‘Chuaigh sibh i gcleachtadh ar Tchaikovsky agus ar Scorsese – foghlaimígí Úna Ní Dhonghaíle!’ 

Tá obair déanta ag an eagarthóir scannáin Úna Ní Dhonghaíle ar mhórshraitheanna teilifíse ach scannán faoi údar Gaeilge an togra is gaire dá croí faoi láthair

‘Chuaigh sibh i gcleachtadh ar Tchaikovsky agus ar Scorsese – foghlaimígí Úna Ní Dhonghaíle!’ 

Seo an dara cuid d’ agallamh ar foilsíodh an chéad chuid de ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite. Is féidir an chéad chuid a léamh anseo

Idir na blianta 1995-1998 d’fhreastail Úna Ní Dhonghaíle ar an gColáiste Náisiúnta Teilifíse is Scannán in Beaconsfield gar do Londain. Go gairid théis di an coláiste sin a fhágáil thosaigh sí ag obair ar chláracha agus ar scannáin mór le rá.

Bronnadh duais ‘Bafta’ uirthi de bharr a cuid oibre eagarthóireachta ar an scannán Three Girls. Bhain sí an-sásamh as an obair sin toisc gur bhain an scéal le hábhar a bhí thar a bheith leochaileach.

Bhain sé le mealltóireacht cailíní faoi aois i Sasana ag scata fear ón phobal Pacastánach i dtuaisceart Shasana. 

Tá bród ar leith uirthi de bharr an duais IFTA a bronnadh uirthi mar gheall ar a cuid oibre ar an scannán faisnéise a rinne sí faoina hathair féin, Dónal Donnelly, The Invisible Man. 

Bhí sé páirteach i bhfeachtas an IRA sna caogaidí agus é 16 bliain d’aois.

D’éalaigh sé ó Phríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste sa mbliain 1960 – príosún ar baisteadh an teideal ‘Alcatraz’ air toisc gur ceapadh nach bhféadfaí éalú as. Ag tráth amháin bhí 12,000 póilíní agus ‘B’ Specials ar a thóir ach níor gabhadh é – ba í an tóraíocht ba mhó riamh in Éirinn ag an am. Ina dhiaidh sin, cé gur chuir sé faoi sa Phoblacht ní raibh cead aige dul ar ais go dtí an Ómaigh, an áit arb as é, go dtí le blianta beaga anuas nuair a tugadh cead dó dul thar teorainn arís. 

Cara mór le Peadar O’Donnell, an sóisialach agus an scríbhneoir as Dún na nGall, a bhí ann agus is iomaí scéal suimiúil a insíonn sé faoin tréimhse sin ina shaol.

Tá cuid de na scéalta sin ar fáil uaidh féin sa leabhar Prisoner 1082:Escape from Crumlin Road, Europe’s Alcatraz.

Tá ceangal láidir ag Úna le Kenneth Branagh le fada an lá – ón uair gur oibrigh sí leis ar an tsraith Wallander. Is léir go bhfuil ardmheas ag Branagh uirthi toisc gur iarr sé uirthi a scannán mór Death on the Nile a chur in eagar. Tá an scannán sin críochnaithe anois ach de bharr cúrsaí Covid-19 níor eisíodh fós é.

Ar ndóigh, is cuidiú an-mhór é i gceird na heagarthóireachta má tá féith na scéalaíochta ionat. Tá sin go smior sa chlann, is léir. Scéalaí den scoth a hathair Dónall. Agus é ag insint scéal an éalaithe ón phríosún, is ar éigean go dtarraingíonn sé anáil. 

I radharc amháin sa gclár faisnéise The Invisible Man, deir duine den chlann ‘Ach cheap mise nár tharla sé sin i ndáiríre duit, a Dheaid!’ Toisc go n-insíodh sé an scéal gach Nollaig ag an mbord, théis an dinnéir, cheap an iníon nach raibh ann ach scéal scéil.

Ceapann Úna féin go bhfuil tábhacht nach beag leis an traidisiún béil. Tugann sí an-mholadh dá hathair as a chumas scéalaíochta. “D’insíodh sé scéalta a chuaigh go croí ionainn agus muid a dhul a chodladh san oíche.”

