‘Ciníochas frith-Éireannach’ – loitiméireacht déanta ar a thuilleadh comharthaí dátheangacha 

Dúirt comhairleoir amháin gur “ciníochas frith-Éireannach” a bhí i gceist leis an loitiméireacht is déanaí i dTír Eoghain

‘Ciníochas frith-Éireannach’ – loitiméireacht déanta ar a thuilleadh comharthaí dátheangacha 

Pictiúr: Barry Monteith

“Ciníochas” a spreag an dream a rinne loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha i dTír Eoghain le roinnt laethanta anuas.

Cuireadh péint dhubh ar an nGaeilge ar cheithre chomhartha ar a laghad thart ar cheantar Dhún Geanainn agus clúdaíodh le téip an leagan Gaeilge de logainm ar chomhartha eile sa chontae.

Dúirt Comhairleoir neamhspleách i nDún Geanainn, Barry Monteith, gur “ciníochas frith-Éireannach” a bhí i gceist leis an loitiméireacht seo agus nach n-éireodh leis an “faisisteachas”.

Pléadh an scéal ag cruinniú de chuid Chomhairle Ceantair Lár Uladh agus dúirt Monteith go raibh comharthaí á lot sa cheantar “síoraí seasta” ach nach raibh an fhadhb ach i gceantair áirithe.

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil grúpa beag daoine tiomanta d’ionsaithe a dhéanamh ar chultúr na hÉireann aon uair go bhfaigheann siad an deis agus sílim go bhfuil sé in am teachtaireacht a chur amach nach gcuirfidh sé seo isteach ar chur chun cinn na Gaeilge.”

Dúirt an Comhairleoir Dan Kerr go raibh loitiméireacht á déanamh ar chomharthaí sráide gach seachtain.

“Tá a fhios againn nach mór céard iad na comharthaí a ndéanfar ionsaí orthu toisc go bhfuil an chuma ar an scéal gur iarracht chomhchruinnithe atá ann,” arsa Kerr. 

Dúirt sé freisin nár chóir do dhaoine a bheith chomh páistiúil sin faoin nGaeilge.

“Ar deireadh thiar thall, níl ann ach teanga agus níl sí ag bagairt ar aon duine. Dá gcuirfeadh an Béarla olc ormsa, ní bheadh mé in ann an teach a fhágáil.”

Cúirt an Comhairleoir Dominic Molloy go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí an dlí ar dhaoine as an loitiméireacht.

loitiméireacht á déanamh ar chomharthaí dátheangacha i gceantar Lár Uladh le roinnt blianta anuas agus meastar go raibh na “scórtha míle punt” de bhille le híoc ag lucht íoctha rátaí dá bharr.

An mhí seo caite, cáineadh loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha i bhFear Manach agus péinteáladh graifítí frithGhaelach i mBéal Feirste cúpla mí ó shin ag cur i gcoinne comharthaíocht sráide dhátheangach na cathrach sin.

Fág freagra ar '‘Ciníochas frith-Éireannach’ – loitiméireacht déanta ar a thuilleadh comharthaí dátheangacha '