Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?

Tar éis fanacht fada tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 foilsithe inniu, ach cad atá ann agus an neartóidh sé cearta teanga phobal na Gaeilge agus Gaeltachta? Caitheann Tuairisc.ie súil ar an mbille…

Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?

Cad é cúlra an bhille seo agus cad chuige é?

Ag Oireachtas na Samhna 2011, d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an reachtaíocht a tugadh isteach chun dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Dúradh go raibh athbhreithniú le déanamh ar an acht le fáil amach an raibh gá le leasuithe a dhéanamh air, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh go leor moltaí ar mhaithe leis an acht a neartú.

In 2014 foilsíodh ceannteidil do bhille nua a dhéanfadh an t-acht a leasú ach is amhlaidh gur mheas an Coimisinéir Teanga agus eagrais teanga gur lagú seachas láidriú ar an acht a dhéanfadh na leasuithe a bhí molta.

Ba léir gur shocraigh comharba Dinny McGinely, an t-aire stáit agus foghlaimeoir Gaeilge aitheanta Joe McHugh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus caitheadh na ceannteidil i dtraipisí. D’fhág McHugh an phraiseach le hoidhreacht ag a chomharba Seán Kyne agus in 2017 foilsíodh ceannteidil nua. Cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a bhí i bhfad Éireann níos uaillmhianaí agus níos láidre ó thaobh cearta teanga ná ceannteidil 2014.


Cad a gealladh i gceannteidil an bhille?

De réir na gceannteideal ar ghlac an Rialtas leo i mBealtaine 2017 bheadh sé mar sprioc sa bhille nua go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus chinnteofaí gur trí Ghaeilge a dhéanfadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó.

Chuirfí deireadh chomh maith le córas na scéimeanna, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. Leagtar síos sna scéimeanna teanga na seirbhísí a bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí iad a chur ar fáil i nGaeilge.

Léirigh tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga an bhliain chéanna go raibh córas na scéimeanna in aimhréidh agus gur minic athruithe chun donais seachas athruithe chun feabhais a bheith á ndéanamh ag an gcóras sin ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí Gaeilge.

Moladh sna ceannteidil go dtabharfaí córas nua a bheadh bunaithe ar chaighdeáin isteach, is é sin go leagfaí síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. I measc na n-éileamh eile ar chearta teanga ar glacadh leo i gceannteidil an bhille agus a raibh súil leo sa reachtaíocht nua, bhí go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha agus seoltaí Gaeilge a úsáid i gceart. Bíonn míchruinneas agus siléig i leith ainmneacha daoine ar na cúiseanna is mó a ndéantar gearán leis an gCoimisinéir Teanga agus is minic, mar shampla, cás an tsíneadh fada agus an easpa measa a léirítear air i mbéal an phobail. Ar na héilimh eile ar glacadh leo sna ceannteidil bhí moladh ag Conradh na Gaeilge gur i nGaeilge amháin a bheadh ainm gach comhlacht poiblí nua feasta. Lena chois sin, dúradh sna ceannteidil go mbeadh dualgas ar gach comhlacht poiblí nua lógónna dátheangacha a bheith acu, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheadh aon fhoirm oifigiúil agus go mbeadh cead ag an gCoimisinéir Teanga fíneálacha a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an reachtaíocht.


Agus cad atá sa reachtaíocht nua?

Is cinnte gur mór idir na ceannteidil agus an bille féin a foilsíodh inniu. Maidir leis an mór-éileamh go dtabharfaí isteach córas earcaíochta nua sa státchóras, atá ina chóras aonteangach Béarla geall leis, deirtear sa reachtaíocht go mbunófar coiste comhairleach nua. Ceapfaidh an coiste sin plean náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge, arb é an mórchuspóir a bheidh leis go mbeadh Gaeilge ag 20% ar a laghad d’fhostaithe na státseirbhíse uair éigin amach anseo, nó ‘a luaithe is indéanta’. Níl aon mhioneolas sa reachtaíocht faoi aon chur chuige earcaíochta nua agus is cosúil go bhfágfar faoin gcoiste nua é plean a cheapadh maidir le córas nua.

Liostóidh an coiste cad iad, dar leo, na seirbhísí ba chóir a bheith ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil agus molfaidh siad straitéisí a d’fhéadfadh comhlachtaí poiblí a úsáid chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar. Cuirfidh an coiste comhairle ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir le líon, grád agus líofacht na mball foirne a theastódh uathu. Deirtear gurb é an cuspóir a bheidh ag an gcoiste ná cur le líon na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus go mbeidh “aird” go háirithe acu ar an nGaeltacht san obair sin.

