Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a ionsaíodh Teach an Chustaim

Tharraing ionsaí an IRA ar Theach an Chustaim poiblíocht ar fud an domhain ach ba dhaor a d’íoc siad as

Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a ionsaíodh Teach an Chustaim

Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a d’ionsaigh Óglaigh na hÉireann (an IRA) Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Gníomh a bhí ann a tharraing poiblíocht ar fud an domhain ach ba dhaor a d’íoc na hÓglaigh as.

Ar chomhairle Éamon de Valera a rinneadh an t-ionsaí.

Bhí tréimhse caite ag Dev i Meiriceá ag cur cúis na Poblachta chun cinn.

D’éirigh go maith leis thall ach níorbh fhada a bhí sé ar ais sa mbaile in Éirinn nuair a thosaigh sé ag rá go n-éireodh níb fhearr leis murach an modh treallchogaíochta a bhí ag na hÓglaigh.

Ba é an bealach cogaíochta a bhí ag Fidel Castro agus ag Che Guevarra blianta ina dhiaidh sin a bhí na hÓglaigh a chleachtadh. Bhí easpa lón cogaidh orthu agus ba rímhaith a thuig siad go dteastódh slua mór trodaithe le cath oscailte a chur ar arm chomh cumhachtach le harm na Breataine.

Ba é an rud ba chríonna, dá bhrí sin, fórsaí an namhad a ionsaí san áit ba laige a bheidís, sléacht a dhéanamh orthu an lá sin agus éalú as an mbealach ar an bpointe boise.

Seo é a rinneadh i gCill Mhichíl agus i gCrois an Bharraigh.

Níor aontaigh Dev leis an gcur chuige sin. Dhearbhaigh sé nach dea-cháil a bhí ag teacht i Meiriceá as a bheith ag marú corrbhall den RIC anois agus arís. Go deimhin bhí daoine i Meiriceá ag tabhairt dúnmharfóirí ar na hÓglaigh dá bharr, a dúirt sé.

Mheas sé gurbh fhearr i bhfad ó thaobh na poiblíochta de cúpla cath mór feiceálach a chur ar na Sasanaigh — cathanna a mbeadh 500 fear ar an dá thaobh.

Glacadh go drogallach le moladh Dev agus roghnaíodh Teach an Chustaim leis an moladh a chur i ngníomh. Tubaiste a bhí ann.

250 a bhí páirteach san ionsaí. Maraíodh cúigear acu, gortaíodh triúr agus gabhadh 100 duine eile.

Tá sé ráite gur dhúirt Dev roimh ré dá gcaillfidís 120 fear gurbh fhiú an íobairt a dhéanamh.

Is deacair a chreidsint go ndéarfadh sé é sin. B’fhéidir nach bhfuil ann ach ceann eile de na scéalta iomadúla a insítear faoin bhfear le beag agus fiú a dhéanamh de.

Is teannach le Tim Pat Coogan a dhéanamh amach go raibh baint ag moladh Dev leis an teannas a bhí cheana féin idir Dev agus Micheál Ó Coileáin. Faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin a bhí Óglaigh Bhaile Átha Cliath.

I ndiaidh an ionsaithe seo cuireadh faoi cheannas an Aire Cosanta Cathal Brugha iad. Ar ndóigh bhí an-tionchar ag Dev ar Chathal Brugha.

Is minic le Tim Pat Coogan a bheith cáinteach ar Dev agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil an breithiúnas a thug sé air sa gcás seo ceart ná cothrom.

Ar an taobh eile den scéal is domhain an síceach a d’fhéachfadh le hintinn Dev a dhéanamh amach an lá sin ná lá ar bith eile ach an oiread.

Nuair a bhí na hÓglaigh ag bailiú taobh amuigh de Theach an Chustaim deirtear gur tháinig Micheál Ó Coileáin an bealach ar rothar. Is aisteach liom i gcónaí go mbíodh an Coileánach in ann a bheith ag rothaíocht ar fud na cathrach i rith Chogadh na Saoirse.

An bhféadfadh sé go raibh seirbhís rúnda na Breataine ag tabhairt cead taistil dhó mar gur thuig siad go mbeidís ag déileáil leis sa deireadh nuair a thosódh na comhráite síochána?

Ba mhinic a tharla rudaí níba aistí ná é i stair na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a ionsaíodh Teach an Chustaim'