“Chuir sé beocht agus anam ins na caraictéirí a bhain leis na scéalta sin,” a deir sí.

Rud a thug mé go dtí an cheist a bhaineann leis na carachtair sa tsraith The Crown. Daoine fíorúla iad clann ríoga Shasana ar ndóigh agus cé gur drámaíocht atá sa tsraith teilifíse, cá seasann Úna ar an gceist atá ag dó na geirbe le tamall ag na páipéir thablóideacha i Sasana – an ‘stair’ i ndáiríre é? An bhfuil lucht déanta na sraithe ag déanamh leatrom ar dhaoine daonna?

Smaoiníonn sí siar ar na cláracha a raibh baint aici féin go díreach leo – i Sraith 1 agus 2.

Tugann sí an-chreidiúint don scríbhneoir Peter Morgan. “Ceapaim go mbíonn sé i gcónaí ag iarraidh an taobh daonna de na carachtair a thaispeáint. Déanann gach duine againn botúin ach is daoine daonna muid.”

“Nuair a bhí mise ag gearradh na bpictiúr ina raibh banríon Shasana le feiceáil, bhí mé i gcónaí ag iarraidh a ‘daonnacht’ a thaispeáint. Nuair a bhíomar á phlé sa seomra eagarthóireachta is ag caint faoi ‘fírinne,’ ‘trua,’ ‘an duine daonna’ a bhíomar an t-am ar fad.”

Tháinig scannán faoin gcomórtas ‘Miss World’ ar oibrigh sí air amach in 2020 – Misbehaviour. Bhain sé le ‘Miss World’ sa mbliain 1970 agus an agóid a rinne feachtas saoirse na mban, nó ‘Women’s Lib’ mar a thugtaí air, ina choinne. Tá sí an-bhródúil as an scannán sin agus go háirithe as an scéal a bhain le ‘Miss South Africa’. Bhí an chinedheighilt fós i réim san Afraic Theas ag an am ach thoiligh an tír sin beirt bhan a chur ar aghaidh – duine geal agus duine dubh. 

Cé nár bhuaigh ceachtar acu, fuair an cailín dubh áit níb airde ná an cailín geal. Nuair a d’fhill siad ar an Afraic Theas, caitheadh amach an cailín dubh as a post agus níor fhág sí an tír riamh arís. Go dtí an uair ar lainseáladh an scannán i Londain sa Mhárta – b’in é a céad chuairt amach as an tír. 

Agus céard a tharla ansin? Sea, an diabhal de phaindéim –  dúnadh síos an scannán tar éis aon léiriú amháin i Londain. Ach tá sé ar fáil ar íocaíocht bheag ar go leor láithreán – Amazon Prime, Sky agus a leithéidí.

Ba é a spéis sa scéalaíocht agus sa traidisiún béil a mheall Úna chun oibriú ar thogra a bhfuil baint agam féin leis – scéal Mhuiris Uí Shúilleabháin agus George Thomson agus foilsiú an leabhair Fiche Bliain ag Fás. Má éiríonn leis, beidh deis aici a céad scannán a stiúradh. Agus tá suim ar leith aici ann toisc gur i nGaeilge atá an chuid is mó de. 

‘Tá mé an-bhródúil as an nGaeilge agus as an traidisiún agus as an gcultúr a bhaineann léi. Ní chreidfeá cé chomh minic a d’iarr daoine orm m’ainm a athrú agus an leagan Béarla a úsáid.’

Tá sí bródúil as a hainm féin. Agus an freagra a thugann sí orthu siúd a iarrann uirthi é a athrú? 

‘Chuaigh sibh i gcleachtadh ar Tchaikovsky agus ar Scorsese – foghlaimígí ‘Úna Ní Dhonghaíle!’ 

Fág freagra ar '‘Chuaigh sibh i gcleachtadh ar Tchaikovsky agus ar Scorsese – foghlaimígí Úna Ní Dhonghaíle!’ '