Deir 93% de phríomhoidí Gaeltachta nach mbeidís sásta a mholadh do dhaltaí cúrsa nua Gaeilge Ardteiste a dhéanamh

Tugtar léargas i suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc príomhoidí iar-bhunscoile Gaeltachta ar an meon atá acu i leith na gcúrsaí T1 agus T2 atá molta don Ardteist

Deir 93% de phríomhoidí Gaeltachta nach mbeidís sásta a mholadh do dhaltaí cúrsa nua Gaeilge Ardteiste a dhéanamh

Deir 93% de phríomhoidí Gaeltachta nach mbeidís sásta moladh dá ndaltaí an cúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist a dhéanamh.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar phríomhoidí iar-bhunscoile Gaeltachta, dúirt 26 as 28 díobh nach mbeidís sásta a mholadh do dhaltaí an cúrsa nua T1 a dhéanamh.

Tá an NCCA ag moladh go dtabharfaí dhá chúrsa nua isteach don Ardteist – cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais is líofa agus cúrsa T2 a deirtear a bheadh oiriúnach do dhaltaí eile.

28 den 29 príomhoide iar-bhunscoile Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie.

De réir an tsuirbhé, dúirt 14 den 26 príomhoide a d’fhreagair an cheist gur chóir go mbeadh marcanna bónais ag dul leis an gcúrsa T1. Dúirt deichniúr gur cheart dhá chúrsa a bheith ann agus cead ag dalta an dá cheann a dhéanamh.

Dúirt príomhoide amháin nach raibh an scéal “chomh simplí’ sin agus dúirt príomhoide eile nár theastaigh ach cúrsa Gaeilge amháin.

Dúirt 23 den 27 príomhoide a d’fhreagair an cheist nach raibh siad sásta le cur chuige an NCCA agus na Roinne Oideachais i leith na gcúrsaí nua. Beirt a dúirt go raibh siad sásta agus thug beirt eile le fios go raibh sé róluath tuairim a thabhairt faoin scéal.

I measc na gcúiseanna a bhí le doicheall roinnt de na príomhoidí roimh mholtaí T1 agus T2, bhí cúrsaí acmhainní, ceist na marcanna bónais, easpa sonraí agus gan aon athbhreithniú a bheith déanta ar T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí go fóíll.

“Níl na hacmhainní agam le dhá rang difriúil a reáchtáil sa scoil,” a dúirt príomhoide amháin.

Easpa “soiléireachta” agus easpa “critéir aontaithe” a luaigh Príomhoide eile lena mhíshástacht leis na moltaí maidir leis an Ardteist.

Bhí príomhoide amháin in aghaidh na moltaí don Ardteist mar gur mheas sé nach raibh “aon bhuntáiste do chainteoirí líofa” ag baint leo.

Daltaí a chur ó dhoras an toradh a bheadh ar na moltaí, a dúirt Príomhoide eile.

“Nílim sásta. Cuirfidh sé daltaí ó dhoras na scoileanna Gaeltachta- scoileanna beaga atá cheana féin faoi bhrú ó thaobh uimhreacha agus acmhainní de.”

Dúirt duine eile de na príomhoidí gur léir “nach dtuigeann na húdaráis an éifeacht a bheidh aige seo ar scoileanna”.

“Níltear ag éisteacht le múinteoirí sa Ghaeltacht,” arsa príomhoide eile.

Bhí “an iomarca míchinnteachta” ag baint leis na moltaí dar le príomhoide eile agus bhí “pionós dhá chur ar dhaltaí mar gur as ceantar Gaeltachta iad”.

Mheas príomhoide amháin gur daltaí nach maireann sa Ghaeltacht agus nach bhfuil Gaeilge líofa acu a bheadh faoi mhíbhuntáiste. “Is teanga amháin í,” a dúirt an príomhoide sin.

Maidir le ceist na marcanna bónais, dúirt príomhoide eile nach raibh sé “chomh simplí leis sin” agus go raibh gá le i bhfad níos mó eolais faoin gcur chuige nua.

“Conas a reáchtálfar an dá chúrsa in aon rang amháin? Níl fiú liosta litríochta foilsithe fós, rud atá lárnach sa tSraith Shóisearach, agus níl athbhreithniú déanta air sin fós. Mar sin, is moladh sa dorchadas a bheadh anseo gan an t-eolas go léir againn.”

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí Ardteiste T1 agus T2 ó foilsíodh iad mí Feabhra.

Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste, aighneacht ó choiste Oireachtais ina measc.

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar cuireadh tús leis mí Feabhra i mbliana, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle (CNCM).

Tá anailís anois le déanamh ar an aiseolas uile agus súil ann go mbeidh tuarascáil faoin bpróiseas comhairliúcháin réidh le foilsiú i rith an earraigh 2022.

Fág freagra ar 'Deir 93% de phríomhoidí Gaeltachta nach mbeidís sásta a mholadh do dhaltaí cúrsa nua Gaeilge Ardteiste a dhéanamh'