An Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge mar ‘cheist riaracháin seachas ceist oideachais’

Iarradh i dTeach Laighean tráthnóna ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí tathant ar an Roinn Oideachais rialacha nua maidir leis an díolúine ón nGaeilge a tharraingt siar agus deireadh ar fad a chur leis an díolúine sna bunscoileanna

An Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge mar ‘cheist riaracháin seachas ceist oideachais’

An tOllamh Pádraig Ó Duibhir

Tá an Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge “mar cheist riaracháin seachas ceist oideachais”, a dúradh i dTeach Laighean tráthnóna.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh sé in am ceist a chur faoi bhunús choincheap na díolúine seachas a bheith ag iarraidh córas “lochtach” a dheisiú.

D’impigh Ó Duibhir ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí an choiste Oireachtais iarraidh ar an Roinn Oideachais rialacha nua maidir leis an díolúine a tharraingt siar agus deireadh ar fad a chur leis an díolúine i mbunscoileanna an stáit.

Cháin sé an t-athbhreithniú a rinne an Roinn ar na critéir nua in 2019.

“Ní raibh mar thoradh ar an athbhreithniú ach grúpa nua daltaí a chur leis na critéir. Sin iad daltaí a bhfuil ardleibhéil riachtanas iolrach agus leanúnach acu. Tá oifigigh na Roinne Oideachais ag plé leis na díolúintí mar cheist riaracháin seachas ceist oideachais,” arsa an tOllamh Ó Duibhir.

Bhí Ó Duibhir, atá ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ar dhuine de na daoine a dúirt sular athraíodh an córas gurb é an toradh a bheadh air ná borradh a chur faoi fhás líon na ndíolúintí seachas rud “annamh agus eisceachtúil” a dhéanamh den díolúine, mar a mhaígh an Roinn Oideachais a tharlódh.

“Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht sin…” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir inniu.

Mar fhianaise air sin luaigh sé an fás 60% a tháinig ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama le sé bliana anuas agus an fás 25% idir 2019 agus 2021.

Faoin gcóras nua, tá cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Dúirt Ó Duibhir nach raibh aon chiall lena leithéid.

“Níl a leithéid de rud ann agus sainmhíchumas foghlama teanga. Séanann sé buntáistí cognaíocha ar fhoghlaimeoirí. Tugann sé teachtaireacht mhíchruinn nach bhfuil páistí a bhfuil scór faoin 10ú peircintíl acu in ann Gaeilge a fhoghlaim. Séanann sé deiseanna imeasctha ar inimircigh. Tá sé frith-oideachasúil,” arsa Pádraig Ó Duibhir.

Mhol Ó Duibhir na critéir maidir leis an 10ú peircintíl “a aistarraingt láithreach de bharr go bhfuil siad neamhbhailí”.

D’aontaigh Cathaoirleach Chumann Disléicse na hÉireann, Gráinne O’Rourke leis an Ollamh Ó Duibhir faoi cheist an 10ú peircintíl.

“Aon chinneadh chomh tábhachtach leis sin níor cheart go mbeadh bunaithe ar thástáil amháin, ar scil ar leith amháin, ar lá áirithe amháin.

“Tá cur chuige dá leithéid lochtach go smior agus téann sé glan in aghaidh an chórais bailithe fianaise. Níl aon mhíniú tugtha fós ar cén fáth go bhfuil an 10ú peircintíl ina phointe scoite, agus tá an chuma ar an scéal gur tairseach í a roghnaíodh go randamach ar fad.”

Dúirt ceannasaí oideachais Chumann Disléicse na hÉireann, gur cur chuige “fíorchontúirteach” a bhí ann cinntí a dhéanamh bunaithe ar scrúdú amháin.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir nach raibh córas nua na ndíolúintí ag teacht leis an taighde faoin oideachas ionchuimsitheach ná ar “na bealaí is éifeachtaí le freastal ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu”.

