Foláireamh tugtha go mbeidh an Ghaeilge ‘roghnach’ chugainn tríd an gcúldoras  

Is é an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, an duine is déanaí a bhfuil rabhadh tugtha acu maidir leis an ardú atá tagtha ar líon na ndaoine nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge

Foláireamh tugtha go mbeidh an Ghaeilge ‘roghnach’ chugainn tríd an gcúldoras  

Tá foláireamh tugtha ag saineolaí oideachais go mbeidh an Ghaeilge ‘roghnach’ chugainn tríd an gcúldoras má leanann an fás ar líon na ndaoine nach ndéanann aon scrúdú sa Ghaeilge don Ardteist.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go raibh an baol ann go bhféadfaí ábhar roghnach a dhéanamh den teanga “ar shlí eile” dá gcoinneofaí córas na ndíolúintí mar atá.

“Tá muid ag dul i dtreo aon cheathrú [daltaí] nach bhfuil ag suí aon scrúdú Ardteistiméireachta [Gaeilge] agus tá an baol ann go bhfuil muid ag teacht go dtí Gaeilge roghnach don ardleibhéal ar shlí eile,” a dúirt Ó Duibhir, atá ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc ar Ardteist 2022 nach raibh 22.4% de dhaltaí a fuair a dtorthaí an mhí seo caite cláraithe don scrúdú Gaeilge, líon níos airde ná mar a bhí aon bhliain eile le scór bliain anuas.

Ba í caint Uí Dhuibhir an tseachtain seo an foláireamh is déanaí maidir le líon na ndaoine nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge, ceist atá tagtha chun cinn go mór sa tsraith cruinnithe atá á reáchtáil ag Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi dhíolúine na Gaeilge.

Ag cruinniú na seachtaine seo caite den choiste, dúirt Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta ó Aontas Múinteoirí Éireann [TUI] gur “cur i gcéill uafásach” a bhí ann nach ndearna breis agus duine as gach cúigear a thug faoin Ardteist i mbliana scrúdú Gaeilge, in ainneoin gur ábhar éigeantach atá sa teanga.

Ag cruinniú eile an mhí seo caite, dúirt ceannasaí Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghreácháin go raibh an baol ann gur mionlach a bheadh i líon na ndaltaí a dhéanann scrúdú Gaeilge don Ardteist amach anseo mura ndéanfaí na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras a scrúdú agus a leigheas.

Bíonn díolúine ón nGaeilge ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge don Ardteist.

Céatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist
2011 19%
2012 19%
2013 18%
2014 17%
2015 16%
2016 16%
2017 15%
2018 15%
2019 18%
2020 18%
2021 18%
2022 22%

* An Ardteist thraidisiúnta, Clár Gairme na hArdteiste agus an Ardteist Fheidhmeach 

In 1999, fuair 2.5% de scoláirí díolúine ón nGaeilge ach tá sin ardaithe go dtí 11% anois, in ainneoin córas nua a thug an Roinn Oideachais isteach cúpla bliain ó shin a dúradh a dhéanfadh rud annamh agus eisceachtúil den díolúine.

Fás 60% a tháinig ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama le sé bliana anuas agus tháinig ardú 25% ar líon na ndíolúintí ó tugadh córas nua na Roinne isteach in 2019.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ag cruinniú na seachtaine seo de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur léir go mbíonn an Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge “mar cheist riaracháin seachas ceist oideachais”.

Dúirt sé go raibh an méid a bhí le rá ag cigireacht na Roinne san athbhreithniú a rinneadh ar sheanchóras na ndíolúintí ag teacht salach ar an méid atá sna ciorcláin nua ina leagtar amach na rialacha maidir le díolúine a fháil ón nGaeilge. Bhí an chuma ar an scéal go raibh neamhaird déanta ag an dream sa Roinn a chum na ciorcláin ar na hargóintí oideachais a bhí déanta ag cigireacht na Roinne féin faoin scéal, a dúirt sé.

Ardú 25% tagtha ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh

Dúirt Ó Duibhir go raibh gá le hathrú a dhéanamh ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge chun í a dhéanamh “níos spreagúla” do dhaltaí ach mheas sé go raibh córas reatha na ndíolúintí ag tabhairt teachtaireacht do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nach mbeadh siad in ann an teanga a fhoghlaim.

Faoin gcóras nua, tá cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Dúirt Ó Duibhir nach raibh aon chiall lena leithéid.

D’impigh Ó Duibhir ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí an choiste Oireachtais iarraidh ar an Roinn Oideachais rialacha nua maidir leis an díolúine a tharraingt siar agus deireadh ar fad a chur leis an díolúine i mbunscoileanna an stáit.

Fág freagra ar 'Foláireamh tugtha go mbeidh an Ghaeilge ‘roghnach’ chugainn tríd an gcúldoras  '