go dtí deireadh an Mhárta ar a luaithe

Beidh ar Údarás na Gaeltachta feidhmiú gan bord ar feadh roinnt míonna agus é tugtha le fios nach mbeidh an Rialtas in ann comhaltaí ná cathaoirleach nua a cheapadh go dtí deireadh an earraigh nó mar sin.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, le fios sa Dáil ar maidin nach mbeifí in ann bord iomlán a cheapadh ar an Údarás go dtí deireadh mhí an Mhárta ar a luaithe.

Dúirt an tAire Stáit go raibh oifigigh a Roinne i mbun fiosruithe ar na féidearthachtaí atá ann bord eatramhach a cheapadh idir an dá linn.

Ní féidir le hÚdarás na Gaeltachta aon deontas a cheadú nó aon airgead caipitil a chaitheamh gan bord a bheith i bhfeidhm.

Chuaigh téarma an bhoird dheireanach a bhí ag Údarás na Gaeltachta in éag níos luaithe an mhí seo ach dúirt O’Donovan gur fhág moill a bhain leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) nach bhfuil na socruithe déanta chun bord nua a cheapadh.

Dúirt an tAire Stáit gur thosaigh an Roinn ar an bpróiseas chun comhaltaí nua a cheapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta mí Dheireadh Fómhair seo caite nuair a chuathas i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla chun a n-ainmniúchán don bhord a fháil. Fuair an Roinn na cúig ainmniúcháin sin i mí na Nollag ach tá moill le ceapadh an tseachtair eile, an cathaoirleach san áireamh, comhaltaí atá le ceapadh tríd an gcóras ceapacháin phoiblí.

“Mar gheall ar mhoill nach raibh aon smacht ag mo Roinn air, áfach, ní bheidh sé ar chumas PAS tús a chur le comórtas poiblí go dtí tús mhí Feabhra, rud a chiallaíonn nach mbeidh bord iomlán in ann a bheith ceaptha go dtí deireadh mhí an Mhárta nó mar sin,” a dúirt an tAire Stáit.

“Le dul i ngleic leis an moill sin, tú mo Roinn ag breithniú go gníomhach faoi láthair ar na féidearthachtaí bord a cheapadh ar bhonn eatramhach go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ar na socruithe i gcomhar le PAS agus bord a bheith ceaptha faoi na gnáthshocruithe.”

Dúirt O’Donovan go raibh an “socrú sealadach” pléite le feidhmeannaigh an Údaráis agus go raibh sástacht ann “nach gcruthaíonn sé deacracht nach féidir a shárú”.

Thug an Aire Stáit le fios go raibh an cheist le plé aige le foireann a Roinne agus le hoifigigh ón Údarás i nGaillimh inniu.

Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a cheistigh an tAire Stáit O’Donovan sa Dáil ar maidin agus dúirt Ó Snodaigh gur “drochlá” a bhí ann.

Mhol Ó Snodaigh Príomhfheidhmeannach agus foireann an Údaráis ach dúirt sé go raibh sé go dona go mbeidh “tréimhse de roinnt míonna nuair nach mbeidh bord ná cathaoirleach ann chun déanamh cinnte de go bhfuil straitéis á leanúint”.

Mheas sé go bhféadfadh an mhoill bord nua a cheapadh tionchar a imirt ar obair thionsclaíochta agus phleanála teanga an Údaráis.

Meastar nach mbeidh an chéad bhord eile ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhm ach ar feadh dhá bhliain nó mar sin agus toghchán do bhord an Údaráis le tabhairt ar ais in 2025

Bhí Patrick O’Donovan á cheistiú sa Dáil den chéad uair ó ceapadh é mar Aire Stáit na Gaeltachta roimh na Nollag.

D’éirigh leis an Aire Stáit, a deir go bhfuil sé chun an Ghaeilge a athfhoghlaim, na ceisteanna go léir a fhreagairt i nGaeilge. Cé go raibh sé stadach in áiteanna agus doiléir in áiteanna eile, d’éirigh leis an méid a theastaigh uaidh a chur in iúl. Chloígh sé leis an script a bhí ullmhaithe dó den chuid is mó ach bhí sé níos compordaí sa phlé nuair a d’imigh sé ón script.

Agus í ag freagairt ceist eile ón Teachta Aengus Ó Snodaigh, thug Aire na Gaeltachta Catherine Martin le fios go bhfuil tuarascáil a choimisiúnaigh a Roinn maidir le stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga a bhunú le foilsiú an mhí seo chugainn.

Bhí an tuarascáil, atá bunaithe ar thaighde a rinne Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), le foilsiú roimh dheireadh 2022 ach dúirt an tAire gur thóg cuid den obair allamuigh níos mó ama ná mar a ceapadh agus go raibh an tuarascáil anois le foilsiú sa chéad leath de mhí Feabhra.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta gan bord go dtí deireadh an Mhárta ar a luaithe'