Comhoibriú Sunak á lorg sa Tuaisceart, achainí á déanamh ar an DUP a bport a athrú

D’fhéadfadh go gcinnfeadh Rishi Sunak, atá le ceapadh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain inniu, síneadh ama a thabhairt do pháirtithe an Tuaiscirt chun toghchán a sheachaint

Comhoibriú Sunak á lorg sa Tuaisceart, achainí á déanamh ar an DUP a bport a athrú

Agus Príomh-Aire nua le ceapadh ar an mBreatain inniu, tá rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine ag achainí ar an DUP filleadh ar Stormont chun toghchán a sheachaint.

Dúirt an t-aire in Oifig Thuaisceart Éireann, Steve Baker, gur cheart don DUP, a bhfuil baghcat á dhéanamh acu ar Stormont mar gheall ar phrótacal an Tuaiscirt, athrú intinne a dhéanamh maidir le filleadh ar an bhfeidhmeannas.

Dúirt Baker gur cur amú airgid a bheadh ann toghchán eile a reáchtáil, airgead a bhí ag teastáil níos géire le haghaidh rudaí eile.

Tá caint ann go gceapfaidh Rishi Sunak, an príomh-aire nua, Baker ina Státrúnaí sa Tuaisceart mar chúiteamh as a chuid tacaíochta i rás ceannaireachta na dTóraithe.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh cinneadh an DUP gan páirt a ghlacadh i bhfeidhmeannas Stormont “in aghaidh an daonlathais” agus go raibh an baol ann go mbainfeadh sé an bonn de mhuinín an phobail sa pholaitíocht.

Rinne an Taoiseach comhghairdeachas le Rishi Sunak agus dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag obair leis ar cheisteanna tábhachtacha.

Rishi Sunak a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain agus rás na dTóraithe buaite aige

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú le Sunak agus go mbeadh ceist an Tuaiscirt agus an phrótacail ar bharr chlár oibre Rialtas na hÉireann.

Dé hAoine seo chugainn, an 28 Deireadh Fómhair, an sprioc d’athbhunú an fheidhmeannais.

Dá gcinnfeadh Rishi Sunak síneadh ama a thabhairt do pháirtithe an Tuaiscirt chun toghchán a sheachaint, chaithfí reachtaíocht nua a thabhairt isteach roimhe sin.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach mbeadh aon réiteach ar cheist an phrótacail faoi dheireadh na seachtaine agus go gcaithfeadh an dá rialtas “iarracht a dhéanamh obair leis an DUP” féachaint an bhféadfaí feidhmeannas a bhunú agus “toghchán gan chúis” a sheachaint.

Chuir polaiteoirí thuaidh agus theas fáilte roimh thoradh pras rás ceannaireachta na dTóraithe.

Ní raibh aon athrú poirt ag an DUP agus dúirt a gceannaire Jeffrey Donaldson go gcaithfeadh Sunak déileáil le ceist an phrótacail “chun áit Thuaisceart Éireann taobh istigh den Ríocht Aontaithe a athbhunú”.

Mhaígh Donaldson go raibh gach gné de rialú an Tuaiscirt “á dtruailliú” ag an bprótacal.

Má bhí feidhmeannas in Stormont ag teastáil ó Sunak, chaithfeadh sé déileáil leis an gceist “faoi dheireadh agus faoi dheoidh”, arsa Donaldson.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Alliance Naomi Long go gcaithfeadh Sunak leasú a dhéanamh ar struchtúr institiúidí an Tuaiscirt chun deireadh a chur le ‘polaitíocht na héirice’.

“Caithfidh Rishi Sunak a thuiscint fiú más féidir teacht ar réiteach leis an AE faoin bprótacal, beidh an mhíshocracht go smior inár n-institiúidí i gcónaí.

“Níl sa phrótacal ach an t-údar casaoide is déanaí ar an liosta fada gearán ba chúis le titim Stormont.”

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood gur “mugadh magadh” a bhí i gceapachán Sunak agus gur scrios na daoine a chuaigh roimhe sa phost an geilleagar agus muinín an phobail sa pholaitíocht agus sa tseirbhís phoiblí. Níor cheart go mbeadh dhá bhliain eile acu chun iarracht a dhéanamh “an prácás a rinne siad a ghlanadh suas”, arsa Eastwood.

Dúirt ceannaire an UUP Doug Beattie go gcaithfeadh Sunak díriú ar cheist an phrótacail agus ar athbhunú an fheidhmeannais.

Vótáil Rishi Sunak ar son an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016, ach ar dtús ní raibh ar son bhille an Phrótacail chonspóidigh do Thuaisceart Éireann – an reachtaíocht a ceapadh le fáil réidh le cuid mhór den chéad socrú.

Beidh Sunak, atá 42 bliain d’aois, ar an gcéad Bhriotanach-Áiseach le bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain agus is é an duine is óige sa phost é le breis is céad bliain.

Is iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta deireanach na dTóraithe in aghaidh Liz Truss seacht seachtaine ó shin.

Beidh liosta fada dúshlán roimhe, ag áireamh fadhbanna móra eacnamaíochta, géarchéim costas maireachtála, suaitheadh tionsclaíoch agus páirtí atá ina chíor thuathail.

Fág freagra ar 'Comhoibriú Sunak á lorg sa Tuaisceart, achainí á déanamh ar an DUP a bport a athrú'