Loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha i bhFear Manach

Níl ach cúpla mí ó ghlac Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí le polasaí a fhágann go bhfuil sé níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde

Loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha i bhFear Manach

Tá tuilleadh loitiméireachta déanta ar chomharthaí dátheangacha sa Tuaisceart.

Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí áitiúla ar loitiméirí a chuir péint dhubh ar an nGaeilge ar dhá chomhartha dátheangach in Inis Ceithleann.

Níl sé ach cúpla mí ó ghlac Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí le polasaí a fhágann go mbeidh sé níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde.

Loiteadh an leagan Gaeilge den logainm ‘Bealach na Crannóige’ ar chomhartha dátheangach in Inis Ceithleann.

Dúirt urlabhraí de chuid Alliance, Matthew Beaumont, go raibh sé “suarach” go ndéanfaí a leithéid agus mhol sé d’aon duine a raibh eolas acu faoin scéal teagmháil a dhéanamh leis an póilíní.

Thug an PSNI le fios nach raibh aon ghearán faighte acu maidir leis an loitiméireacht.

Dúirt comhairleoir de chuid Shinn Féin, Tommy Maguire, leis an Belfast Telegraph go raibh comharthaí dátheangacha crochta in Inis Ceithleann ar feadh na mblianta agus nach raibh aon fhadhb leo roimhe seo. Dúirt sé gur léirigh an loitiméireacht an drochmheas atá ag daoine áirithe ar an fhéiniúlacht Éireannach.

D’fhág cinneadh Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí mí Feabhra nach gá ach 15% de na daoine atá ina gcónaí ar shráid a bheith i bhfabhar comhartha dátheangach a chrochadh chun go gceadófaí an comhartha sin a chur suas. Tairseach 50% den phobal a bhíodh ann roimhe sin.

Rinne polaiteoirí aontachtacha iarracht agóid dhlíthiúil a thabhairt ina aghaidh an pholasaí ach níor éirigh léi.

Bhí conspóid ag cruinniú de Chomhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte an mhí seo caite nuair a mhaígh an DUP nach raibh Sinn Féin ach ag iarraidh achrann a thosú agus fearg a chur ar dhaoine agus iad ag moladh polasaí den chineál céanna.

Ó thús na bliana seo, ghlac trí chomhairle ceantair eile le polasaithe nua a fhágann go mbeidh sé níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde – Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin agus Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí.

Péinteáladh graifítí frithGhaelach i mBéal Feirste cúpla mí ó shin ag cur i gcoinne comharthaíocht sráide dhátheangach sa chathair sin.

Fág freagra ar 'Loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha i bhFear Manach'

  • S. Mac Muirí

    Is furasta soin a leigheas óir ní fhuaimnítear an ‘o’ fada ansud cibé ar bith. Ní gá anois ach an ‘way’ a mhúchadh.

  • Antóin

    Is maith an rud nach bhfuil Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Loitiméireachta ann!