‘Fuath seachas grá don Ghaeilge á chothú ag scrúdú nua’

Tugadh deis chainte do mhúinteoirí Gaeilge os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna agus níor chuir siad aon fhiacail ann maidir lena míshástacht faoin siollabas nua Gaeilge don Teastas Sóisearach

‘Fuath seachas grá don Ghaeilge á chothú ag scrúdú nua’

Eimear Kilrane, múinteoir Gaeilge i gColáiste Ráth Tó

Fuath seachas grá don Ghaeilge atá á chothú ag scrúdú nua Gaeilge an Teastais Shóisearaigh i measc daltaí scoile, a dúradh i dTeach Laighean inniu.

Tugadh deis chainte do mhúinteoirí Gaeilge os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna agus níor chuir siad aon fhiacail ann maidir lena míshástacht faoin siollabas nua T2 don Teastas Sóisearach.

Cuireadh tús i mbliana le dhá scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach – T1 do chainteoirí líofa scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus T2 do dhaltaí scoileanna Béarla an stáit.

Dúirt na múinteoirí a bhí os comhair Choiste na Gaeilge i dTeach Laighean inniu gur “strus”, “imní”, “mearbhall” agus “lagmhisneach” an toradh a bhí ar an scrúdú nua T2.

Mhaígh siad go raibh an scrúdú sin i bhfad róchasta, ródheacair agus rótheibí don ghnáthdhalta Gaeilge, go raibh an iomarca béime ar an litríocht ann agus gan dóthain béime ar labhairt na teanga.

Cáineadh go láidir an cinneadh fáil réidh leis an scrúdú cainte a bhíodh ina chuid riachtanach den seansiollabas.

Cáineadh chomh maith an easpa treoracha agus traenála a fuair múinteoirí sular tugadh an cúrsa nua isteach.

Dúradh go raibh idir dhaltaí agus mhúinteoirí ag iompú in aghaidh na Gaeilge mar gheall ar an scrúdú nua, scrúdú a bhí “dodhéanta”, dar le cuid de na cainteoirí ag cruinniú an lae inniu. D’fhág an imní agus an strus a chothaigh an scrúdú go raibh an baol ann go ndéanfadh níos lú daltaí an Ghaeilge ardleibhéil don Ardteist, go mbeadh níos lú daltaí ag gabháil don Ghaeilge ag an tríú leibhéal agus gur in olcas a rachadh an ganntanas múinteoirí Gaeilge.

Gráinne Ní Ailín, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann

“Fuath don teanga ag fás in ionad grá a bheith á chothú don Ghaeilge,” an toradh a bheadh ar an gcúrsa nua T2,” a dúirt Eimear Kilrane, múinteoir Gaeilge i gColáiste Ráth Tó i gContae na Mí.

“Tá níos lú daltaí ná riamh sásta tabhairt faoin Ardleibhéal don tSraith Shóisearach agus tuigimid a gcás, níl an cúrsa indéanta dóibh. Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil níos lú daltaí a bhfuil suim acu freastal ar na coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí chun feabhas a chur ar a nGaeilge labhartha, agus impleachtaí ann do chúrsaí le Gaeilge sa tríú leibhéal sa todhchaí. Is fainne fí é, faraor.”

Dúirt Eimear Kilrane nach bhféadfadh go mbeadh na múinteoirí “ar fad mícheart” faoin gcúrsa nua.

“Tá géarchéim ann cheana féin maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge, ní chabhróidh sé seo. Má tá misneach agus muinín caillte ag na múinteoirí, agus an méid sin frustrachais orthu faoi staid na Gaeilge sa tSraith Shóisearach, cén seans atá ann do na daltaí bochta?”

Bhí imní chomh maith ar Thríona Nic Oireachtaigh, múinteoir Gaeilge i gColáiste Rís, Cathair na Mart, faoin lorg a d’fhágfadh an scrúdú nua ar an teanga agus ar dhearcadh na ndaltaí ina leith.

“Má theastaíonn uainn aon phioc den ghrá dár dteanga a chaomhnú i measc daltaí i scoileanna T2, ba cheart dúinn suí síos le chéile agus teacht ar réitigh. Is é seo ár seans rudaí a fheabhsú agus tá múinteoirí ar fud na tíre toilteanach a bheith páirteach sna cainteanna atá de dhíth go práinneach,” arsa Tríona Nic Oireachtaigh.

Mhaígh na múinteoirí nach raibh aon sásamh á fháil acu ó na húdaráis oideachais i leith na ngearán a bhí déanta acu faoi na laigí, dar leo, atá ar gcúrsa nua.

Dúirt Shane Ó Coinn ó An Gréasán, grúpa a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, nach raibh an scrúdú i mbliana “féaráilte” ar dhaltaí ná “oiriúnach” dóibh, gur chuir sé lagmhisneach orthu agus go raibh an baol ann go gcaillfeadh daltaí suim sa teanga.

“D’fhág roinnt mhaith daltaí an scrúdú seo agus iad in ísle brí agus mearbhall orthu i ndiaidh dóibh an scrúdú seo a shuí.

“Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gcóras measúnachta spéis agus muinín sa Ghaeilge a chothú agus daoine óga a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid, ní lagmhisneach a chur orthu agus muinín agus suim sa Ghaeilge a chreimeadh.”

