‘Cha raibh a fhios agam go raibh sé chomh líofa sin sa Ghaeilge’– léargas ar thábhacht na Gaeltachta do John Hume

Tá léargas ar fáil i leabhar nua ar an chion agus an meas a bhí ag John Hume ar Ghaeltacht Thír Chonaill

‘Cha raibh a fhios agam go raibh sé chomh líofa sin sa Ghaeilge’– léargas ar thábhacht na Gaeltachta do John Hume

Tugann leabhar nua faoi John Hume léargas ar an chion agus an meas a bhí aige ar Ghaeltacht Thír Chonaill. Ba thearmann a bhí i nGaoth Dobhair dó agus é sáite i bpolaitíocht fhuilteach na dtrioblóidí agus ba ann a chuaigh sé chun éalú ón éadóchas, dar leis an iriseoir Stephen Walker, údar John Hume: The Persuader.

“John Hume adored being in Donegal. It was his special place,” a deirtear sa leabhar. Deirtear go raibh dúil ar leith aige dul chun na Gaeltachta agus tamall a chaitheamh ‘gar do’ Ghaoth Dobhair, a bhí “sandwiched” idir Sléibhte Dhoire Bheatha agus an tAigéan Atlantach – “a place apart” a bhí sa gceantar sin ag John Hume.

Thosaigh Hume agus a bhean chéile Pat ag tabhairt cuairt ar Ghaoth Dobhair go gairid tar éis dóibh pósadh sa bhliain 1960. Théadh siad trasna na teorann go rialta le haghaidh deirí seachtaine fada agus b’iondúil dóibh mí Iúil go léir a chaitheamh ar an Bhun Beag.

Go deimhin a luaithe is a fuair Pat a cuid laethanta saoire ón scoil ina raibh sí ag teagasc, ba ghnách leo an carr a phacáil agus bailiú leo. Chaithidís an samhradh ar na tránna áitiúla agus níorbh fhada go raibh gréasán cairde acu sa cheantar. Chas Hume fosta le teagmhálacha polaitiúla ann agus ba mhinic go ndeachaigh Seán Donlon, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe, ar saoire leo.

Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla

“Ba é an saghas áit go bhféadfá saol teaghlaigh de chineál éigin a bheith agat sa chaoi go bhfanfadh na daoine fásta ina suí an-déanach ag ól agus ag canadh agus ag insint scéalta,” a dúirt Donlon leis an údar.

Ábhar sagairt i Maigh Nuad ab ea Donlon agus Hume beirt ach ar ndóigh, níor oirníodh ceachtar acu.

Thug a thréimhsí i nGaoth Dobhair deis do Hume a chuid Gaeilge a chleachtadh, cé gur bhraith sé go raibh a chumas labhartha briotach go maith mar nár úsáid sé í ón uair go raibh sé ina mhac léinn i gColáiste Naomh Colm Cille.

Ag tráth amháin iarradh air agallamh a dhéanamh le Raidió na Gaeltachta ach bhí sé buartha nach raibh go leor máistreachta aige ar an teanga le labhairt ar an stáisiún. D’iarr sé ar a chomhghleacaí, Bríd Rodgers (cainteoir Gaeilge ó dhúchas ón Bhun Beag) dianchúrsa gasta a thabhairt dó agus nathanna cainte éagsúla a chleachtadh leis. Deir Bríd sa leabhar go raibh iontas uirthi nuair a d’éist sí leis an chlár mar gur gheall le cainteoir dúchais é.

An tráthnóna sin chas an té a rinne an t-agallamh uirthi agus é le rá aici ‘cha raibh a fhios agamsa go raibh John chomh líofa sin sa Ghaeilge’.

Bhain Hume sult as a bheith ag cócaireacht dá theaghlach nuair a bhíodh teach ar cíos acu ar an Bhun Beag, rud nach ndearna sé ariamh i nDoire. Bhí teagmhálacha gnó aige in Ailt an Chorráin agus is minic a d’éiríodh leis bradán nó gliomach a fháil uathu. Thaitin prátaí úra an cheantair go mór leis fosta.

Achan bhliain thug an teaghlach cuairt ar Ghabhla, buaicphointe na saoire, dar lena mhac John Óg Hume agus dúirt go mbídís ag caint faoin turas sin aon mhí dhéag roimh ré mar gurbh é sin an lá ba mhó sa bhliain acu:

“Théimis ar fad amach go dtí Gabhla sa bhád seo. Bád iascaireachta a bhí ann agus phacáiltí isteach deich dteaghlach. Ní dhéanfá inniu. Deich dteaghlach agus gan fiú seaicéad tarrthála amháin againn – tá a fhios agat, 25 nó 30 páiste, 20 duine fásta agus as go brách linn go dtí Gabhla don lá.”

D’fhill Hume, a bhuaigh duais Nobel sa bhliain 1998, ar Dhún na nGall arís is arís eile chun éalú ón bhrú a bhí air i saol na polaitíochta agus ar deireadh, cheannaigh sé teach saoire ar an Chaisleán Nua in Inis Eoghain. Deirtear sa leabhar gur faoiseamh a fuair Hume i nDún na Gall ón mbrú uilig a bhain le saol na polaitíochta. “Le linn a shaoil oibre go léir, ba é an áit a chuaigh sé nuair a bhíonn fonn air a mhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí nó lena anáil a tharraingt.”

I measc na ndaoine ar chuir an t-údar Stephen Walker agallamh orthu don saothar seo bhí an t-úrscéalaí Gaeilge, an tAthair Breandán Ó Doibhlin, a cailleadh le déanaí. Bhí aithne ag an Athair Ó Doibhlin ar Hume le linn an ama a chaith sé ag staidéar i Má Nuad.

Fág freagra ar '‘Cha raibh a fhios agam go raibh sé chomh líofa sin sa Ghaeilge’– léargas ar thábhacht na Gaeltachta do John Hume'

  • MacAnRí

    Iontach speisiúil ar fad !! Fear ildanach ab ea Hume cha raibh a fhios agam go raibh an Ghaeilge aige fosta.