Bliain chorrach, bhagrach ar fud na cruinne. Bhí rian na guagachta idirnáisiúnta ar dhíospóireachtaí polaitiúla agus i measc an ghnáthphobail i dTuaisceart Éireann faoi chogaíocht, géarchéim aeráide, cathanna cultúir agus eacnamaíochta, maille le conspóid faoin inimirce, i measc nithe eile.
Bhí cuid mhór den dioscúrsa poiblí faoi anáil na cogaíochta sa Mheánoirthear, blas Oráiste v Glas ar na freagraí ar ionsaithe Iosrael ar Gaza. Go traidisiúnta thacaíodh aontachtaithe le hIosrael agus náisiúnaithe agus poblachtánaithe le Palaistínigh. Leanadh den nós. Bhí léirsithe go rialta in aghaidh an chogaidh agus ról Mheiriceá mar chrann taca Iosrael; bhí mic léinn, Pobal Seachas Brabús, Sinn Féin, an SDLP, agus go leor daoine gan lipéad polaitiúil gníomhach in aghaidh an fhoréigin, diongbháilte gur chinedhíothú a bhí ar siúl ag Iosrael.
Tháinig an deighilt pholaitiúil faoin gcogadh chun tosaigh i dtaca le Lá ‘le Padraig in Washington. Chinn Michelle O’Neill go ndéanfadh sí baghcat ar an teacht le chéile bliantúil mar agóid ach ghlac a leathbhádóir, Emma Little-Pengelly, DUP, an LeasChéad-Aire leis an gcuireadh. Cheistigh an DUP cén fáth a raibh Sinn Fein ag fanacht sa mbaile in 2025 nuair a d’fhreastail siad ar an ócáid an bhliain roimhe sin nuair a bhí an tUachtarán Biden ag tacú go láidir le hIosrael. Dúirt an DUP go ndeachaigh siadsan go Washington ar mhaithe leis an bpobal. Tá deighilt freisin idir aontachtaithe agus na dreamanna eile i dtaca leis an Uachtarán Trump agus a chleachtais.
Tháinig an t-easaontas faoi Gaza idir Aontachtaithe agus na páirtithe eile in Stormont chun cinn arís sa bhfómhar nuair a chuaigh ionadaithe ón DUP, UUP agus TUV ar chuairt phríobháideach go hIosrael- ar chostas Iosrael. Cáineadh an tAire Oideachais Paul Givan, DUP, mar gur thug sé cuairt ar scoil in oirthear Iarúsailéim, ceantar atá gafa go neamhdhlisteanach ag Iosrael. Maíodh gur chosúil gur mar Aire a chuaigh sé chun na scoile ach bhí an tAire neamhghéilliúil.
Ba é an t-achrann in Stormont faoi iompar Paul Givan an dara babhta de throid na mbó maol faoi mhuinín nó mímhuinín in aire de chuid an DUP. Tharraing Gordon Lyons, an tAire Pobal, diancheistiú i ngeall ar phostáil dá chuid ar mheáin shóisialta le linn na gcíréibeacha ciníocha i mí an Mheithimh. Thuig go leor ón bpostáil go raibh an tAire ag séanadh go raibh aon bhaint aige le dídean a sholáthar do dhaoine arbh éigean dóibh éalú ó lucht ionsaithe ar an mBaile Meánach. Is ar an Aire Pobal atá freagracht dídean éigeandála a sholáthar do dhaoine atá i gcontúirt.
Thosaigh na círéibeacha ar an mBaile Meánach, contae Aontroma, tar éis chúiseamh bheirt bhuachaillí ón bpobal Romach i dtaca le hiarracht chun cailín sna déaga a éigniú. Ionsaíodh sráid ar a raibh cónaí ar Romaigh; cuireadh tithe trí thine agus ruaigeadh na scórtha san réabadh scanrúil a mhair oícheanta. Foréigean ar mhaithe le cosaint cailíní agus ban, mar dhea. Ta an cás in aghaidh na mbuachaillí curtha ar neamhní anois de bharr fianaise nua nár nochtadh don phobal. Ar an láimh eile, tá a fhios go mba dhaoine ar deineadh gearáin fúthu as foréigean teaghlaigh ab ea 19 as an 53 a gabhadh mar gheall ar na círéibeacha.
