Gealltanas ar bith ó Fhianna Fáil go dtabharfaí aireacht shinsearach don Ghaeltacht

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011

Gealltanas ar bith ó Fhianna Fáil go dtabharfaí aireacht shinsearach don Ghaeltacht

Dara Calleary agus Micheál Martin. Pictiúr: Rollingnews.ie

Níl Fianna Fáil sásta geallúint a thabhairt go gceapfar aire sinsearach sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh imní anois ar lucht na teanga go bhfuil buille maraithe na muice buailte ar an nós go mbíodh aire sinsearach le Gaeilge i bhfeighil cúrsaí Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ag bord an rialtais le nach mór deich mbliana anuas, ach bhí dóchas ag lucht feachtais go ngeallfadh Fianna Fáil a leithéid, rud a rinne siad roimh an olltoghchán deireanach.

Deir Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile gur mhíbhuntáiste mór don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nach raibh aire sinsearach ag plé leo ó 2011.

Tá a leithéid ráite go minic chomh maith ag iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus polaiteoirí eile de chuid Fhianna Fáil.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur cuireadh an moladh maidir le haire sinsearach Gaeltachta faoi bhráid lucht cheannais Fhianna Fáil ach gur socraíodh gan é a chur san áireamh ina bhforógra Éire do Chách mar a bhfuil go leor geallúintí eile i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cé gur gheall Fianna Fáil aireacht shinsearach don Ghaeltacht go soiléir ina bhforógra toghcháin in 2016, dúirt urlabhraí ón bpáirtí go mbeadh sé “unprecedented” a leithéid de gheallúint a thabhairt anois.

“Bheadh sé go hiomlán gan fasach ag aon pháirtí an chomhaireacht a d’fhéadfadh a bheith ann a ainmniú roimh thoghchán.

“Is ar an bhfeachtasaíocht olltoghcháin ar mhaithe le bheith i gceannas ar an gcéad rialtas atá béim againne. Má táimid i gceannas ar an gcéad rialtas eile tá geallúint tugtha ag Fianna Fáil go neartófar Acht na dTeangacha Oifigiúla, go gcuirfear le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, polasaí nua don triú leibhéal san áireamh, agus go ndéanfar €24.2 milliún a infheistiú i dtograí Gaeilge agus agus cultúir.”

Tá aire sinsearach sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ar cheann de phríomhéilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge ar na páirtithe agus na hiarrthóirí go léir.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nach raibh “aon amhras” ach go raibh “tábhacht ar leith” leis an éileamh go mbeadh aire sinsearach sa chéad rialtas eile a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh a leithéid d’aire ann ó bhí Pat Carey ina aire Gaeltachta ag Fianna Fáil roimh thoghchán 2011. Ó shin i leith, cheap Fine Gael triúr airí sóisearacha chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Dinny McGinley, Joe McHugh agus Seán Kyne.

Bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.

De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge in 2017 dúirt 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air nó uirthi.

Níl aire sinsearach don Ghaeltacht geallta ach oiread ag Fine Gael a leag cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar airí stáit le naoi mbliana anuas.

Fág freagra ar 'Gealltanas ar bith ó Fhianna Fáil go dtabharfaí aireacht shinsearach don Ghaeltacht'

  • Fear Feargach

    Ón méid a chonaic mé aréir den ndíospóireacht aréir is cosúil ná raibh meas dá laghad ag an láithreoir, Claire Byrne, ar an nGaeilge agus ní labhair sí focal den dteanga fadsa a bhí mise ag breathnú uirthi. Chuireas amach an tv le fearg tar éis uair a’ chloigh den ndíospóireacht mar gheall ar seo. Sílim go gceapann Claire Byrne gurb í féin a rug í féin agus nach bhfuil aon teanga eile sa tír seo ach Béarla.