‘An baol ann go mbeidh daltaí a dhéanann Gaeilge na hArdteiste ina mionlach amach anseo’

Dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais gur cheart stop a chur le córas nua na ndíolúintí Gaeilge láithreach

‘An baol ann go mbeidh daltaí a dhéanann Gaeilge na hArdteiste ina mionlach amach anseo’

Ba chóir stop a chur le bronnadh díolúintí ón nGaeilge seachas i gcásanna eisceachtúla go dtí go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta ar an gcóras.

B’in a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas agus córas na ndíolúintí á phlé i dTeach Laighean tráthnóna.

Léiríodh imní ag an gcruinniú faoin ardú atá tagtha le roinnt blianta anuas ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a dheonaítear do dhaltaí agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chás na teanga sa chóras oideachais agus sa tsochaí i gcoitinne amach anseo.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin ó Ghaeloideachas nár cheart díolúintí a cheadú feasta, ach amháin i gcás daltaí a bhfuil riachtanais oideachais thromchúiseacha acu, go dtí go ndéanfar na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras a scrúdú agus a leigheas.

“An moladh a bheadh agamsa ná go gcuirfí stop leis an gcóras reatha agus go mbeadh muid ag díriú ar an 4% nó an 3% [de dhaltaí a bhfuil riachtanais thromchúiseacha acu] agus ansin go gcuirfí athbhreithniú mar is ceart, an ceann a rabhamar ina theideal, ar bun,” Ní Ghréacháin.

Dúirt sí nach raibh duine ar bith ag séanadh go raibh líon beag daltaí ann a raibh díolúine ón nGaeilge ag teastáil uathu ach go bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil do thromlach na ndaltaí a bhí ag fáil díolúine i láthair na huaire chun cabhrú leo an Ghaeilge a thabhairt leo.

Má leanann an fhadhb ag dul in olcas cruthófar deacrachtaí ollmhóra don teanga amach anseo, a dúirt Ní Ghréacháin.

“B’fhéidir gur áibhéil é, tá súil agam gurb ea, ach faoi láthair tá muid ag rá go bhfuil duine as gach deichniúr ag fáil díolúine. An bhfuil muid ag breathnú ar chás ina mbeidh daltaí a roghnaíonn Gaeilge ina mionlaigh sna scoileanna T2 [scoileanna Béarla] amach anseo?

“Má leanann muid an treocht seo, má théann an ráta mar atá sé i méid go leanúnach agus go suntasach, sin a bheidh romhainn mura dtagann críoch láithreach leis seo.”

Agus iad ag tabhairt fianaise ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, léirigh Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge agus An Foras Pátrúnachta míshástacht i leith an athbhreithnithe a rinne an Roinn Oideachais ar chóras na ndíolúintí i mbliana.

Mhol na trí eagraíocht go mbeadh “polasaí soiléir” ann i dtaobh na Gaeilge sa chóras oideachais agus mhol Conradh na Gaeilge arís go mbeadh polasaí cuimsitheach ann don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, áfach, go raibh “gníomh práinneach” ag teastáil mar go mbeadh sé ródheireanach faoin am go mbeadh polasaí nua forbartha agus curtha i bhfeidhm.

“An rud is fearr leis an stát ná rud thar a bheith cuimsitheach. Trí bliana, ceithre bliana, cúig bliana ag réiteach plean,” a dúirt Ó Cuív.

“An rud a chuireann sé seo i gcuimhne domsa ná geata oscailte ar gharraí lán de bheithígh. Agus tú ag cur próiseas mór fada ar bun, ag caitheamh na mblianta ag iarraidh a fháil amach cén chaoi leis an ngeata a dhúnadh agus idir an dá linn tá na beithígh ar fad éalaithe uait.

“An fhadhb atá ann, má fhásann líon na ndíolúintí, beidh sé an-deacair an geata a dhúnadh agus a rá, ‘Ní bheidh na díolúintí [ar fáil] chomh héasca agus a bhí’. Sin é an faitíos atá ormsa.”

