Loitiméireacht déanta nach mór 100 uair ar chomharthaí Gaeilge i Lár Uladh

Beidh cruinniú speisialta an tseachtain seo chugainn ag comhairleoirí i Lár Uladh leis an PSNI chun an rabharta loitiméireachta frith-Ghaeilge sa cheantar a phlé

Loitiméireacht déanta nach mór 100 uair ar chomharthaí Gaeilge i Lár Uladh

Tá loitiméireacht déanta ar an nGaeilge ar chomharthaí i Lár Uladh nach mór 100 babhta le dhá bliain anuas.

Dhearbhaigh comhairle an cheantair gur tharla 93 eachtra loitiméireachta a bhain le scrios a dhéanamh ar chomharthaí dátheangacha ó Mheitheamh 2017.

Léirigh taifead CCTV ó láthair amháin ar an nGuala Dubh i nDoire go ndearnadh scrios ar an nGaeilge ar chomhartha ansin 12 babhta ó mhí Feabhra.

Beidh cruinniú Dé Máirt seo chugainn ag comhairleoirí an cheantair leis an PSNI chun an rabharta loitiméireachta frith-Ghaeilge a phlé.

Chomh maith le comharthaí a bheith loite tuairiscítear gur tarraingíodh anuas comharthaí chomh maith.

Dúirt an Comhairleoir de chuid Shinn Féin as an gCorr Chríochach John McNamee nach bhféadfaí “cur suas” leis an loitiméireacht níos mó agus go raibh na “scórtha míle punt” de bhille le híoc ag lucht íoctha rátaí dá barr.

Dúirt an comhairleoir Paul McLean ón DUP as Machaire Fíolta gurb amhlaidh gur bhrúigh Sinn Féin na comharthaí ar an bpobal aontachtach agus gur os cionn an Bhéarla a bhí an Ghaeilge á cur agus í i litreacha níos mó.

Dúirt McLean go gcáineann an DUP “gach díobháil gan údar” rud nach ndéanann Sinn Féin, dar leis.

Dúirt John McNamee go raibh áthas air go raibh an loitiméireacht cáinte ag an DUP, rud nach ndearna an páirtí go dtí seo, dar leis.

Fág freagra ar 'Loitiméireacht déanta nach mór 100 uair ar chomharthaí Gaeilge i Lár Uladh'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Má tá ceamaraí ann agus físeán á ghlacadh acu, cén fáth nár rugadh ar na loitméirí go fóill?