Ó thaobh na scéimeanna teanga de, de réir an bhille beidh caighdeáin á gcur ina n-áit, ach níl eolas beacht ar bith tugtha faoi cad iad na dualgais reachtúla teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí faoin gcóras nua sin seachas liosta ginearálta rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. I gcás na Gaeltachta, mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith i gceist go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí a chur san áireamh aon tionchar a bheadh ag aon seirbhís nó polasaí dá gcuid ar an teanga. Luaitear chomh maith go bhféadfaí ‘amscála’ a thabhairt isteach faoina bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina “teanga oibre” in oifigí poiblí sa Ghaeltacht. Níl aon tagairt sa reachtaíocht nua faoi cathain atá sé i gceist na dréachtchaighdeáin nua a fhoilsiú, cé go ndeirtear go mbeidh trí mhí ag an bpobal agus ag comhlachtaí poiblí a dtuairimí fúthu a chur in iúl ach a bhfoilseofar iad.

Tá an doiléire sin faoi spriocanna agus an easpa dualgas soiléir ar mhórchomharthaí sóirt an bhille.


Cad nach bhfuil ann?

Ní deirtear go mbeidh stádas reachtúil ag an bplean náisiúnta, ní deirtear cén uair a fhoilseofar é ná cé air atá an fhreagracht as é a chur i bhfeidhm.

An easpa spriocama i dtaobh mhórchuspóir earcaíochta 20% an bhille is mó atá ag cothú cainte ó dheimhnigh Seán Kyne an tseachtain seo nach mbeadh a leithéid ann. Bhí tuairim mhaith ag daoine a bhí ag coimeád súil ar scéal fada ar an anró na reachtaíochta seo nach mbeadh a leithéid ann, ach tá go leor rudaí eile a rabhthas ag súil leo nach bhfuil tásc ná tuairisc orthu sa bhille nua. Cé gur tugadh le fios sna ceannteidil agus i ráitis éagsúla a rinne an tAire Stáit ó shin go mbeadh foráil láidir sa bhille a chinnteodh go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeilge, ní léir gur ann dá leithéid.

Níor tháinig roinnt de na héilimh eile ar glacadh leo sna ceannteidil slán ach an oiread. Níl dé ar bith, mar shampla, ar éileamh Chonradh na Gaeilge go mbeadh suí amháin den chúirt dúiche sa bhliain sa Ghaeltacht. Sampla maith is ea éileamh eile de chuid an Chonartha den uiscealú a rinneadh ar na ceannteidil, fiú i gcás moltaí a déarfá a bhí neamhurchóideach go maith. Glacadh sna ceannteidil le moladh Chonradh na Gaeilge go mbeadh dualgas ar aon chomhlacht poiblí nua ainm Gaeilge a bheith air. Faoin am gur cuireadh bailchríoch ar an mbille, ainm Gaeilge nó ainm i nGaeilge agus i mBéarla a bhí i gceist, an status quo, a bheag nó a mhór. Níl aon tagairt ach oiread sa bhille féin d’fhíneálacha ar chomhlachtaí a dhéanfadh faillí ina ndualgais teanga.


Cé a bheadh freagrach as an bplean 20%?

Ceann de na príomhlaigí atá ar an mbille nua ná nach bhfuil dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream maidir leis an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm. Nuair a bheadh an plean curtha i dtoll a chéile ag an gcoiste comhairleach nua, chuirfí faoi bhráid an rialtais é, leagfaí os comhair Thithe an Oireachtais é agus d’fhoilseofaí é. Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar aon duine é a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Fágann sin gur giorra do pholasaí seachas píosa reachtaíochta an plean náisiúnta. Go deimhin, an tuiscint chéanna a spreagann an bille go léir nach mór – seo polasaí ag cur gothaí an dlí air féin.


An mbeidh daoine sásta leis?

Is ar éigean é. Níl go leor dá raibh á éileamh ag an gCoimisinéir Teanga, ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí an fhreasúra sa bhille. Tá go leor den chur ar an méar fhada ag baint leis mar bhille chomh maith. Ní hamháin go bhfuil cic buailte ar an gceaintín síos an bóthar ach tá sé lascáilte chomh fada sin go bhfuil sé imithe as radharc ar fad. Tá ráite ag cách go bhfuil ceist na hearcaíochta ina “croícheist” fad is a bhaineann sé le feabhas a chur ar an bhfreastal a dhéanann an stát ar phobal na Gaeilge. Ach is mó sonraí beachta atá sa reachtaíocht faoi conas is féidir le comhlachtaí poiblí díolúine a fháil óna gcuid dualgas ná mar atá inti faoi na dualgais féin ná faoi conas a chinnteofar go gcuirfear i bhfeidhm iad. Tá an méid sin fíor i gcás chóras nua na gcaighdeán agus i gcás na míre faoi ainmneacha agus sloinnte Gaeilge. Ní údar misnigh ach oiread an leagan amach a bheadh ar an gcoiste comhairleach. Chomh maith le hionadaí ó Roinn na Gaeltachta, ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ionadaí ón gCoimisiún Um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, beidh seachtar ionadaithe ar an gcoiste ag comhlachtaí poiblí. Ionadaí amháin ón nGaeltacht a bheidh air. Mar sin is iad an dream ba chúis le teip pholasaí an stáit i leith earcaíocht daoine le Gaeilge agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge a bheidh sa treis ar an gcoiste atá i mbun an phlean leis an scéal a leigheas. Duine amháin ón bpobal atá d’uireasa na seirbhísí sin a bheidh ann chun comhairle a chur ar fáil faoin bplean nua náisiúnta.


An bhfuil aon rud fiúntach ann?

Tá, cúpla rud. Bheadh dualgas ar chomhlachtaí nua lógónna i nGaeilge nó lógónna dátheangacha a bheith acu feasta faoin reachtaíocht nua. Chomh maith leis sin bheadh dualgais nua ann maidir le foirmeacha a chur ar fáil i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Go teoiriciúil, d’fhéadfadh an bille cur go mór le líon na ndaoine sa státchóras atá ábalta seirbhís a thabhairt don phobal trí Ghaeilge, ach fágann an easpa dualgas reachtúil soiléir agus an doiléire faoi cé a bheidh freagrach as an gcur i bhfeidhm gur duine saonta nó claonta amháin a chreidfeadh go dtarlóidh sin. Is é fírinne an scéil ná nach bhfuil againn dáiríre ag an tráth seo ach coiste nua agus plean eile.

Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOIleáin Seán Kyne

Cad a tharla don uaillmhian?

Bhíothas an-sásta le ceannteidil an bhille in 2017 ach is léir gur éirigh le roinn eile nó ranna eile srian a chur le huaillmhian Aire Stáit agus oifigigh Roinn na Gaeltachta le linn an sall agus anall faoin mbille. Más amhlaidh a tharla, ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá freagrach as polasaí earcaíochta an stáit, a dhíreodh mórán an mhéar.

Chomh maith leis sin, thug Seán Kyne le fios an tseachtain seo gur le saothar a cuireadh ina luí ar chuid dá chomhghleacaithe a mbeannacht a thabhairt don bhille. An rud is annamh is iontach, is cosúil go raibh plé fada bríomhar faoi chás na Gaeilge ag cruinniú rialtais na Máirt seo. Dúirt Seán Kyne go raibh roinnt airí i gcoinne an bhille. Níor ainmnigh agus níor dhamnaigh sé aon duine ach níl aon easpa daoine a bhféadfaí amhras a chaitheamh orthu. Pé rud a tharla, fágadh sinn le bille doiléir casta lán aidhmeanna éiginnte agus friotal seachantach.


Cad a tharlóidh anois?

Is cinnte go mbeidh leasuithe á moladh ar an mbille. Tá ráite ag polaiteoirí an fhreasúra cheana go mbeifear ag iarraidh spriocam a chur leis an gcuspóir 20% agus is dócha chomh maith go mbeifear ag iarraidh dualgas reachtúil a leagan ar dhuine nó dream éigin as cur i bhfeidhm an phlean. Níl aon amhras ach go mbeifear ag iarraidh gné na Gaeltachta den bhille a neartú agus tuilleadh freagrachta a leagan ar chomhlachtaí poiblí i dtaobh cheist na n-ainmneacha Gaeilge. Tá leasú chun spriocam a chur leis an gcuspóir 20% curtha as an áireamh cheana ag Seán Kyne agus is deacair a shamhlú nach mbeidh coimhlint idir an rialtas agus an freasúra faoi leasuithe eile, go háirithe más ar éigean a ghlac roinnt airí lena bhfuil anseo. Mar sin caolseans go rachaidh an bille trí Thithe an Oireachtais roimh an olltoghchán atá geallta don bhliain seo chugainn. Cá bhfios ina dhiaidh sin? Tosú ó bhonn arís, is dócha.

Fág freagra ar 'Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?'