Tá cad é fothragadh ag baint le pá Ryan Tubridy le breis agus seachtain agus tá an chuma ar an scéal nach dtiocfaidh aon sámhnas ar an gconspóid go ceann tamall eile.
Is fada ó bhí Domhnach Broc chomh suaite agus sé is dóichí ná a mhalairt nach gcífear Tubridy i Monadh Rois arís. Sé an castróvaics a bhain leis an gconair phá is mó atá ag dó na geirbe ag daoine seachas méid an phá.
Cé nár deineadh na híocaíochtaí seo faoin mbord mar a déarfá, deineadh iad faoin éadach boird. Sé sin ní raibh siad mídhleathach ach ní luíonn siad le dea-chleachtais ná trédhearcachta.
Tá an tseachtain caite ag RTÉ ag déanamh marana air féin, á chosaint féin agus á cháineadh féin.
B’ait an feic é i rith na seachtaine piardaí móra RTÉ ag teacht amach agus ag fógairt cén pá a bhí acu féin. Bhí rud éigin osréalaíoch faoin rud ar fad. Ní fios cén chríoch a bheidh ar cúrsaí.
An rud a chuireann pip orm féin le tamall ná méid na n-íocaíochtaí le “réalta” an stáisiúin. An chéad rud ná ní ghlacaim leis an gcur síos sin. Is réalt é Roy Keane, Bono nó Colin Farrell. Táimid ag caint faoi chraoltóirí a bhfuil aithne mhaith orthu in Éirinn mar gheall ar an stádas agus an t-ardán atá bronnta ag an gcraoltóir seirbhísí poiblí orthu.
Is dóigh liom go n-imríonn an áibhéil sin tionchar ar an neamh-mheabhair a bhíonn ar RTÉ nuair a thagann sé chuig pá “na tallainne”.
Iad in amhras gur beag duine ar fad atá in ann ag an gcúram. Níl a fhios agam ar thosaigh sé le Gay Byrne nó le Gerry Ryan ina dhiaidh sin ach tá cairéal airgid á thuilleamh ag “an tallann” in RTÉ agus a gcomhlachtaí féin ag formhór acu ar chúinsí cánach.
Ag fágaint faoistiní na seachtaine seo as an áireamh, seo a leanas na piardaí móra pá bunaithe ar fhigiúirí a scaoil RTÉ in 2021 – Ryan Tubridy (€440,000), Joe Duffy (€351,000), Claire Byrne (€350,000), Ray D’Arcy (€305,000), Miriam O’Callaghan (€263,500), Brendan O’Connor (€245,004), Bryan Dobson (€209, 282), Mary Wilson (€196, 961), Darragh Maloney (€183, 738), George Lee (€179,131). Ní fhéadfadh éinne a mhaíomh nach bhfuil pinginí móra i gceist ansin, go mórmhór do chraoltóir seirbhíse poiblí.
An chosaint a dhéantar air seo go minic ná gur fiú an t-airgead a íoc leis na “réalta” seo mar go meallann isteach go leor lucht féachana agus pinginí fógraíochta dá réir. Dearcadh L’Oréal más maith leat. “Because I’m worth it,” a deirtí sna fógraí cáiliúla anallód.
Tá rud éigin maslach agus simplíoch faoi seo.
Ar an gcéad dul síos tá go leor daoine ag obair ar chláir na gcraoltóirí seo, ó rúnaithe go taighdeoirí, léiritheoirí agus lucht teicniúil. Tá neamhní á dhéanamh dá saothar siúd. Lena chois sin táid ar an bpríomhstáisiún teilifíse agus raidió sa tír. Tá ardán faoi leith ag baint leis mar tuigeann madraí an bhaile go bhfuil daoine agus teaghlaigh áirithe a léiríonn an-dílseacht do RTÉ.
Cuir na “réalta” ar raidió pobail Ladhar an Chrompáin ag a dó a chlog ar maidin is gan aon fhoireann acu agus címid ansin cén rath a bheidh orthu. Lena chois sin ní chímid iomaitheoirí RTÉ ag póitseáil an oiread sin de chraoltóirí RTÉ. Tá deich mbliana ann ó d’imigh Pat Kenny. Go deimhin bhí cuma na maitheasa ar fhigiúirí éisteachta a chláir nuair a tháinig Sean O’Rourke agus Claire Byrne i gcomharbacht air.
Tá pobal féachana RTÉ an-bheag i dtéarmaí idirnáisiúnta agus tá an margadh saothair is fógraíochta a théann leis teoranta, dá réir. Dá ndéanfaí ciorruithe suntasacha an mbeadh BBC, Channel4, Newstalk agus Today FM ag póitseáil gach duine den dream thuas? Ní dóigh liom é. B’fhéidir go gcuirfeadh cíor thuathail na seachtaine seo deireadh leis an neamh-mheabhair in RTÉ faoi phá na “réalta”.
jpmorley0@gmail.com
Cuireann cuid mhaith de na ‘déithe seo dar leo féin’ leabhar nó dhó ar fáil freisin d’fhonn éalú ó cháin. Cleas eile nach bhfuil mar bhun leis ach an tsainnt. Ní hiad féin a scríobhann ach oiread ach ‘an fear eile isteach’. Nó ní h-ann a mheasann siad go mbeadh fonn ar aon duine atá ina mheabhair cheart tuilleadh bladaireachta is bladhmainn uathu a léamh? Tuilleadh gligínteachta is breallaireachta ó amplóirí do-shásta, mór-is-fiú? Fán fada orthu gan filleadh gan feacadh.
Pádraic
Sách ráite agat, a Bhreandáin!
A N G
Ladhar an Chrompáin?
https://www.logainm.ie/en/1412535