Cúram na Gaeltachta le leagan ar aire sinsearach den chéad uair ó 2011 – tuairiscí

Tá Conradh na Gaeilge agus daoine eile ag éileamh le fada go gceapfaí aire sinsearach don Ghaeltacht agus iad den tuairim gur míbhuntáiste mór don teanga é an nós an cúram sin a leagan ar aire stáit

Cúram na Gaeltachta le leagan ar aire sinsearach den chéad uair ó 2011 – tuairiscí

Is é is dóichí ná a mhalairt go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta sa chás go nglacfaí amárach leis an margadh rialtais.

De réir tuairisc ó RTÉ tráthnóna tá an Ghaeltacht i measc na gcúraimí a bhfuil sé i gceist iad a leagan ar aire sinsearach.

Ní raibh an phríomhfhreagracht ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ar aon aire sinsearach ó 2011 agus ní bheidh Conradh na Gaeilge ná na daoine eile atá á éileamh ag déanamh talamh slán den scéal nó go mbeidh an breac ar an bport.

Ach is cosúil anois go mbeidh an feitheamh fada ar aire sinsearach Gaeltacht thart má vótálann baill na bpáirtithe amárach ar son an chomhrialtais.

Tá ranna éagsúla á lua leis an nGaeltacht, ina measc roinn ina mbeadh gnóthaí tuaithe agus pobail faoina cúram chomh maith, ach thug foinsí ar labhair Tuairisc.ie leo le fios go bhfuil sé i gceist gur cainteoir Gaeilge a bheadh san aire sinsearach sa Roinn a mbeidh an Ghaeltacht inti.

Tá ceist leagan amach an Rialtais le plé inniu ag ceannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais.

Tá Conradh na Gaeilge agus daoine eile ag éileamh le fada go gceapfaí aire sinsearach don Ghaeltacht agus iad den tuairim gur míbhuntáiste mór don teanga é an nós a bhí ag Fine Gael le naoi mbliana anuas an cúram sin a leagan ar aire stáit.


Cé a bheidh ina aire Gaeltachta má éiríonn leis an margadh rialtais?


Deir Conradh na Gaeilge, a bhfuil feachtas eile ar siúl faoi láthair acu faoin ábhar, gur míbhuntáiste é gan aire sinsearach a bheith ann don teanga go háirithe ó thaobh cúrsaí maoinithe de.

Deir siad go raibh na hairí stáit a raibh an cúram sin orthu ó 2001 i leith “tiomanta” do chás na teanga agus “báúil di” ach gurb í fírinne an scéil nár éirigh leo “cothrom na Féinne” a bhaint ó thaobh maoiniú chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Idir an dá linn, d’fhógair Conradh na Gaeilge inniu torthaí pobalbhreith a rinne Kantar dóibh mí Feabhra a léiríonn go gcreideann formhór mór an phobail gur chóir Gaeilge a bheith “ag aon aire sinsearach’ a bheadh freagrach as an nGaeltacht. 75% de na daoine a ceistíodh a dúirt amhlaidh agus níor easaontaigh leis an áiteamh ach 8%.

Údar mór uchtaigh do lucht feachtais a bheadh ann dá ngéillfí don éileamh ar aire sinsearach don Ghaeltacht.

Ba iad Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís aire sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air agus bhí sé ina imní ó shin go raibh buille maraithe na muice buailte ar an nós go mbíodh aire sinsearach le Gaeilge i bhfeighil cúrsaí Gaeltachta.

Dhá pháirtí a bhí ar son aire sinsearach a cheapadh le linn na gcainteanna faoi bhunú rialtais agus páirtí amháin, Fine Gael, nach raibh.

Tuiriscíodh, áfach, nach raibh aon “easaontú láidir ann” faoin gceist.

Dúirt Dinny McGinley, iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, le Tuairisc.ie le déanaí go mbeadh sé ina chúnamh mór do chás na Gaeilge dá gceapfaí sa chéad rialtas eile aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011. Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

Fág freagra ar 'Cúram na Gaeltachta le leagan ar aire sinsearach den chéad uair ó 2011 – tuairiscí'