Dúirt Ó Cuív gur léir go bhfuil “teipthe” ar chóras na ndíolúintí mar atá agus gur mó dochar ná maitheas a bhí a dhéanamh aige do pháistí. Mhaígh Ó Caoimh go mbeadh na poist atá le cur ar fáil do Ghaeilgeoirí sa státseirbhís amach anseo faoin reachtaíocht teanga nua á gceilt orthu siúd a bhí ag fáil díolúintí.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go raibh an Roinn Oideachais le moladh as an obair a rinneadh ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta ach go bhfuil cinntí eile á ndéanamh ag an Roinn a bhain le cúrsaí Gaeilge “nach luíonn le réasún”.

Dúradh go minic le linn an chruinnithe nach raibh córas comhtháite á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais i dtaobh na Gaeilge. Mar fhianaise air sin, luadh, i measc rudaí eile, a dúradh, na fadhbanna le córas na ndíolúintí, na deacrachtaí leis na sonraíochtaí nua ag leibhéal na sraitheanna sóisearaí agus sinsearaí agus aistriú Pháipéar 1 na hArdteiste go dtí bliain a 5.

Maidir leis an gcúis go bhfuil ardú ag teacht ar líon na ndíolúintí a bhronntar, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, gur chabhair a bheadh ann dá mbeadh iachall ar bhunscoileanna ina ndéantar an teagasc trí Bhéarla scrúduithe caighdeánacha a dhéanamh sa Ghaeilge.

Faoi láthair, ní dhéantar na scrúduithe sin ach sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i bhformhór mór na mbunscoileanna Béarla agus déanann an easpa measúnachta sin ar chumas Gaeilge daltaí níos deacra é nuair a bhíonn cinneadh le déanamh faoi bhronnadh díolúine. Dúirt Ó hEaghra freisin go bhféadfadh go gceapfadh tuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach sin nuair nach bhfuil sí á measúnú ag na scoileanna.

Dúirt Micheál S Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas, go gcabhródh sé dá gcuirfí níos mó tacaíochtaí ar fáil do dhaltaí a raibh deacrachtaí acu leis an nGaeilge ach nach bhféadfaí ceist na ndíolúintí a réiteach “i bhfolús”.  Dúirt sé go raibh iliomad mórcheisteanna ann faoi chur chuige an Stáit i leith mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge.

“Tá gá le coimisiún de shaghas a thabharfadh faoi iniúchadh fuarchúiseach cuimsitheach ar bheartais uile an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais.”

Beidh ionadaithe ó cheardchumainn na múinteoirí agus na bpríomhoidí, chomh maith le heagrais a thacaíonn le daoine a bhfuil riachtanais foghlama acu agus oifigigh ón Roinn Oideachais ag teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais sna seachtainí amach romhainn chun tuilleadh plé a dhéanamh ar chóras na ndíolúintí.

Fág freagra ar '‘An baol ann go mbeidh daltaí a dhéanann Gaeilge na hArdteiste ina mionlach amach anseo’'

  • Tom Ó.P.

    An féidir le daltaí i ngaelcholáistí agus sa Ghaeltacht díolúintí a fháil ón mBéarla?

    Ba chóir triail a bhaint as.

  • Dónall

    Cé hiad Gaeloideachas? Cad a dhéanann siad?

  • Pádraig

    Cén bunús atá ag Gaeloideachas a rá go bhfuil líon beag daltaí a bheadh i dteideal díolúine ón nGaeilge de bharr riachtanais oideachais? Cá bhfuil an fhianaise teangeolaíochta ina leith seo? Níl sé ann. Dochar ollmhór an mheoin seo don teanga.

  • Colin Ryan

    Is annamh a bhuail mé le hÉireannach a bhí in ann comhrá simplí féin a dhéanamh i nGaeilge tar éis a bheith ag foghlaim na teanga le blianta fada. Is cuma faoi na díolúintí. Níl rath ar an gcóras trí chéile.