‘Cuirfidh mé na botúin ina gceart’ – Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain

Is é an t-iar-sheansailéir an tríú príomh-aire de chuid na dTóraithe laistigh de dhá mhí agus an cúigiú ceann le sé bliana anuas

‘Cuirfidh mé na botúin ina gceart’ – Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain

Tá Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain.

Bhuail Sunak i bPálás Buckingham ar maidin le Rí Séarlas na Breataine a d’iarr ar cheannaire nua na dTóraithe rialtas a bhunú.

Is é an t-iarsheansailéir an tríú príomh-aire de chuid na dTóraithe laistigh de dhá mhí agus an cúigiú ceann le sé bliana anuas, léiriú ar a shuaite is atá saol na polaitíochta na Breataine ó reifreann an Bhreatimeachta.

Tagann Rishi Sunak i gcomharbacht ar an iarphríomh-aire, Liz Truss nár chaith ach 45 lá sa gcúram sular éirigh sí as.

Ina chéad óráid mar phríomh-aire dúirt Sunak gur “aidhm uasal” a bhí ag Truss cur leis an bhfás eacnamaíochta ach go ndearna sí botúin.

Dúirt sé gur ceapadh é ina Phríomh-Aire chun na botúin sin a chur ina gceart.

Deir Sunak gur ceannaire ionraic a bheidh ann a thuillfeadh muinín an phobail. Dúirt sé nach raibh aon dabht ann ach go raibh dúshláin mhóra eacnamaíochta le sárú ag an tír agus gur seasmhacht agus cur le chéile a theastaigh.

Ina hóráid dheireanach ar maidin sheas Truss leis an bplean eacnamaíochta a chuir an geilleagar trína chéile.

I ndiaidh a tréimhse mar Phríomh-Aire, chreid sí “níos mó ná riamh”, a dúirt sí, gur gníomh “dána” a theastaíonn chun dul i ngleic le fadhbanna na Breataine.

Cuirfidh Sunak tús lena thréimhse ceannaireachta tráth a bhfuil an saol in Westminster sách corrach agus cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta ina gcíor thuathail.

Cor iontach i scéal Sunak é a cheapachán mar cheannaire a thíre ceithre mhí ó d’éirigh sé as Rialtas Boris Johnson agus seacht seachtaine ó tháinig sé sa dara háit taobh thiar de Liz Truss i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe.

Beidh Sunak, atá 42 bliain d’aois, ar an gcéad Bhriotanach-Áiseach le bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain agus is é an duine is óige sa phost é le beagnach dhá chéad bliain.

Comhoibriú Sunak á lorg sa Tuaisceart, achainí á déanamh ar an DUP a bport a athrú

Is é freisin an chéad cheannaire Hiondúch agus a cheannaireacht fógartha inné ar lá féile mhór na Hiondúch, Díbheálaí nó Féile an tSolais.

Beidh liosta fada dúshlán roimhe, ag áireamh fadhbanna móra eacnamaíochta, géarchéim costas maireachtála, suaitheadh tionsclaíoch agus páirtí atá ina chíor thuathail.

In óráid a thug sé d’fheisirí a pháirtí aréir, dúirt Sunak go bhféadfadh gurb é an bás a bheadh i ndán do na Tóraithe mura dtiocfaidís le chéile.

Bhí Sunak ina cheannasaí ar an Státchiste i rialtas Boris Johnson ach d’éirigh sé as mar agóid in aghaidh ceannaireacht Johnson, cinneadh a raibh cáineadh go leor á dhéanamh air ina bpáirtí féin ag an am. Sa bhfeachtas deiridh seo chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.

D’áitigh sé gurb é an chéad rud a bhí le déanamh ná an boilsciú a chur faoi smacht agus nach raibh sna geallúintí a bhí ag Truss agus iarrthóirí eile go laghdóidís cánacha ar an toirt ach “finscéalta”.

Chruthaigh an chaoi ar thit an tóin as sterling chomh luath agus a thug Truss agus Kwasi Kwarteng isteach an mionbhuiséad inar gearradh cánacha gan aon mhaoiniú do na ciorruithe sin a bheith á lua, go raibh an ceart ag Sunak. Chruthaigh polasaithe Truss cíor thuathail láithreach sna margaí an mhí seo caite.

Ar a thoghadh ina Phríomh-Aire mí Iúil 2019, cheap Boris Johnson Rishi Sunak ina Ardrúnaí ar an Státchiste. Mí Feabhra 2020 ceapadh ina Sheansailéir é agus ba é a bhí ar an stiúir sa lag trá eacnamaíochta a spreag paindéim an choróinvíris.

Caomhach den seandéanamh é Sunak, cáin íseal agus an státchóras agus a fhreagrachtaí a choinneáil beag, ach b’éigean an port sin a leasú le linn na paindéime agus na billiúin punt a chur ar fáil ón státchiste le teacht i gcabhair ar ghnóthaí agus oibrithe a bhí buailte go dona ag Covid-19.

Cáineadh go géar é le bliain agus é á chur ina leith gur támáilte go maith a bhí sé ag déileáil leis an ngéarchéim costas maireachtála sa mBreatain. Níor chuidigh sé lena cháil ach an oiread nuair a chuir na póilíní fíneáil air mar gur fhreastail sé ar chóisir i Sráid Downing Meitheamh 2020, tráth a raibh an dianghlasáil curtha i bhfeidhm ag an rialtas.

Cáineadh freisin é nuair a tháinig sé chun solais gur sheachain a bhean, Akshata Murthy, cáin a íoc ar an ioncam a shaothraigh sí thar lear.

Chuir Sunak colg ar go leor sa bPáirtí Caomhach níos túisce i mbliana nuair a d’éirigh sé as a phost, cúl le cine dar leosan. Lean plód feisirí eile a shampla, rud nár fhág aon rogha ag Boris Johnson ach géilleadh do na héilimh ar fad go n-éireodh sé as a phost.

I 1980 a rugadh Sunak in Southampton. De shliocht Puinseábach a thuismitheoirí. Dochtúir teaghlaigh ab ea a athair agus bhí cógaslann ag a mháthair, gnó a thug cleachtadh don mhac ar an leabharchoimeád ina óige.

Chuaigh sé ar scoil phríobháideach, Winchester College, áit a raibh sé ina phríomhcheannaire. Fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht an chéim a fuair sé in Ollscoil Oxford agus chuaigh sé ansin go hOllscoil Stanford in California mar ar bhain sé céim MBA amach. Is i Stanford freisin a bhuail sé lena bhean chéile, Akshata Murty, iníon le Narayana Murthy, an séú duine is saibhre san India.

Rinne Sunak go maith i gcúrsaí airgeadais, chaith sé le tamall le Goldman Sachs agus tamall ina bhainisteoir ar chistí fálaithe. Bhí a shaibhreas déanta aige agus gan é ach sna luath-thríochaidí nuair a shocraigh sé tabhairt faoi chúrsaí polaitíochta.

In 2014 roghnaíodh é mar iarrthóir do shuíochán Caomhach an-sábháilte i Richmond i Yorkshire Thuaidh agus toghadh é sa suíochán sin in 2015, in ionad William Hague, iarcheannaire ar an bpáirtí Caomhach.

Vótáil Rishi Sunak ar son an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016, ach ar dtús ní raibh ar son bhille an Phrótacail chonspóidigh do Thuaisceart Éireann – an reachtaíocht a ceapadh le fáil réidh le cuid mhór den chéad socrú.

Fág freagra ar '‘Cuirfidh mé na botúin ina gceart’ – Rishi Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain'