Ceardchumann na bpríomhoidí lena n-imní faoi chóras na díolúine Gaeilge a chur in iúl i dTeach Laighean

Tá buairt léirithe ag príomhoidí go gcuireann córas nua na ndíolúintí brú orthu tuilleadh díolúintí ón nGaeilge a bhronnadh ar dhaltaí

Ceardchumann na bpríomhoidí lena n-imní faoi chóras na díolúine Gaeilge a chur in iúl i dTeach Laighean

Beidh ionadaithe ó cheardchumann na bpríomhoidí in Éirinn i dTeach Laighean inniu chun a dtuairim a thabhairt maidir le ceist na ndíolúintí sa chóras oideachais.

Tá buairt léirithe ag príomhoidí go gcuireann córas nua na ndíolúintí brú orthu tuilleadh díolúintí ón nGaeilge a bhronnadh ar dhaltaí.

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais i mbun sraith cruinnithe faoi cheist na díolúine le roinnt seachtainí anuas agus labhróidh Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD) ar thaithí a mball ag cruinniú an lae inniu.

Faoin gcóras nua a thug an Roinn Oideachais isteach in 2019, is faoi phríomhoidí atá sé díolúine ón nGaeilge a cheadú de réir chritéir reatha na Roinne. Roimhe seo, bhíodh tuairisc ó shíceolaí riachtanach chun a leithéid a fháil.

Léiríodh imní ag an am go gcuirfeadh an t-athrú brú ar phríomhoidí agus ar scoileanna níos mó díolúintí a cheadú.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc go bhfuil ardú 20% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil díolúine ón nGaeilge ó tháinig an córas nua i bhfeidhm.

Ábhar buartha é an brú sin ar phríomhoidí go fóill de réir fianaise a thug Cumann Múinteoirí Éireann [INTO] don choiste níos luaithe an mhí seo.

Dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, gur pléadh córas nua na ndíolúintí le príomhoidí bunscoile ag sraith seimineár a reáchtáladh le bliain anuas agus gur mheas príomhoidí go raibh brú orthu níos mó díolúintí a cheadú ó tháinig córas nua na ndíolúintí i bhfeidhm in 2019. Bhraith siad faoi bhrú ó thuismitheoirí agus ó iarbhunscoileanna díolúintí a cheadú, a dúradh.

Dúradh freisin go raibh formhór den 400 príomhoide bunscoile a ghlac páirt sna seimineáir den tuairim nár cheart díolúintí a bhronnadh ag leibhéal na bunscoile.

Dar leis an INTO, caithfear féachaint in athuair ar “choincheap” na díolúine féin, go háirithe i bhfianaise athruithe ar an gcuraclam bunscoile agus mar gheall ar an gcaint faoi nuatheanga Eorpach eile a chur á teagasc ag an mbunleibhéal.

Tá imní léirithe acu siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais faoin tionchar a bheidh ag an ardú ar líon na ndíolúintí ar an nGaeilge mar ábhar scoile agus mar theanga amach anseo.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc ar Ardteist 2022 nach raibh 22.4% de dhaltaí a fuair a dtorthaí an mhí seo caite cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, líon níos airde ná mar a bhí aon bhliain eile le scór bliain anuas.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go mbeidh an Ghaeilge ‘roghnach’ chugainn tríd an gcúldoras má leanann an fás sin ar líon na ndaoine nach ndéanann an scrúdú Gaeilge. Dúirt Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta ó Aontas Múinteoirí Éireann [TUI] gur “cur i gcéill uafásach” a bhí sa líon daltaí a bhí ag fáil díolúine agus mhaígh ceannasaí Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin go raibh an baol ann gur mionlach a bheadh i líon na ndaltaí a dhéanfadh scrúdú Gaeilge don Ardteist amach anseo mura ndéanfaí na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras a scrúdú agus a leigheas.

Fág freagra ar 'Ceardchumann na bpríomhoidí lena n-imní faoi chóras na díolúine Gaeilge a chur in iúl i dTeach Laighean'

  • Brendan Keane

    Eang le eang.

  • Caitríona

    Mar ó Dhea gur cuma leo sin faoin nGaeilge?!