Cinneadh le déanamh ag an Aire Oideachais faoi athrú ar theagasc na Gaeilge don Ardteist

Meastar go léireoidh tuarascáil nua atá curtha faoi bhráid an Aire Oideachais go bhfuil amhras mór ar dhaoine faoin múnla atá á mholadh do Ghaeilge na hArdteiste

Cinneadh le déanamh ag an Aire Oideachais faoi athrú ar theagasc na Gaeilge don Ardteist

Tá tuarascáil á breithniú ag an Aire Oideachais a shocróidh cuid mhór cad é atá i ndán do theagasc na Gaeilge san iarbhunscoil.

Anailís atá sa tuarascáil ar thuairimí an phobail faoin bplean go dtabharfaí isteach dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

Meastar go léireoidh an tuarascáil go bhfuil amhras mór ar dhaoine faoin múnla nua, go háirithe agus an chuma ar an scéal go dtabharfaí isteach cúrsa nua níos dúshlánaí gan aon mharcanna bónais a bheith ag dul leis.

Tuigtear go léireofar tacaíocht láidir chomh maith do dhá rogha a moladh i bplécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge.

Faoi cheann de na moltaí sin, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal – sonraíochtaí a bheadh ar fáil do na scoláirí ar fad ar mhian leo tabhairt fúthu.

Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge. Bheadh an t-ábhar nua ar fáil ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach d’aon daltaí ar spéis leo tabhairt faoi.

An cinneadh a bheidh le déanamh ag an Aire Oideachais Norma Foley ná an gcaithfear amach an plean T1 agus T2 mar atá nó an leasófar é de réir mhianta an phobail mar a léirítear iad sa tuarascáil nua.

Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Fuarthas aighneachtaí ó mhúinteoirí agus scoláirí ag an dara agus an tríú leibhéal, ó thuismitheoirí, ó lucht oideachais, ó phátrúin, ó eagraíochtaí Gaeilge agus ón bpobal.

Fuarthas aighneacht chomh maith ó choiste Oireachtais.

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Mar chuid den phróiseas ar cuireadh tús leis mí Feabhra i mbliana, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle. 13 grúpa fócais, le 275 rannpháirtí, a eagraíodh agus bhí ocht gcruinniú speisialta ag an CNCM le grúpaí ar leith. Bhí 19 agallamh duine le duine i gceist chomh maith.

Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley go raibh an tuarascáil chomhairliúcháin faighte aici agus á breithniú ina roinn. Ag freagairt ceist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh a bhí sí.

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 ó foilsíodh iad mí Feabhra 2021.

Deir 93% de phríomhoidí Gaeltachta, mar shampla, nach mbeidís sásta moladh dá ndaltaí an cúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist a dhéanamh.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar phríomhoidí iarbhunscoile Gaeltachta, dúirt 26 as 28 díobh nach mbeidís sásta a mholadh do dhaltaí an cúrsa nua T1 a dhéanamh.

Idir an dá linn, tá bailchríoch á cur ag na NCCA ar athbhreithniú ar chúrsaí T1 agus T2 na sraithe sóisearaí a tugadh isteach in 2017.

Deirtear go gcuirfear torthaí an athbhreithnithe seo san áireamh chomh maith agus cinneadh á dhéanamh faoi chúrsaí Gaeilge nua na hArdteiste.

Tá cáineadh géar déanta ag múinteoirí Gaeilge i scoileanna Béarla ar scrúdú T2 na sraithe sóisearaí agus iad den tuairim nach bhfuil sé oiriúnach dá ndaltaí agus gurb amhlaidh go bhfuil an cúrsa nua á n-iompú in aghaidh na teanga.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh ag an Aire Oideachais faoi athrú ar theagasc na Gaeilge don Ardteist'

  • Puiteach

    Meastú nach bhfuil an chaint sheafóideach seo ar rud nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm go deo, á chur amach chun aird a tharraingt ó na hathruithe eile atá beartaithe?