Craobh na hÉireann d’fhiontraithe óga buaite ag daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne

Is é an fiontar ‘Cártaí Feasa’ a bhain an chéad áit amach i gcomórtas Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2021

Craobh na hÉireann d’fhiontraithe óga buaite ag daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne

Déanfaidh grúpa daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ionadaíocht ar Éirinn ag Craobh na hEorpa d’fhiontraithe óga tar éis dóibh an comórtas náisiúnta a thabhairt leo an tseachtain seo.

Is é an fiontar ‘Cártaí Feasa’ a bhain an chéad áit amach i gcomórtas Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta, 2021 inné.

Chruthaigh Sibéal Ní Órgáin, Aoife Feirtéar and Caoimhe Ní Bheaglaoich an comhlacht, a dhéanann cártaí imeartha a insíonn scéalta béaloidis na hÉireann. Tá cód QR ar chúl gach cárta atá le scanadh agus a thabharfaidh na custaiméirí chuig láithreán gréasáin leis an scéal béaloidis iomlán a fháil.

Déanfaidh an triúr ionadaíocht ar Éirinn ag Comhlacht na Bliana, Comórtas Junior Achievement na hEorpa 2021 [JA na hEorpa] a reáchtálfar i mí Iúil. 

Ghlac daltaí ó scoileanna Gaeltachta ó Chiarraí, ó Ghaillimh, ó Mhaigh Eo agus ó Dhún na nGall páirt i mbabhta ceannais Chlár na gComhlachtaí, a reáchtáladh ar líne.

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann d’fhiontraithe óga buaite ag daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne'