An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile

Labhair ár gcolúnaí le hÚna Ní Dhonghaíle, faoina ceird agus faoin gcumhacht a bhíonn ag eagarthóir an scéal a insint. Seo an chéad chuid den agallamh sin…

An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile

Tá radharc sa tsraith teilifíse The Crown, ina dtugann an Bhanríon Elizabeth le fios dá deirfiúr, an banphrionsa Margaret go dtabharfaidh sí cead di a grá geal, Peter Townsend a phósadh. Ach, nuair a théann an ceamara go dtí éadan an Phrionsa Philip, tá a fhios againn ar an bpointe, gan focal ráite, nach mbeidh ar chumas na Banríona é sin a dhéanamh.

Sin ealaín an eagarthóra scannán. Bhí mé ag caint le Úna Ní Dhonghaíle, eagarthóir roinnt cláracha sa chéad agus sa dara sraith de The Crown, agus d’inis sí dom faoina ceird agus faoin gcumhacht a bhíonn ag eagarthóir an scéal a insint.

‘Go minic, baineann sé leis an méid nach mbíonn ráite,’ a dúirt Úna liom. ‘Nuair a fhéachaim tríd an ábhar, sula dtosaím ag gearradh an scannáin, feicim rudaí agus cuimhním orthu.’

B’in mar a tharla leis an radharc sin. Chonaic sí an chaoi a raibh Philip ag éisteacht, agus go mba léir óna éadan nár chreid sé focal a mhná céile. Níor gá a rá nach dtitfeadh rudaí amach mar a bhí súil ag Margaret bhocht.

Is iomaí duais agus gradam atá bainte amach ag Úna ó thosaigh sí ag obair mar eagarthóir. Agus cé go bhfuil sí mórtasach as an gcáil a thuill The Crown ar Netflix, tá scannáin agus sraitheanna eile teilifíse mór le rá curtha lena CV aici i rith na mblianta.

Bhí sí díreach tar éis tréimhse a chaitheamh in éindí leis an stiúrthóir/aisteoir cáiliúil as Béal Feirste, Sir Kenneth Branagh, nuair a labhair sí liomsa. Ba ise a chuir eagar ar an scannán mór dá chuid, Death on the Nile, scannán nach bhfuil scaoilte amach fós.

Músclaíodh a suim sa cheird agus i saol na scannán, ar bhealach neamhghnách. Gach samhradh, agus iad óg, thugadh a máthair an chlann go Dún Mánmhaí, i gContae Chorcaí . D’fhanadh a hathair Dónal ag obair i mBaile Átha Cliath.

‘Tá cuimhne shoiléir agam den phictiúrlann beag ansin,’ a deir Úna. ‘Thugadh mo mháthair ag an bpictiúrlann go minic muid.’

‘Caithfidh sé go raibh an cóimheas treoíochta mícheart (méid an scáileáin) á úsáid ag an bhfear sa seomra teilgin,’ a dúirt sí. ‘Ó am go chéile, d’fheiceadh muid an micreafón ‘boom’ ag sleamhnú isteach ar thaobh an phictiúir. Agus nuair a dúirt mé le mo Mham é, is éard a dúirt sise ná go raibh leagan níos saoire den scannán á thaispeáint acu i nDún Mánmhaí.’

Blianta ina dhiaidh sin, thuig sí an córas a bhí ag obair sa bpictiúrlann ach faoin am sin bhí sí gafa go hiomlán leis an draíocht ar fad a bhain leis.

‘Thuig mé ón uair a chonaic mé an ‘mike’ sin go raibh foireann mhór daoine ag obair ‘taobh thiar’ den cheamara. Mheas mé go mbeadh an obair sin an-spéisiúil,’ dúirt sí.

D’fhreastail Úna ar Scoil Naithí agus ar Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath. Ón uair go raibh sí thart ar 14 bliain d’aois bhí sí meáite ar shlí bheatha a bhaint amach i saol na scannán.

Tugann sí ardmholadh do Mhuiris Mac Conghail, i measc léachtóirí eile, a thug uchtach di agus í ag freastal ar an gcoláiste scannán is teilifíse (DIT) i mBaile Átha Cliath.

‘Thaispeáin sé scannáin ar nós Poitín, agus Ballroom of Romance dúinn agus thuigeamar go raibh scannáin bunaithe ar scéalta Éireannacha á ndéanamh in Éirinn – agus go raibh siad ar comhchéim le scannáin idirnáisiúnta,’ dúirt sí.

Rinne Muiris gar eile d’Úna, gar a sheas di agus í ag iarraidh áit a bhaint amach sa Scoil Náisiúnta Scannán agus Teilifíse i Sasana. Bhí cóip den scannán a rinne sí mar mhac léinn, ag teastáil ar théip Beta nó VHS, le haghaidh an iarratais don choláiste sin. Ach bhí scannán Úna ar 16 mm agus ba bheag saotharlann a bhí ag obair faoin tráth sin, a d’aistreodh scannán go Beta nó VHS.

‘Fág agam é,’ a dúirt Muiris. Faoi cheann dhá lá bhí sé tagtha ar ais chuici agus cóip Beta agus dhá VHS aige di. Cuireadh ar an ngearrliosta í. Agus go gairid ina dhiaidh sin, bhain sí ceann amháin de na 6 áit – as 500 iarratas, a tugadh amach don chúrsa sa choláiste.

Agus is i Londain a fuair sí obair ar an bpointe nuair a d’fhág sí an coláiste. Ar chláracha móra faisnéise, ar scannáin agus ar shraitheanna móra teilifíse a chuaigh sí ag obair ón gcéad lá – leithéidí Wallander, Dr Who agus Ripper Street. Níor oibrigh sí ar chláracha nuachta ná cúrsaí reatha riamh – cé gur mar sin a thosaíonn go leor daoine.

Tá an t-ádh uirthi, ceapann sí, go bhfuil cuimhne an-ghéar aici, cuimhne fhótagrafach, a choinníonn cuimhní amhail grianghraif. Nuair a thosaigh sí amach ina ceird mar eagarthóir, is ar stiallacha scannáin a bhíodh an t-ábhar. Ghearradh an t-eagarthóir de láimh é ar mheaisín Steenbeck. Taobh thuas de do chloigeann a bhíodh na stiallacha crochta ach bhí de bhua ag Úna go gcuimhníodh sí i gcónaí cár chroch sí stiall áirithe scannáin.

Sa lá atá inniu ann agus í ag obair ar ríomhaire Avid, tá an chuimhne ghéar sin fós riachtanach. Má dhéanann a cúntóir aon atheagar nó glantachán ar an ríomhaire, cuireann sé isteach go mór uirthi toisc nach mbeidh na míreanna san áit ar chuir sí féin iad.

Agus cé go mb’fhéidir go gceapfá go mbeadh an-suim aici ina mbíonn ar siúl ar an láthair –‘ní théann eagarthóirí isteach ar an seit’, arsa Úna. ‘Ar an gcaoi sin, ní ghoilleann sé ort má ghearrann tú amach radharc a thóg an lá ar fad orthu a thaifeadadh.’

Ní chuireann sé isteach pioc uirthi má insíonn an stiúrthóir di gur chosain an radharc na mílte punt – is í an cheist a chuireann sise uirthi féin ná – ‘Cén luach atá ag an radharc seo sa scannán?’ Mura bhfuil luach leis sa scéal, isteach sa ‘mbosca bruscair’ leis.

Agus amanta, oibríonn sé seo an bealach contráilte. D’inis sí dom faoin uair a raibh cailín beag trí bliana d’aois ag teastáil le haghaidh radharc sa The Crown. Bhíodar ag athchruthú ócáid a tharla i mBéal Feirste nuair a tháinig cailín beag fhad le Banríon Shasana a bhí ar cuairt ansin agus rinne sí curtsy nó umhlú  beag. Bhí sé ag teip ar an stiúrthóir cailín den aois cheart a aimsiú don athchruthú.

‘Tá m’iníon-sa trí bliana d’aois!’ arsa Úna leo. ‘Déanfaidh sise é.’ Tugadh an cailín beag anonn go Londain (bhí sí i naíonra Naithí ag an am) agus rinneadh iarracht an t-umhlú

cuí a mhúineadh di. Rud a bhí dodhéanta.

‘Is cuma,’ arsa an stiúrthóir. ‘Thugamar faoi deara nach raibh an cailín beag sa scannán nuachta ag an am in ann é a dhéanamh ach an oiread. Is cosúil go mbíonn deacrachtaí ag leanaí óga fanacht ar leathchois.’

Bhí go maith agus lean siad ar aghaidh. Ach lá níos faide anonn tháinig scríbhneoir na sraithe isteach i seomra na heagarthóireachta agus d’fhógair gur mhaith leis an radharc ar fad a bhain le Beal Feirste a ghearradh amach as an gclár sin. ‘Níl sé ag obair,’ a dúirt sé.

Chuir Úna gach cleas a bhí ar eolas aici ag obair le go gcoinneofaí an radharc – ach ní éistfeadh sé léi. Ar deireadh d’admhaigh sí gurbh í a hiníon féin a bhí sa radharc.

‘Cén fáth nár inis tú é sin dom?’ arsa sé agus fágadh ann é. Cheap a rang i Naíonra Naithí gur chas sí leis an mbanríon cheart i Londain agus gur bhronn bláthfhleasc uirthi.

– Foilseofar an dara cuid den agallamh seo ar Tuairisc.ie an tseachtain seo chugainn

Fág freagra ar 'An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile'