Cluiche crua a bheidh idir An Spidéal agus Micheál Breathnach i gcluiche ceannais na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe idir na comharsana, Micheál Breathnach agus An Spidéal

Cluiche crua a bheidh idir An Spidéal agus Micheál Breathnach i gcluiche ceannais na Gaillimhe

Seán Denvir (Micheál Breathnach), Pádraig Eoin Ó Curraoin (An Spidéal), Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach) agus Finnian Ó Laoi (An Spidéal). Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Micheál Breathnach v An Spidéal – Staid an Phiarsaigh, 4pm.

Ní hamháin go bhfuil áit sa chraobh shinsir ar fáil do bhuaiteoirí chluiche ceannais idirmheánach peile na Gaillimhe tráthnóna ach, b’fhéidir chomh tábhachtach céanna, tá cearta gaisce le baint chomh maith.

Níl idir paróistí an Chnoic agus an Spidéil ach abhainn Bhoth Loiscthe agus casfaidh an dá fhoireann ar a chéile i Staid an Phiarsaigh tráthnóna agus foirne Mhicheál Breathnach agus an Spidéil san iomaíocht sa chluiche ceannais idirmheánach an chontae.

Deis ollmhór í seo don dá fhoireann agus iad ag iarraidh príomhghrád an chontae a bhaint amach.

Tá Micheál Breathnach ag iarraidh stádas sinsir a bhaint amach agus gan ach bliain ann ó díbríodh ón bpríomhghrád iad. Ocht mbliana déag atá fir an Spidéil ag fanacht ar a seans filleadh ar Chraobh Shinsir na Gaillimhe tar éis dóibh séasúr amháin a chaitheamh inti bliain na mílaoise.

Chas na foirne ar a chéile mí Bealtaine ina gcéad chluiche i gcraobh 2017. Ba iad fir bhaile an droichid a thug an lá sin leo le sé phointe, 1-14 in aghaidh 0-11, ach déarfaidh lucht tacaíochta Mhicheál Breathnach nach raibh teacht acu ar bheirt de na himreoirí is fearr atá acu, Seán Denvir iar-imreoir idirchontae agus Fiontán Ó Curraoin atá le foireann an chontae faoi láthair.

Agus an bheirt sin ar ais acu, d’éirigh le Micheál Breathnach teacht slán ón ngrúpa agus bua aon phointe amháin a fháil ar Uachtar Ard sa chluiche cinniúnach i mí Mheán Fómhair. Ag dul i neart atá siad ó shin. Sháraigh siad Órán Mór/Mearaí sa chluiche ceathrú ceannais sular bhuaigh siad ar fhoireann Ghaeltachta eile, Oileáin Árann, sa bhabhta leathcheannais a bhuíochas de chúl Dinny Uí Éallaithe.

Bhí aistear an Spidéil go dtí an cluiche ceannais beagáinín níos compordaí. Chríochnaigh siad ar bharr an ghrúpa agus chuir siad Mionlach díobh go héasca sa chluiche ceathrú ceannais. Bhí cluiche i bhfad níos crua acu sa bhabhta leathcheannais in aghaidh Átha Cinn. Bhí na foirne ar comhscór agus an t-am caite ach ba é Aodán Ó Curraoin laoch an Spidéil nuair a d’aimsigh cúl in am cúitimh chun an bua a thabhairt dóibh, 1-10 in aghaidh 0-9.

Foireann óg atá ag an Spidéal agus níl ach duine amháin den fhoireann a thosaigh i gcoinne Átha Cinn os cionn 30 bliain d’aois. D’imir leithéidí Liam Kelly, Pádraig Eoin Ó Curraoin, Antaine Ó Laoi agus Finnian Ó Laoi le foirne faoi aois na Gaillimhe le blianta beaga anuas.

Cinnte tá níos mó taithí ag foireann na mBreathnach agus blianta fada caite acu i ngrád na sinsear i nGaillimh, ach bíonn siad ag brath go mór ar bheirt óg chun deiseanna a chruthú agus scóranna a aimsiú dóibh, sin iad Ruadhán Ó Curraoin agus Rónán Mac Donnachadha.

Tá cúl báire den scoth ag an dá fhoireann – Rónán Ó Beoláin atá ag an Breathnaigh agus Maghnus Breathnach atá sa gcúl ag an Spidéal,

Beidh an cath lár páirce iontach suimiúil.

Beirt fhathach atá ag Micheál Breathnach ansin, Fiontán Ó Curraoin agus Tommy Ó Conghaile, a bhí ar fheabhas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Oileáin Árann, agus bheadh súil ag Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar a gcéilithe comhraic san aer.  Ach tá luas iontach ag foireann an Spidéil, rud a bhí cinniúnach sa chluiche idir na foirne níos luaithe i mbliana.

Tá cluichí crua buaite ag an dá fhoireann i gcraobh na bliana seo agus beidh an taithí sin tábhachtach agus cluiche crua eile rompu. Ní bheidh ach cúpla scór ar a mhéid idir na foirne ag deireadh na himeartha.

Má thugtar spás d’fhoireann an Spidéil, d’fhéadfadh go mbeadh an lá leo ach ní go bog a ghéillfidh a gcomharsana an spás sin dóibh.

Fág freagra ar 'Cluiche crua a bheidh idir An Spidéal agus Micheál Breathnach i gcluiche ceannais na Gaillimhe'