Príomhoidí bunscoile den tuairim nár cheart díolúine ón nGaeilge a bhronnadh ach amháin san iarbhunscoil

Deir ceannasaí an INTO go bhfuil tuairiscí faighte acu faoi thuismitheoirí a bheith ag iarraidh go gcuirfí scrúdú eile ar a bpáistí nuair a bhíonn a scór caighdeánach ró-ard le cáiliú do dhíolúine

Príomhoidí bunscoile den tuairim nár cheart díolúine ón nGaeilge a bhronnadh ach amháin san iarbhunscoil

Deir formhór na bpríomhoidí bunscoile a ceistíodh faoi dhíolúine na Gaeilge gur chóir an córas faoina gceadaítear an díolúine a fhágáil faoi iarbhunscoileanna amháin.

Tugtar an méid sin le fios in aighneacht a chuir an ceardchumann múinteoirí is mó sa tír, Cumann Múinteoirí Éireann [INTO], os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Agus ceist na ndíolúintí á plé ag an gcoiste inné, dúirt Ard-Rúnaí an INTO, John Boyle, gur phléigh an ceardchumann córas nua na ndíolúintí, a tháinig i bhfeidhm in 2019, lena mbaill ag sraith seimineár a reáchtáladh idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí na Bealtaine 2022. Thart ar 400 príomhoide bunscoile ar fad a ghlac páirt sna seimineáir.

Dúirt Boyle go raibh “tuairim láidir” i measc na bpríomhoidí nár cheart díolúintí a bhronnadh ag leibhéal na bunscoile. Deir an INTO go gcaithfear féachaint athuair ar “choincheap” na díolúine féin, go háirithe i bhfianaise athruithe ar an gcuraclam bunscoile agus mar gheall ar an gcaint faoi nuatheanga Eorpach eile a chur á teagasc ag an mbunleibhéal.

Dúradh gur cheart go bhfaigheadh daltaí bunscoile taithí ar gach réimse den churaclam comhtháite, ach difreáil chuí a bheith i bhfeidhm. Dá mbeadh díolúine de dhíth, ba cheart go mbronnfaí í níos déanaí ná leibhéal na bunscoile, a measadh.

Dúirt Boyle go raibh príomhoidí ag na seimineáir nár aontaigh leis an dearcadh sin ach gur mionlach beag a bhí iontu.

Mheas na príomhoidí freisin go raibh brú orthu níos mó díolúintí a cheadú ó tháinig córas nua na ndíolúintí i bhfeidhm in 2019. Bhraith siad faoi bhrú ó thuismitheoirí agus ó iarbhunscoileanna díolúintí a cheadú, a deir an INTO.

Dúirt Boyle nach ndéanann sé ciall ar bith don INTO go mbeadh dalta ag staidéar na Spáinnise nó na Fraincise ach go mbeadh díolúine ón nGaeilge acu agus dúirt sé nach mbíonn a leithéid ar fáil “áit ar bith eile san Eoraip”.

John Boyle

Dúradh freisin go bhféadfadh líon na ndíolúintí a dheonaítear a bheith níos airde ná mar atá á thuairisc. Tá sé de dhualgas ar phríomhoide díolúintí a chlárú ar chóras de chuid na Roinne ach dúradh nach mbíonn an t-am ag an bpríomhoide sin a dhéanamh láithreach agus go bhfágtar é go dtí go mbíonn daonáireamh bliantúil na scoile ann mí Dheireadh Fómhair.

Faoin gcóras nua, tá cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Dúirt Boyle gur údar imní tuairiscí a bhí faighte ag an INTO go raibh líon ard tuismitheoirí ag iarraidh go ndéanfaí athscrúdú ar a bpáiste nuair a léiríodh nach raibh siad ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun agus dá bharr nach raibh siad i dteideal díolúine.

Reáchtáladh na seimineáir sin agus an INTO ag fáil réidh don athbhreithniú a bhí le déanamh ag an Roinn Oideachais ar chóras na ndíolúintí i mbliana.

Mar atá déanta ag roinnt mhaith eagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge agus le cúrsaí oideachais, cháin an INTO an t-athbhreithniú sin go láidir.

Dúirt Boyle nach dtabharfadh sé athbhreithniú ar chor ar bith ar an méid a rinne an Roinn agus nár tugadh deis don INTO baint cheart a bheith acu leis an bpróiseas. Tá an ceardchumann ag moladh anois go dtabharfaí faoi athbhreithniú “ceart” ar an gcóras.

Fág freagra ar 'Príomhoidí bunscoile den tuairim nár cheart díolúine ón nGaeilge a bhronnadh ach amháin san iarbhunscoil'