Gealltanas tugtha ag Chambers faoi dhualgas a chur ar an Stát fógraí a dhéanamh i nGaeilge 

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus de chuid an Rialtais fáilte tráthnóna roimh ghealltanais a rinne Aire Stáit na Gaeltachta faoi chearta teanga

Gealltanas tugtha ag Chambers faoi dhualgas a chur ar an Stát fógraí a dhéanamh i nGaeilge 

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfidh sé leasú reachtaíochta chun cinn a leagfadh dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Gheall an tAire Stáit Jack Chambers an méid sin sa Dáil tráthnóna, mar a raibh a séú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé.

Gheall an tAire Stáit chomh maith go molfadh sé leasú a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus de chuid an Rialtais fáilte roimh gheallúintí an Aire.

Cé go dtugtar cead san Acht Teanga don Aire Gaeltachta rialacháin a dhéanamh faoi chúrsaí fógraíochta níor thapaigh aon Aire an deis sin ó foilsíodh an tAcht breis is 17 bliain ó shin.

Ó tharla nach ndearna aon Aire rialacháin, níl aon dualgas ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Níor cheadaigh Oifig na mBillí leasú traspháirtí a d’fhágfadh go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% d’fhógraíocht an Stáit a dhéanamh i nGaeilge, ach rialaigh Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, go raibh an leasú in ord.

Ba iad na Teachtaí Dála a chuir na leasuithe chun cinn i dtaobh na fógraíochta ná Aengus Ó Snodaigh, Pa Ó Dálaigh agus Mairéad Farrell (SF), Dara Calleary, Éamon Ó Cuív agus Aindrias Moynihan (FF), Joe McHugh, Fergus O’Dowd (FG) agus Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Bríd Smith (PrB).

Tharraing na Teachtaí Dála siar a n-éileamh nuair a gheall an tAire Stáit Chambers go rachadh sé i gcomhairle leo agus leis an dréachtóir parlaiminte chun teacht ar fhoclaíocht eile do leasú nua faoi chúrsaí fógraíochta. 

Chuirfeadh sé féin an leasú sin chun cinn ag an gcéad chéim eile den bhille, céim na Tuarascála, a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé gur ceist “an-tábhachtach” i ceist na fógraíochta stáit “ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de”.

Gheall an tAire Stáit chomh maith go gcuirfeadh sé leasú eile chun cinn ag céim na tuarascála den bhille a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge. 

Tá ceist na fógraíochta i mbéal an phobail ó thosach na paindéime agus feachtas eolais aonteangach geall leis á reáchtáil ag an Stát faoin Covid-19.

Dréachtaíodh rialacháin faoi chúrsaí fógraíochta le linn d’Éamon Ó Cuív a bheith ina aire Gaeltachta breis is deich mbliana ó shin, agus d’iarr sé ar an Aire Stáit tráthnóna cóip de na rialacháin sin a chur ar fáil do Theachtaí Dála.

Dúirt Ó Cuív go raibh ceist ann le linn dó féin a bheith ina Aire faoi cé acu ar cheart nó nár cheart dualgas a bheith ann méid áirithe fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Dúirt sé go raibh sé sásta go raibh an chuma ar an scéal anois gur aontaigh daoine gur chóir a leithéid de dhualgas a leagan ar an Stát.

Fág freagra ar 'Gealltanas tugtha ag Chambers faoi dhualgas a chur ar an Stát fógraí a dhéanamh i nGaeilge '

  • 'Bille Teanga' = Buille ar an Teanga

    Smaointigh air: ‘Gealltanas tugtha ag an aire X faoi dhualgas a chur ar Stát na Fraince/Slóivéine/Fionlainne fógraí a dhéanamh sa Fhraincis/tSlóivéinis/Fhionlainnis.’

    Bocht an scéal go gcaithfear dualgas a chur air. Tá sé cosúil le ‘dualgas a chur ar thuismitheoir aire a thabhairt dá pháistí’.

    Seo an áit a bhfuilimid, i ndiaidh céad bliain de ‘shaoirse’, de ‘dhaonlathas bunreachtúil’, sa stát ó dheas.