‘Dul chun cinn’ déanta sa phlé faoin nGaeilge i gcainteanna bunaithe rialtais

Is beag easaontas a bhí idir na páirtithe nuair a pléadh ar maidin sna cainteanna bunaithe rialtais cás na Gaeilge cé nár thángthas ar chomhréiteach faoi aire sinsearach a cheapadh don Ghaeltacht

‘Dul chun cinn’ déanta sa phlé faoin nGaeilge i gcainteanna bunaithe rialtais

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas sásta go ndearnadh dul chun cinn maith sa phlé a bhí acu faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sna cainteanna faoi bhunú rialtais a bhí ar siúl i dTeach Laighean ar maidin. 

Tuigtear nach raibh mórán d’easaontú idir na páirtithe ó thaobh chás na teanga de le linn an chruinnithe ar maidin. 

Tuigtear gur dhearbhaigh na trí pháirtí go mbeidís sásta tacaíocht bhreise a chur ar fáil do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach nár pléadh cé mhéad maoinithe a chuirfí ar fáil.

Pléadh ceisteanna a bhféadfaí teacht ar “comhréiteach” fúthu agus ní raibh aon chaint ar chor ar bith faoi chúrsaí maoinithe le linn an chruinnithe.

Tuigtear gur thacaigh gach páirtí leis an éileamh go neartófaí an bille teanga a foilsíodh anuraidh chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Pléadh chomh maith ar maidin an t-éileamh atá á dhéanamh le fada ag Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile go mbeadh aire sinsearach don Ghaeltacht sa Rialtas.

Tuigtear do Tuairisc.ie nár thángthas ar aon chomhréiteach idir na páirtithe faoin cheist sin.

Dhá pháirtí a bhí ar son aire sinsearach a cheapadh sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht don Ghaeltacht agus don Ghaeilge air agus páirtí amháin nach raibh. 

Tuigtear áfach nach raibh aon “easaontú láidir ann” faoi aon cheist. 

Maidir le ceist na hinfheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht agus buiséid eagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, tuigtear nach bhfuil sé i gceist aon phlé á dhéanamh faoi shonraí dá leithéid go dtí go ndéanfar tosaíochtaí na bpáirtithe uile a leagan síos agus a mheas i gcomhthéacs na paindéime Covid-19. 

Údar dóchais do lucht na teanga é go raibh ceist na Gaeilge á plé ag na páirtithe sna cainteanna inniu mar is beag tagairt a deineadh di go dtí seo sna cáipéisí a foilsíodh mar chuid den iarracht rialtas nua a bhunú.

Beifear ag súil chomh maith gur buntáiste é go bhfuil ról lárnach sna cainteanna ag leascheannaire agus urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, Dara Calleary, agus leascheannaire an Chomhaontais Glas, Catherine Martin, a bhfuil tacaíocht láidir léirithe aici sa Dáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do chearta teanga.

Meastar go mbeidh a láidre is a bheidh aon dréachtchlár rialtais ó thaobh na Gaeilge de ag brath go mór ar a láidre is bheidh an seasamh a thógfaidh Calleary agus Martin ar a son sna cainteanna.

Is cosúil go bhfuil amhras ann i gcónaí faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile má éiríonn leis na cainteanna atá ar siúl faoi láthair idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.

Ba iad Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís Aire Sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Tá nach mór deich mbliana caite  ó bhí aire sinsearach agus lánbhall den rialtas ann a raibh an phríomhfhreagracht air ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.  

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011. Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn’ déanta sa phlé faoin nGaeilge i gcainteanna bunaithe rialtais'