Fáilte curtha roimh ‘an-dul chun cinn’ sa Dáil faoi chearta teanga 

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil tráthnóna inné go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine

Fáilte curtha roimh ‘an-dul chun cinn’ sa Dáil faoi chearta teanga 

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus sochtheangeolaí aitheanta roimh gheallúintí atá déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta maidir le cearta teanga an phobail a neartú i reachtaíocht nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil tráthnóna inné go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gurb é an lá inné an lá ba mhó “dul chun cinn” ó thaobh Acht na dTeangacha ó thosaigh céim an choiste den bhille an mhí seo caite.

Maidir le geallúint Chambers go gcuirfeadh sé leasú chun cinn a leagfadh dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh gur dul chun cinn an-mhór a bheidh ann má dhéanann an tAire Stáit beart de réir a bhriathair.

“Is maith gur tháinig an tAire Stáit Jack Chambers ar athrú intinne faoin gceist seo. Léiríonn an taithí ó thús na paindéime go raibh an Ghaeilge in áit na leathphingine agus gur beag di a úsáideadh i bhfógraíocht sna meáin chumarsáide, meáin na Gaeilge san áireamh.

“Chruthaigh an bhearna mhór seo in Acht 2003 go leor deacrachtaí le feiceálacht an Gaeilge in imeacht na mblianta agus fágadh ar lár ar fad í i bhfógraí tábhachtacha faoin tsláinte phoiblí le bliain anuas. Is gá a chinntiú anois go mbeidh dualgas le dealramh ar chomhlachtaí stáit fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.”

Dúirt an Dr Walsh go gcaithfí a chinntiú sa Bhille go ndéanfaí fógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge chomh maith.

“Caithfear na meáin chumarsáide go léir a chur san áireamh ionas go gcuirfear fógraíocht Ghaeilge i láthair an phobail mhóir ach ní mór a chinntiú go bhfaighidh na meáin Ghaeilge buntáiste ar leith as an ioncam breise fógraíochta a chruthóidh an leasú seo.

‘Is ceart go gclúdódh an leasú seo feachtais náisiúnta bholscaireachta a bhfuil tábhacht ar leith leo, leithéidí an chláir vacsaínithe mar shampla,” arsa an Dr John Walsh.

An Dr John Walsh, OÉ, Gaillimh, ag plé cás na fógraíochta sa dlí teanga le baill de Choiste Gaeilge an Oireachtais mí na Samhna seo caite

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “ar éigean a bhíonn aon Ghaeilge le clositeáil nó le léamh i bhfeachtais náisiúnta fógraíochta”. Chaithfí é sin a chur ina cheart trí dhualgas a leagan ar chomhlachtaí poiblí céatadán áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge agus céatadán áirithe den fhógraíocht sin a dhéanamh sna meáin Ghaeilge, arsa de Spáinn.

Gheall an tAire Stáit chomh maith go molfadh sé leasú a leagfadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Dúirt Julian de Spáinn gur geallúint thábhachtach a bhí ansin mar go gciallódh sé nach mbeadh cead níos mó ag comhlachtaí amhail An Post ábhar margaíochta faoina gcuid seirbhísí a scaipeadh i mBéarla amháin sa Ghaeltacht ná sa stát trí chéile.

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus de chuid an Rialtais fáilte inné roimh gheallúintí an Aire sa Dáil, mar a raibh a séú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun na leasuithe ar an mBille Teanga nua a phlé.

Cuireadh an-bhrú ar Aire Stáit na Gaeltachta chomh maith inné an Bille Teanga nua a leasú le go mbeadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Cé go bhfuil moladh i mbille an Rialtais go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcóras ríomhaireachta in ann déileáil leis an síneadh fada, tá go leor díolúintí ón dualgas sin sa bhille agus níl aon spriocdháta luaite leis.

I ndiaidh díospóireacht bhríomhar inar dhúirt polaiteoirí ón Rialtas agus ón bhfreasúra, Aindrias Ó Muineacháin (FF), Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Pa Daly (SF) ina measc, gur ceart bunúsach é d’ainm agus do sheoladh cruinn a úsáid, ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “céim an-dearfach” a bhí i ngeallúint an Aire Stáit go luafaí spriocdháta leis an gcuid sin den bille.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh ‘an-dul chun cinn’ sa Dáil faoi chearta teanga '

  • Diarmuid Ó Gráda

    Sin dea scéala. Táim féin le fada cráite ag leaganacha aisteacha de’n ainm.

  • S. Mac Muirí

    Is deas é sin, go dtarlaí an chéad leithcheal eile. Gearrfar putógaí as an Uasal Mag Lochlainn nach bhfuil air ach tinneas ordóg na coise in otharlainn éicint agus fágfar Mr. McLoughlin in Orthapedic North ag faire ar Shráid na Corónach agus a chuid inní ag lobhadh ann.
    Bí cinnte de.