Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla

Tá cur síos sa leabhar nua John Hume: The Persuader, ar dhá eachtra a tharla i nGaoth Dobhair a raibh an-tábhacht ag baint leo i stair an Tuaiscirt

Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla

Léiríonn beathaisnéis úr ar John Hume gur tharla roinnt eachtraí tábhachtacha i stair na hÉireann i nGaoth Dobhair, áit ar chaith an buaiteoir Nobel go leor dá chuid saoire.

Cé go ndeir Stephen Walker údar John Hume: The Persuader, go ndeachaigh Hume go Gaeltacht Thír Chonaill le héalú ón strus polaitiúil agus chun dianmhachnamh a dhéanamh ar mholtaí úra a tháinig chun cinn, déanann sé cur síos ar dhá eachtra a tharla i nGaoth Dobhair a raibh an-tábhacht ag baint leo i stair Thuaisceart Éireann.

Ag tús na bliana 1970, ní raibh na trioblóidí ach ina dtús ach ba léir do Hume go raibh géarghá le páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal Náisiúnach ó thuaidh.

Bhí seisear feisirí náisiúnacha i Stormont ag an am. Toghadh Hume mar fheisire neamhspleách agus bhí aithne mhaith aige ar bheirt fheisirí neamhspleácha eile – Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon – ón am a chaith siad i ngluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt.  Bhí an triúr acu ar aon intinn gur cheart páirtí nua a bhunú agus chuaigh siad i mbun cainteanna leis an triúr feisirí eile: Gerry Fitt (Páirtí Phoblachtach an Lucht Oibre), Austin Currie (An Páirtí Náisiúnach) agus Paddy Devlin (Páirtí an Lucht Oibre, Tuaisceart Éireann).

Ba ghnách le Hume a chuid laethanta saoire a chaitheamh i nGaoth Dobhair ag an am agus bheartaigh sé gur ansin ba cheart daofa dul i mbun comhráití. Ba léir go raibh Austin Currie ar aon intinn leis an triúr eile ach bhí deacrachtaí go leor ag Hume an bheirt fheisirí as Béal Feirste a mhealladh: “Bhí sé féin agus an bheirt ionadaithe as Béal Feirste an-éagsúil lena chéile, ó thaobh pearsantachta de agus ó thaobh gnéithe dá gcuid polaitíochta. Chonacthas do Devlin agus Fitt gur bhain siad leis an traidisiún sóisialach agus bhí tuairimí láidre acu beirt faoin lucht oibre. Dar le Hume ba dhaonlathach sóisialta agus ní sóisialach é. Bhí Fitt an-suáilceach, bhí sé deisbhéalach agus an cháil air gur fear mór carúl é. Ní ó scoil ghramadaí a tháinig sé agus murab ionann agus Hume, féinoilte a bhí sé. Ba mhór aige a neamhspleáchas agus bhí drogall air a bheith ina bhall de pháirtí…Mheas daoine áirithe gur fear ann féin ab ea Devlin a raibh croí mór maith aige, a bhí taghdach agus a raibh teanga gharbh aige. Dála Fitt, fear mór cuideachta ab ea é a raibh CV suimiúil aige.”

Má bhí drogall ar Fitt a bheith páirteach i bpáirtí úr, bhí Devlin fíor-amhrasach agus doicheallach le Hume. Is beag seasamh a bheadh ag an pháirtí úr mura mbeadh ionadaithe Náisiúnacha Bhéal Feirste páirteach ann agus d’eagraigh Hume sraith cruinnithe thar thréimhse seachtainí in Óstán Radharc an Eargail, nó ‘Teach Joe’ mar a thugtaí air, sna Machaireacha. Bhí aird an domhain ar imeachtaí an Tuaiscirt fán am seo agus bhí clú agus cáil ar chuid mhaith de na daoine a d’fhreastail ar na cruinnithe sin.

Is cuimhin le muintir na háite iad a fheiceáil sna siopaí, ag Teach an Phobail agus i dtithe leanna an pharóiste. Blianta ina dhiaidh sin, thagair Hume don tábhacht a bhain le hatmaisféar réchúiseach láthair na gcainteanna, in agallamh a thug sé sa bhliain 2002:

“Agus cur amach agam ar an áit agus na hóstáin ann, shocraigh mé go mbeadh ár gcruinnithe ar siúl thíos ansin ag an deireadh seachtaine, áit a mbeadh atmaisféar níos réchúisí. Agus bhí an plé a bhí againn ansin an-dearfach agus an-tairbheach.”

Ar an 21 Lúnasa, 1970, seoladh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) in Óstán an Grand Central i mBéal Feirste. Roghnaíodh Gerry Fitt mar cheannaire an pháirtí agus John Hume mar Thánaiste. Bhí a gcomhdháil bhliantúil ag an SDLP in Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair sa bhliain 1974.

Blianta fada ina dhiaidh sin, tharla eachtra eile i nGaoth Dobhair a raibh impleachtaí aige don phróiseas síochána.

Fad is a bhí Hume ar saoire ann i 1987 casadh an t-aturnae cáiliúil Paddy McGrory air. Bhí McGrory an-mhór le Gerry Adams agus d’éirigh leis a chur ina luí ar Hume go raibh Sinn Féin lán-dáiríre faoi pháirt a ghlacadh i bpróiseas síochána. Ba chuimhin le Pat Hume, bean chéile John, an tábhacht a bhain leis an chomhrá úd i nGaoth Dobhair: “Is dóigh liom go raibh sé ag iarraidh cur abhaile ar John go raibh fonn ar Shinn Féin dul sáite sa pholaitíocht. B’in an chéad uair gur chuala mé an comhrá áirithe sin.”

Cé gur chas an dá cheannaire lena chéile den chéad uair i 1986, cuireadh tús foirmeálta le cainteanna Hume-Adams ag tús na bliana 1988.

Glactar leis go forleathan gur lúb thar a bheith tábhachtach ab ea na cainteanna sin i slabhra phróiseas na síochána agus i gComhaontú Aoine an Chéasta a d’eascair as.

Fág freagra ar 'Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla'