‘Tá sé tábhachtach go mbeadh aire sinsearach Gaeltachta sa chéad rialtas eile chun an cath a throid’ – Iar-aire stáit Gaeltachta

Deir Dinny McGinley, iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael go mbeadh sé ina chabhair aige féin dá mbeadh aireacht shinsearach aige nuair a bhí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air

‘Tá sé tábhachtach go mbeadh aire sinsearach Gaeltachta sa chéad rialtas eile chun an cath a throid’ – Iar-aire stáit Gaeltachta

Dinny McGinley, iar-aire Gaeltachta. Pictiúr: Mark Stedman / Photocall Ireland

Tá ráite ag iar-aire Gaeltachta de chuid Fhine Gael go mbeadh sé ina chúnamh mór do chás na Gaeilge dá gceapfaí sa chéad rialtas eile aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Deir Dinny McGinley, iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael, go mbeadh sé ina chabhair aige féin dá mbeadh aireacht shinsearach aige nuair a bhí sé ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh aire sinsearach ag an nGaeltacht ó bhí Pat Carey i bhfeighil Roinn na Gaeltachta nach mór deich mbliana ó shin. Dinny McGinley féin a tháinig i gcomharbacht ar Pat Carey in 2011 agus aireacht shóisearach a bhí ag an nGaeltacht ó shin i leith.

“Sílim gur buntáiste a bheadh ann dá mbeadh aire istigh [sa chomh-aireacht] a mbeadh cúraimí Gaeltachta air fá choinne an cath a throid. Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach,” a deir McGinley, a bhí ina aire stáit Gaeltachta idir 2011-2014.

Ó shin i leith, cheap Fine Gael beirt airí sóisearacha eile chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Joe McHugh agus Seán Kyne.

“Nuair a bhí mise ann, bhí Jimmy Deenihan ina Aire Sinsearach agus bhí sé an-chuidiúil ach, mar sin féin, is buntáiste é duine a bheith istigh ann a bhfuil cúraimí ar leith acu don Ghaeltacht,” arsa McGinley.

“Bhí cúraimí go leor [ar Deenihan] agus fágadh an Ghaeltacht fúmsa. Rud breá a bhí ansin ach bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh mise istigh sa Rialtas lá i ndiaidh lae.”

Deir McGinley, a bhí ina Theachta Dála do Dhún na nGall Thiar Theas idir 1982 agus 2016, go bhféadfaí freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta a thabhairt don aire sinsearach chomh maith le freagrachtaí eile.

“Tá an oiread sin Ranna a d’fhéadfadh a bheith ann anois agus níl ann ach cúigear déag airí,” a deir sé.

“D’fhéadfadh an tAire Gaeltachta agus Mara a bheith agat, nó an tAire Gaeltachta agus Cosanta,” a deir McGinley. “Fad agus go mbeadh siad istigh ansin [sa chomh-aireacht] agus go mbeadh siad ag déileáil lá i ndiaidh lae le cúrsaí Gaeltachta agus nach mbeadh sé fágtha faoi dhuine ar bith eile.”

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011.

D’fhoilsigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas dréachtchlár rialtais nua an tseachtain seo ach tá amhras ann i gcónaí faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile.

Tuairiscíodh le linn na gcainteanna bunaithe rialtais gur dhá pháirtí, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas, a bhí ar son aire sinsearach a cheapadh sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht don Ghaeltacht agus don Ghaeilge air agus gur páirtí amháin, Fine Gael, a bhí i gcoinne a leithéid de gheallúint.

Ba iad Sinn Féin an t-aon pháirtí a gheall ina bhforógra toghcháin go gceapfaidís Aire Sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Dúirt urlabhraí de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie le déanaí go dtacaíonn an páirtí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, mar a bhfuil aire sinsearach don Ghaeltacht luaite.

Ach ní raibh an t-urlabhraí sásta aon gheallúint a thabhairt go n-éileodh Fianna Fáil a leithéid sa chás go mbeadh comhrialtas á bhunú acu.

Fág freagra ar '‘Tá sé tábhachtach go mbeadh aire sinsearach Gaeltachta sa chéad rialtas eile chun an cath a throid’ – Iar-aire stáit Gaeltachta'