Cé a bheidh ina aire Gaeltachta má éiríonn leis an margadh rialtais?

Ní fios cé acu an ar aire sinsearach nó aire sóisearach a thitfidh an phríomhfhreagracht i dtaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Cé a bheidh ina aire Gaeltachta má éiríonn leis an margadh rialtais?

Catherine Martin, Joe McHugh, Hildegarde Naughton, Dara Calleary agus Thomas Byrne. Pictiúir: Rollingsnews.com

Tá Dara Calleary, Thomas Byrne, Hildegarde Naughton agus Catherine Martin á lua i measc na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith ar an gcéad aire Gaeltachta eile sa chás go nglacfaí leis an margadh comhrialtais.

Meastar go bhfuil sé i gceist go gceapfaí duine a bhfuil Gaeilge aige sa phost, cé nach fios cé acu an ar aire sinsearach nó aire sóisearach a thitfidh an phríomhfhreagracht i dtaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Níl aon chinnteacht ach oiread faoi cá gcuirfí cúram na Gaeltachta sa rialtas nua agus é á lua le roinn cultúir, le roinn gnóthaí tuaithe agus leis an oideachas. Bíonn imní chomh maith ar lucht na teanga aimsir bunaithe rialtais nach luafaí an Ghaeltacht i dteideal roinn ar bith, rud gur bheag nár tharla san am a caitheadh.

Sa chás go leagfaí cúram na Gaeltachta ar Dhara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil, nó ar Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, bheadh an phríomhfhreagracht don Ghaeltacht ar aire sinsearach den chéad uair le beagnach deich mbliana anuas.

Is mó seans go dtarlódh sin sa chás go gcuirfí an Ghaeltacht isteach sa Roinn Oideachais mar tá sé ionann is cinnte go mbeidh ceann de na postanna móra ag Martin agus Calleary.

Beartas conspóideach, a moladh go minic cheana, a bheadh ann an Ghaeilge a chur faoi chúram na Roinne Oideachais agus tuairimí éagsúla ag daoine faoi cé acu an ar leas nó aimhleas na teanga a bheadh sé.

Tá caint ann an uair seo chomh maith faoi roinn nua a bhunú don ardoideachas, rud atá á éileamh ag Fianna Fáil.

Sa chás go gcuirfí an Ghaeltacht faoi chúram na Roinne sin, d’fhéadfadh gur ar leithéid Thomas Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, a thitfeadh an cúram.

Dar leis an gcraoltóir agus tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin gur fiú súil a choinneáil ar Byrne.

“Shamhlóinn dá gceapfaí aire sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge as Fianna Fáil, go mbeadh seans ag an Teachta Dála Thomas Byrne.

“Cé go bhfuil smeadar Gaeilge aige, ní dóigh liom go mbeidh an post sin ag Dara Calleary mar go mbeadh seisean i mbun aireacht níos sinsearaí mar leascheannaire an pháirtí. Ní fheicim aon duine i bhFine Gael,” arsa Áine Ní Chiaráin.

Chreid foinsí áirithe ar labhair Tuairisc.ie leo, áfach, gur mó an seans gur ar aire sóisearach a thitfeadh cúram na Gaeltachta arís, mar a tharla ó 2011 i leith.

Tagann an tráchtaire polaitíochta ón Irish Independent John Downing leis an tuairimíocht sin.

“Mura dtarlaíonn sé go mbeadh cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta nasctha le cúrsaí gnóthaí pobail agus tuaithe nó le roinn eile agus go rachadh an jab sin chuig leithéidí Thomas Byrne nó Dara Calleary, ní fheicim go mbeadh an toil sa chéad rialtas eile aire sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a cheapadh.

“Beidh roinnt athruithe ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh cúrsaí iompair á nascadh le cúrsaí tithíochta agus go mbeadh cúrsaí Gaeltachta nasctha le cúrsaí tuaithe, mar a bhíodh cheana.”