An “chluas bhodhar” a bhí á tabhairt do mhúinteoirí, a dúirt Seaghan Mac Cormaic, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Naomn Cillian i mBré, scoil DEIS. Dúirt sé go gcreideann sé féin agus go leor múinteoirí eile ar a aithne gurb amhlaidh go bhfuil na húdaráis oideachais “ag iarraidh an Ghaeilge” a mharú leis an gcúrsa T2 nua.

Seaghan Mac Cormaic ó Phobalscoil Naomh Cillian

Dúirt Gráinne Ní Ailín, Oifigeach na Gaeilge, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann, gurb iad na “scileanna cainte agus éisteachta bunús aon teanga” ach nach raibh “aon mheasúnú déanta ar an gcaint ná a lán meansúnuaithe déanta ar scileanna éisteachta sa tSraith Shóisearach”.

Bhí na múinteoirí ar aon intinn gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcúrsa nua do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh i scoileanna T2.

Dúirt Shane Ó Coinn ó An Gréasán gur cheart “féachaint go mion arís” ar na riachtanais foghlama atá ag an dalta T2 agus cúrsa agus scrúdú atá “réadúil” a chur ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga.

“Ní mór dúinn an deis a thapú leis na fadhbanna seo uile a chur ina gceart anois,” arsa Shane Ó Coinn.

“Ní mór dúinn teacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú. Ní mór éisteacht leis na buairimh shuntasacha atá léirithe ag múinteoirí agus ag na geallsealbhóirí eile agus oibriú le chéile le hathruithe suntasacha a dhéanamh ar an gcóras reatha le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú a chothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa muiníneacha.”

Dúirt Eimear Kilrane, Coláiste Ráth Tó, go raibh “géarghá” le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcúrsa Gaeilge T2, agus go háirithe ar an gcóras measúnaithe.

“Tá sé deacair a bheith dóchasach faoi láthair faoi chúrsaí Gaeilge sa tSraith Shóisearach. Tá líon na ndaltaí inár scoil atá ag iarraidh tabhairt faoin nGnáthleibhéal in ionad Ardleibhéal sa tSraith Shóisearach níos airde ná riamh, mar gheall ar an mbrú a chuireann an caighdeán míreálaíoch orthu.

“Tá múinteoirí áirithe atá imithe ar scor go luath, a dúirt go bhfanfaidís ag múineadh cúpla bliain eile ach go ndearna na fadhbanna sa tSraith Shóisearach nua an cinneadh dóibh. Tá múinteoirí eile atá ag lorg níos mó uaireanta ag múineadh a n-ábhar eile agus níos lú ama sa Ghaeilge,” arsa Eimear Kilrane.

Fág freagra ar '‘Fuath seachas grá don Ghaeilge á chothú ag scrúdú nua’'

  • An tEisreachtach

    ‘An “chluas bhodhar” a bhí á tabhairt do mhúinteoirí, a dúirt Seaghan Mac Cormaic, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Naomn Cillian i mBré, scoil DEIS. Dúirt sé go gcreideann sé féin agus go leor múinteoirí eile ar a aithne gurb amhlaidh go bhfuil na húdaráis oideachais “ag iarraidh an Ghaeilge” a mharú leis an gcúrsa T2 nua.’

    Is eagal liom gurb é seo thuas lomchlár na fírinne; Gaill fhrith-Ghaelacha atá in uachtar i ngach réimse de shaol na hÉireann le fada fiannach an lá; féach freisin Raidió RTÉ – ní sheinntear ceol traidisiúnta ar chlár ar bith dá chuid cé is moite de cheann a bhíonn ann go deireanach oíche Dhomhnaigh.
    Agus tá muintir na hÉireann sásta cur suas leis na hionsaithe seo ar a gcultúr dúchais gan smid astu.

  • Ciarán

    Ach ag am céanna de réir acht na dteangacha oifigiúla beidh 20% d’earcaigh nua sa Stát Chóras in ann feidhmiú trí Gaeilge. Cén áit go baileach a bheadh siad ag teacht??
    Ag breathnú ar an scéal i dtaobh an Stát agus an Ghaeilge tá an méad sin comhbhréagnuithe idir polasaithe agus gníomhaíochtaí, d’aontóinn le mo dhuine thuas maidir leis an teoiric go bhfuil uisce faoi thalamh ar mbun ag an Stát chun an Ghaeilge a mharú de réir a chéile. Ach tá impleachtaí leis an teoiric sin go bhfuil ollphlean agus comhoibriú cumasach tas-ranna i gcríoch agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith. Tá an Stát ag marú na Gaeilge trína chuid neamhinniúlachta, aineolas agus dobhránacht sin a’ méid.

  • Edel

    Táim ag tabhairt amach faoin gcuraclam seo ó tháinig sé ar an bhfód, ach tá sé cosúil le bheith ag screadach isteach sa ghaoth. Níl focail ann chun mo chuid feirge agus frustrachais a chur in iúl – tá mé chomh feargach nach ndearna siad rud ar bith go n-éireoidh mé as bheith ag gearán. Níl aon phointe. Ní athróidh siad rud ar bith.