Ba léir don dall gur chiníochas faoi ndear na círéibeacha. Cháin gach dream an foréigean ach mhaígh aontachtaithe arís agus arís eile go raibh údar imní ag daoine faoin inimirce mhídhleathach. Nuair a ceistíodh iad faoi staidreamh, bhain formhór na bhfreagraí le Sasana nó le ráflaí faoi bhusanna a bheith ag teacht aneas pacáilte le hinimircigh. Níl méadú mór ar an inimirce abhus ach tá brú ar sheirbhísí poiblí agus bhí sula raibh aon chaint ar iarrthóirí tearmainn – atá anseo go dleathach ach gur minic a luaitear iad le hinimirce neamhdhleathach.
Níorbh iad na gálaí polaitiúla amháin a airíodh. Ar éigean a bhí maisiúcháin na Nollag curtha i dtaisce nuair a bhuail stoirm Éowyn isteach roimh dheireadh mhí Eanáir. Bhí siotaí os cionn 90 míle san uair in áiteacha sa Tuaisceart, scuabadh díonta d’fhoirgnimh, fágadh an trian de theaghlaigh gan leictreachas, cuid acu ar feadh deich lá. Leagadh go leor crann a rinne an-damáiste ar bhóithre, don soláthar aibhléise agus i gcúpla cás do thithe. Faoi dheireadh na bliana thug stoirm Bram an-damáiste ón bhfarraige; leagadh ballaí cosanta, scuab na tuilte carranna de bhóithre i leithinis na hArda agus ar an taobh thuaidh de Loch Lao i gCarraig Fhearghais.
Bhí an ghéarchéim aeráide soiléir, cé go raibh séantóirí fós ann. Bhí na fadhbanna a bhain le truailliú na n-uiscí doshéanta. In 2025 cheapfadh duine in eitleán os cionn Loch nEathach gur pháirc ollmhór glas-uaine ab ea é. Bhí an loch, foinse uisce do leath an Tuaiscirt, á phlúchadh gach samhradh le roinnt blianta ach i mbliana bhí sé chomh holc sin gur cuireadh stop le fóillíocht agus le hiascaireacht; an tionscal iomráiteach iascaireacht eascann buailte go dona. Leath an t-alga nimhe ón loch amach tríd an Bhanna chuig tránna ar an gcósta thuaidh agus mar bharr ar an donas, bhí truailliú freisin i Loch Éirne agus uiscebhealaí eile. Dúshlán mór do Stormont a dhul i ngleic leis; go dtí seo bhí an tacaíocht ón dá mhórpháirtí do phleananna an Aire Comhshaoil, Andrew Muir, Alliance, sách patuar.
I measc imeachtaí móra na bliana bhí triail an tsaighdiúra F i dtaca le Domhnach na Fola nuair a mharaigh paratrúpaí na Breataine 13 sibhialtach neamharmtha agus ghoin 14 eile. B’údar díomá do na teaghlaigh é nár ciontaíodh Saighdiúir F, an t-aon saighdiúir a cúisíodh ach b’údar uchtaigh dóibh briathra an bhreithimh. Dúirt an Breitheamh Lynch gur imigh na saighdiúirí ó smacht ar fad, nach chun iad féin a chosaint a scaoil siad ach chun daoine a mharú.
Níl oidhreacht na dTrioblóidí fuascailte fós, daoine ag fanacht féachaint cén bhail a bheidh ar an reachtaíocht maidir le fiosrúcháin agus fíricí nuair a bheidh a chúrsa Parlaiminte thart.
Rinneadh dul chun cinn suntasach i saol na Gaeilge nuair a ceapadh an Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds. Tá an obair ina tús ach is léir go mbeidh a dhóthain deacrachtaí le sárú aige.
Ba é ceapadh na gcoimisinéirí ceann den bheagán céimeanna a ghlac Feidhmeannas Stormont. Táthar fós ag fanacht le gníomhartha maidir le bóthar an A5 ó Achadh na Cloiche go Doire agus le staid Chumann Lúthchleas Gael, Páirc Mhic Easmuinn.
Tá súil go mbeidh lá eile ag an bPaorach.
Seán
Gan gruaim ort ná oraibh!