Agus é ráite ag an HSE go bhfuil scéala faighte acu faoi dhá chás den víreas zika, cad is cúis leis an scéin ina thaobh?

An bhfuil sláinte linbh sa bhroin níos tábhachtaí ná sláinte an phobail i gcoitinne? Nó an bhféadfadh cúis eile fós a bheith leis an scéal sceimhle atá á dhéanamh go hidirnáisiúnta den víreas zika? Sin dhá cheist atá ag déanamh imní dár gcolúnaí

Image-22-Zika-virus-What-to-know-about-the-tropical-Zika-virus-Screenshot-26_01_2016

Rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cinneadh, Dé Luain, stádas éigeandála a bhronnadh ar ghéarchéim an víris zika, rud a éascóidh an cath – go háirithe ó thaobh airgid de – i gcoinne an víris seo agus i gcoinne na míoltóige a scaipeann é, Aedes Aegypti. D’fhógair Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte inné go raibh tuairisc faighte acu faoi dhá chás den víreas in Éirinn, agus mar is eol d’éinne nach bhfuil ina chónaí faoi chloch, tá scéal sceimhle á dhéanamh go hidirnáisiúnta faoin víreas zika le seachtain anuas. Creidtear go forleathan go bhfuil baint ag an víreas seo le líon ard na leanbh atá ag teacht ar an saol sa Bhrasaíl agus i dtíortha eile i Meiriceá Theas agus Láir a bhfuil an neamhord néareolaíoch microcephaly orthu, neamhord a fhágann go bhfuil blaosc an pháiste róbheag le go mbeadh forbairt normálta ar an inchinn. Cé nach bhfuil fianaise chríochnaitheach ann go fóill gurb é an víreas zika is cúis le líon ard na gcásanna microcephaly i ndáiríre, tá comhairle á cur ag údaráis shláinte i dtíortha éagsúla ar mhná atá ag iompar an Bhrasaíl, Meicsiceó agus nach mór chuile thír idir eatarthu a sheachaint.

Fáiltím roimh chinneadh na hEagraíochta Domhanda Sláinte cás éigeandála a dhéanamh de ghéarchéim an víris zika. Ach ardaíonn an cinneadh sin, agus an scéal sceimhle atá á dhéanamh go hidirnáisiúnta faoin víreas zika le seachtain anuas go háirithe, ceist: An bhfuil sláinte linbh sa bhroin níos tábhachtaí ná sláinte an phobail i gcoitinne?

Seo fáth mo cheiste. Scaipeann Aedes Aegypti, an mhíoltóg a scaipeann an víreas zika, dhá ghalar eile freisin: fiabhras chikungunya agus fiabhras deinge. Maraíonn an ceann deireanach sin, an fiabhras deinge, idir 25 agus 50 míle duine – mná, páistí agus fir – ar fud réigiúin trópaiceacha an domhain. Gach bliain, ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Diabhal mórán a rinneadh faoi ó shin – níl vaicsín ar fáil fós – agus níor thug meáin mhóra an Iarthair aon aird ar an gceist le fada an lá.

Níor mharaigh an víreas zika go dtí seo ach dornán daoine. Go deimhin ní bhíonn siomptóim atá mórán níos tromchúisí ná siomptóim an ghnáthshlaghdáin ag an gcuid is mó de na daoine a tholgann é. Ach ó cheaptar go bhfuil sé baolach do linbh atá i mbroinn na máthar, is leor seachtain de mhórchlúdach nuachta agus tá an domhan i mbun gnímh.

Ná baintear an bhrí mhícheart as seo. Níl aon rud agam i gcoinne bhan atá ag iompar ná i gcoinne leanbh. Ach tá rud éigin as alt má bhíonn údaráis shláinte an domhain ag titim thar a chéile ag iarraidh víreas amháin a chosc nuair a ligeadh do na scórtha míle duine bás a fháil gach bliain le seachtó bliain anuas ó ghalar eile atá á scaipeadh ag an míoltóg cheannann chéanna.

An é an grá nádúrtha don leanbh sa bhroin an t-aon mhíniú amháin ar an imní thobann atá á léiriú ag an domhan faoin víreas zika le hais na neamhairde a tugadh ar feadh na scórtha bliain ar an bhfiabhras deinge, nó an bhfuil míniú eile ann?

Cuir soiniciúlacht i mo leith más maith leat, ach ceapaim go bhfuil.

Ní dhéanann Aedes Aegypti idirdhealú idir aicmí sóisialta. Priocann an mhíoltóg bochtáin, an meánaicme agus lucht an rachmais araon. Ach fiú i dtíortha atá fós ag forbairt, bíonn cúram leighis ar chaighdeán sásúil nó ard ar fáil don dá dhream deireanach. Go hiondúil ní fhaigheann bás ón bhfiabhras deinge ach iad siúd nach bhfuil fáil acu ar chúram sláinte sásúil: na bochtáin.

Ach cuma cén méid airgid atá ag tuismitheoirí, má thagann leanbh ar an saol agus microcephaly air – an neamhord néareolaíoch a cheaptar a bhfuil baint ag an víreas zika aige leis – níl leigheas ar fáil.

An é nach bhfuil taobh thiar den scéin mhór idirnáisiúnta faoin víreas zika, sa deireadh thiar thall, ach an tuiscint go bhfuil meán- agus uasaicme, ní amháin i réigiúin trópaiceacha an domhain ach san Iarthar féin, i mbaol an iarraidh seo freisin?

Arís eile, fáiltím roimh an aird atá á thabhairt ar an ngéarchéim zika. Má bhuaitear an cath i gcoinne na míoltóige Aedes Aegypti, gheofar réidh le trí ghalar – zika, chikungunya agus deinge – in aon iarraidh amháin. Ach más grá don leanbh sa bhroin thar ghrá don phobal i gcoitinne nó, i bhfad níos measa, idirdhealú idir aicmí sóisialta a stiúrann polasaithe sláinte idirnáisiúnta, táimid ar an mbealach mícheart.

Fág freagra ar 'Agus é ráite ag an HSE go bhfuil scéala faighte acu faoi dhá chás den víreas zika, cad is cúis leis an scéin ina thaobh?'