Sa chás sin, má thugtar ísliú céime don Aire Oideachais Joe McHugh, mar atá á thuar go forleathan, d’fhéadfadh gur aireacht shóisearach agus cúram na Gaeltachta, a bheadh mar dhuais an chaillteora aige. Tá dhá thréimhse tugtha cheana ag McHugh mar aire stáit Gaeltachta agus is cinnte gur sólás a bheadh ann dó a bheith i bhfeighil sparán na bhForbacha arís mar aire sóisearach i roinn tuaithe nó i roinn cultúir.

Murab é McHugh a cheapfaí ina aire sóisearach, d’fhéadfadh go mbeadh seans láidir ag Hildegarde Naughton, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael i nGaillimh Thiar, sin mura mbeadh post níos sinsearaí i ndán di. Buille eile a bheadh ann d’Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, más ardú céime agus buiséad na Gaeltachta atá i ndán dá chomhghleacaí sa dáilcheantar inar chaill sé a shuíochán mí Feabhra.

Tá Darragh O’Brien, Fianna Fáil, agus Marc Ó Cathasaigh, an Comhaontas Glas, i measc na dTeachtaí Dála eile a bhfuil Gaeilge acu agus atá á lua le post sa chomhrialtas.

Tá Áine Ní Chiaráin den tuairim gur aireacht shóisearach a bheidh i gceist arís don teanga.

“Seans go gcuirfear an Ghaeltacht agus an Ghaeilge isteach in éineacht le gnóthaí tuaithe agus dá bhrí sin go mbeidh cúraimí eile ar an aire sinsearach. Bheifeá ag súil mar sin go gcuirfí aire sóisearach a mbeadh Gaeilge ar a thoil aige i bhfeighil cheist na Gaeltachta agus na Gaeilge.

“Ach shamhlóinn mar gheall ar an mBreatimeacht nach mbeidh an oiread sin athruithe ann sna ranna mar go mbeidh siad ag iarraidh leanúnachas áirithe a bheith ann le linn na gcainteanna a bheidh ar siúl as seo go deireadh na bliana.”

Ar ndóigh, d’fhéadfadh an Taoiseach nua, Micheál Martin, cúram na Gaeltachta a aistriú go dtí Roinn an Taoisigh, mar a tharla cheana. Deir John Downing ón Irish Independent gur drochsheans go dtarlóidh a leithéid.

“Tá an fasach ann go bhféadfaí cúraimí na Gaeltachta a thabhairt isteach i Roinn an Taoisigh faoi chúram Mhichíl Martin. Sin a rinne Charlie Haughey i 1989. Sin rogha amháin.

“Tá Micheál Martin  dílis don Ghaeilge agus tá Gaeilge mhaith aige ach ní dóigh liom go dtógfadh sé cúraimí breise air féin. Tá dúshlán uafásach mór roimh Fhianna Fáil agus iad i mbun rialtais,” arsa John Downing.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé “fíorthábhachtach” go mbeadh “aire sinsearach agus aire láidir” ag plé le cás na teanga “go háirithe ó tharla nach bhfuil aon rud luaite sa chlár rialtais faoi mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Tá aire sinsearach láidir ag teastáil chun cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a throid. An tosaíocht atá againne ná go mbeidh aire sinsearach le Gaeilge líofa ann a thuigeann cás na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ní aire stáit.

“Tá go leor daoine a d’fhéadfadh tabhairt faoin ról sin a bhfuil taithí againn a bheith ag obair leo, ina measc Dara Calleary, Thomas Byrne, Joe McHugh agus Jim O’Callaghan,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cé a bheidh ina aire Gaeltachta má éiríonn leis an margadh rialtais?'

  • Bríd

    An Ghaeilge a chur isteach faoi scáth na Roinne Oideachais agus an droch bhail atá curtha cheana féin ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta ar an teanga i measc óige na Gaeltachta. Inseoidh an aimsir….