Mhaígh sé go gceileann an córas “a n-oidhreacht teanga agus buntáistí cognaíocha an dátheangachais ar chéatadán suntasach scoláirí”.

Dúirt sé gur chóir díolúine a bhronnadh i gcásanna “annamha agus eisceachtúla”, is é sin 2-3% de dhaltaí.

In 2021 bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 10.5% de dhaltaí́ iar-bhunscoile.

“Toisc go bhfuil a leithéid de rud ann agus díolúine, tugann sé an teachtaireacht d’fhoghlaimeoirí́ go bhfuil foghlaim na Gaeilge deacair agus go bhfuil daoine airithe ann nach féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Creideann tuismitheoirí́ go mbeidh sé ródheacair dá bpáistí́ agus go mba chóir dóibh díolúine a lorg. Anuas air sin, baineann sé an brú ón gcóras freastal mar ba chóir ar na foghlaimeoirí́ uilig agus cur chuige ionchuimsitheach a chur i bhfeidhm. Tá strus ar dhaltaí áirithe mar thoradh ar chur chuige teagaisc mí-oiriúnach. Ní hiad díolúintí́ an réiteach air seo.”

In áit an díolúine a bheith á cur chun cinn mar ‘réiteach’ ba chóir, a dúirt sé, don chóras oideachais a bheith “ag míniú́” do dhaltaí́, do thuismitheoirí́ agus don phobal “an tábhacht agus na buntáistí” a bhaineann le foghlaim na Gaeilge.

“In áit díolúine a bhronnadh mar réiteach ar an strus, molaim don Roinn Oideachais múinteoirí a chumasú le straitéisí agus acmhainní́ teagaisc idirdhealaithe agus difreálaithe a fhorbairt a laghdódh an strus sa seomra ranga Gaeilge.”

Cathaoirleach Chumann Disléicse na hÉireann, Gráinne O’Rourke

Mhaígh Cathaoirleach Chumann Disléicse na hÉireann, Gráinne O’Rourke, go bhfuil easpa taighde ann faoin mbuntáiste a bhaineann le díolúine ón nGaeilge agus go mbíonn go leor den chaint faoi mhíbhuntáistí na díolúine bunaithe ar thuairimíocht agus ar mhíthuiscintí.

“Is cur chuige pragmatach agus réasúnta an díolúine ón nGaeilge i leith na ndúshlán suntasach ó thaobh scríobh teangacha a bhíonn roimh roinnt daltaí a bhfuil disléicse orthu. Is féidir leis an díolúine a bheith mar athrú ó bhonn don duine óg a bhfuil disléicse air mar go dtugann sé deis dó a bheith ag léamh agus ag litriú i gcód teanga amháin agus líofacht a bhaint amach sa teanga sin. Tugann sin deis dóibh ansin barr a gcumais a bhaint amach i leith an churaclaim.”

Dúirt Gráinne O’Rourke go mbíonn go leor “struis agus imní” ag baint le foghlaim conas scríobh in dhá teanga ag an am céanna.

Dúirt Gráinne O’Rourke, gur ghlac Cumann Disléicse na hÉireann leis nach raibh gá ag gach dalta a bhfuil disléicse air le díolúine agus go raibh gá le critéir shoiléir a chuirfí i bhfeidhm go docht.

Chaithfeadh na rialacha sin a bheith “cothrom agus ciallmhar”, a dúirt O’Rourke. Ba ghá a dúirt sí feabhas a chur ar na critéir chun sin a chinntiú.

Dúirt sí go raibh an Cumann buartha chomh maith nach léirítear i dteagasc na Gaeilge dóthain tuisceana ar na dea-chleachtais maidir le ‘heolaíocht na léitheoireachta’.

Tá sraith cruinnithe faoi cheist na díolúine ar bun ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá sé i gceist ag baill an choiste tuarascáil a fhoilsiú faoin ábhar ina dhiaidh sin.


‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’


 

 

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais ag plé le díolúine na Gaeilge mar ‘cheist riaracháin seachas ceist oideachais’'