Conspóid in Québec agus moladh déanta go ruaigfí imirceoirí nach mbíonn Fraincis acu tar éis trí bliana

Tá ceist na himirce agus na Fraincise go mór sa treis i dtoghchán Québec a bheidh ar siúl ag tús na míosa seo chugainn agus na páirtithe in adharca a chéile faoi chuótaí imirce

Conspóid in Québec agus moladh déanta go ruaigfí imirceoirí nach mbíonn Fraincis acu tar éis trí bliana

Ceannaire Coalition Avenir Québec, François Legault

Tá cúrsaí teanga agus inimirce ina gcnámh spairne mhór i dtoghchán Quebec agus dhá cheann de na mórpháirtithe sa chúige sin ag moladh go laghdófaí líon na n-inimirceach a dtugtar cead isteach dóibh ar mhaithe le cosaint a thabhairt don Fhraincis.

Tá an Coalition Avenir Québec ag rá go ndéanfaí laghdú 20% ar líon na n-inimirceach a dtugtar cead isteach dóibh sa chúige agus dúirt a gceannaire François Legault go gcuirfí an ruaig ar inimircigh nach mbeadh an Fhraincis ar dtoil acu tar éis trí bliana.

Deir an Parti Québécois nach dtabharfaí cead isteach ach amháin do dhaoine a bhfuil Fraincis cheana acu, moladh a mheastar a d’fhéadfadh a bheith in aghaidh an bhunreachta agus an ceart atá ag muintir Cheanada bogadh ó cheantar amháin go ceantar eile de réir mar is mian leo.

Dúirt Legault, ceannaire an pháirtí choimeádaigh an Coalition Avenir Québec gurb é dualgas ceannaire Québec é “an náisiún agus an Fhraincis a chosaint”.

“Is é an baol atá ann nach labhróidh ár ngarchlann an Fhraincis. Beidh Québec, atá i Meiriceá Thuaidh, leochaileach i gcónaí agus na céadta milliún Béarlóirí timpeall air,” arsa Leagault. 

Maíonn an Coalition Avenir Québec go ngearrfaidís cuóta inimirce an chúige ó 52,388 go dtí 40,000.

Bheadh laghdú mór i gceist chomh maith dá gcuirfí i bhfeidhm plean an Parti Québécois gur cainteoirí Fraincise amháin a ligfí isteach ó tharla nach mbíonn Fraincis ag os cionn leath de na daoine a thagann chun cónaí sa cheantar gach bliain.

Idir 35,000-40,000 duine sa bhliain an cuóta imirce atá á mholadh ag an Parti Québécois.

Is é Québec an t-aon chúige i gCeanada ina bhfuil cead cuótaí inimirce a chur i bhfeidhm, cead a tugadh isteach chun cosaint a thabhairt don Fhraincis.

Faoi chóras inimirce an chúige, tugtar tús áite d’iarrthóirí a bhfuil Fraincis líofa acu agus cuirtear feachtais ar bun chun cainteoirí Fraincise a mhealladh. Ní mór do pháistí inimirceach sa chúige oideachas a fháil i bhFraincis go dtí go bhfuil an scoil dara leibhéal fágtha acu.

Maidir leis an moladh go gcuirfí an ruaig ar inimrceoirí nach n-éireodh leo an Fhrainics a fhoghlaim taobh istigh de thrí bliana, dúirt François Legault go gcaithfeadh Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau aird a thabhairt air dá vótálfadh dóthain de mhuinitir an chúige ar son an Coalition Avenir Québec.

Chuir Phillipe Couillard, ceannaire an pháirtí Liobrálaigh, atá i gcumhacht in Québec le 15 bliain anuas, i leith an dá pháirtí eile go ndéanfadh a moltaí faoi chúrsaí inimirce dochar mór do gheilleagar an chúige, tráth a bhfuil ganntanas oibrithe ann den chéad uair riamh.

“Gach uair a fhaigheann tú réidh le himirceoir amháin, ní hé go bhfuil tú ag fáil réidh leis an duine sin amháin ón bhfórsa oibre, tá tú ag fáil réidh chomh maith lena chlann agus le clann a chlainne,” a dúirt Phillipe Couillard.

Dúirt Couillard gurb í ceist na heaspa oibrithe sa chúige an cheist is cinniniúnaí sa toghchán agus nach raibh aon fhianaise ann gur ag dul ar gcúl atá an Fhraincis.

“Beidh sí [an Fhraincis] i gcónaí i gcónaí faoi bhrú i Meiriceá Thuaidh, ach ní fíor go bhfuil sí ag dul ar gcúl, tá sí ag dul sa treo ceart,” a dúirt sé.

Mhaígh ceannaire Québec, a bhfuil súil aige téarma ceithre bliana eile a fháil, gurb amhlaidh go bhfuil François Legault ag bagairt teaghlaigh imirceoirí a scaradh óna chéile.

“Mar sin, má fhoghlaimíonn na páistí an Fhraincis ach mura ndéanann daid amhlaidh, cuirfimid an ruaig amach as an áit air. Cén saghas físe í seo don tsochaí?” arsa Phillipe Couillard, ceannaire na Liobrálach.

Dúirt Jean-François Lisée, ceannaire an Parti Québécois, atá i bhfad taobh thiar de na Liobrálaigh agus an Coalition Avenir Québec, gurb ionann an “líon ceart” imirceoirí agus an líon imirceoirí a d’fhanfadh sa chúige.

Meastar go bhfuil an chaint seo faoi chúrsaí inimirce agus teanga ag dhá pháirtí an fhreasúra dírithe ar vótóirí náisiúnacha nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu cé dó a chaithfidh siad a vóta ar an 1 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Conspóid in Québec agus moladh déanta go ruaigfí imirceoirí nach mbíonn Fraincis acu tar éis trí bliana'

  • An Teanga Bheo

    Cinne dhitiú is cosúil