An Coimisinéir Teanga chun éirí as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur ‘cur amú acmhainní’ é

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur ‘beag tairbhe’ a bhaineann le monatóireacht ar scéimeanna ‘gur beag a bhíonn geallta iontu’ agus nach bhfuil sé i gceist aige ‘na hacmhainní teoranta atá ar fáil dá Oifig a chur amú leo’

An Coimisinéir Teanga chun éirí as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur ‘cur amú acmhainní’ é

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil sé ag éirí as montatóireacht a dhéanamh ar na scéimeanna teanga a aontaíonn comhlachtaí poiblí le Roinn na Gaeltachta toisc “gur beag tairbhe a bhaineann le monatóireacht ar scéimeanna gur beag a bhíonn geallta iontu”.

Dúirt an Coimisinéir, atá os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna, an méid sin ag Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste Dé hAoine.

“I bhfianaise na tráchtaireachta a d’fhoilsigh mé [faoi chóras na scéimeanna teanga] tá sé socraithe agam anois gan leanúint de mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh ar scéimeanna teanga a thuilleadh.  Is beag tairbhe a bhaineann le monatóireacht ar scéimeanna gur beag a bhíonn geallta iontu agus níl i gceist agam na hacmhainní teoranta atá ar fáil do m’Oifig a chur amú leo.

“Ní shin le rá nach mbeidh monatóireacht ar siúl againn, mar beidh, is cuid de mo chuid feidhmeanna é ach comhlíonfar é ar bhealach an-difriúil feasta,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt an Coimisinéir Teanga anuraidh  go raibh an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.

Léirigh tuarascáil speisialta a d’fhoilsigh an Coimisinéir ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.

De réir na tuarascála, rinneadh “cúlú” nó maolú ar ghealltanais in 52% den dara agus den tríú scéim teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí in 2015 agus in 2016.

Ag tagairt don tuarascáil taighde sin anuraidh, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill:

“Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú.

Léirigh an taighde ó Oifig an Choimisinéara gur ligthe in aimhréidh atá córas na scéimeamma atá in ainm is a chinntiú nach mbíonn gá ag lucht labhartha na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát.

I measc na moltaí i gceannteidil an Bhille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, moltar córas nua bunaithe ar chaighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, moladh a bhfuil fáilte curtha ag an gCoimisinéir agus ag eagraíochtaí teanga roimhe.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga chun éirí as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur ‘cur amú acmhainní’ é'

  • Fearn

    Bua do chomheagras dhúshlánach na seirbhíse poiblí agus do fhuarchúis an rialtais, sílim