Cruinniú sa Dáil faoin reachtaíocht Ghaeilge curtha ar ceal

Ní bheidh fáil ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers toisc go bhfuil cruinniú rialtais ar siúl

Cruinniú sa Dáil faoin reachtaíocht Ghaeilge curtha ar ceal

Tá an cruinniú is déanaí a bhí le bheith Coiste Oireachtais na Gaeilge sa Dáil chun an Bille Teanga a phlé curtha ar ceal.

Bhí an seachtú seisiún dhá uair an chloig ag plé an Bhille Teanga nua le bheith ag an gCoiste sa Dáil inniu ach cuireadh ar ceal é toisc nach mbeidh fáil ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Leanfar leis an bplé an tseachtain seo chugainn.  Ní bheidh an tAire ar fáil inniu de thoradh athrú a bheith ar ghnáth-am chruinniú Máirt an Rialtais.

Ní raibh aon rogha ach an cruinniú a chur ar ceal toisc go mbeidh an tAire Stáit gafa ag an gcruinniú Rialtais atá ag tosú ag 1.30pm. 

Tá na leasuithe atá molta ar an dréachtreachtaíocht teanga á bplé ag céim an Choiste den bhille ó dheireadh na míosa seo caite.

308 leasú atá molta ar an mBille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus cur le cearta teanga an phobail.

Ach níl pléite go dtí seo ach 78 de na leasuithe sin, 32 díobh a bhí dícheadaithe.

Chinn Oifig na mBillí go raibh 93 den 308 leasú as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú nó toisc gur síleadh nár bhain siad le forálacha an Bhille.

Tá ceist curtha ag baill an choiste ar an gCeann Comhairle faoi líon na leasuithe a dícheadaíodh, ach idir an dá linn níl glactha go fóill ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann de na leasuithe a ceadaíodh.

Tá ráite ag an Aire Stáit áfach go bhfillfidh sé ar 15 leasú lena mholtaí féin ag an gcéad chéim eile den Bhille nó go dtabharfar aghaidh orthu sna caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

Deirtear i mbille nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí. 

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Cuireadh fáilte roimh gheallúintí a rinne Aire Stáit na Gaeltachta ag seisiún na seachtaine seo caite maidir le cearta teanga an phobail a neartú i reachtaíocht nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil an tseachtain seo caite go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine.

Fág freagra ar 'Cruinniú sa Dáil faoin reachtaíocht Ghaeilge curtha ar ceal'