‘Ceannródaíocht’ agus ‘ceannaireacht’ ag teastáil ó Aire na Gaeltachta i gcás sheirbhís farantóireachta Árann

Tugadh le fios sa Seanad ar maidin go bhfuil an tAire Stáit Joe McHugh ‘oscailte d’aon chéim réasúnta’ a réiteodh cruachás sheirbhís farantóireachta Árann, ach ní leor do McHugh ‘suí siar féachaint céard a tharlós’ a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Screen Shot 2015-12-17 at 10.43.48

Thug an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Aodhán Ó Ríordáin le fios sa Seanad ar maidin go rachaidh sé chun cainte lena chomhghleacaí Joe McHugh féachaint an mbeadh Aire Stáit na Gaeltachta sásta cruinniú a eagrú eatarthu siúd a bhfuil baint acu le cruachás na seirbhíse farantóireachta ó Ros an Mhíl go hInis Mór, Árainn.

Tá ceist ann faoina bhfuil i ndán do sheirbhís farantóireachta Inis Mór ó d’fhógair Aran Island Ferries go rabhthas ag cur stop léi mar gheall ar bhreithiúnas a rinneadh sa Chúirt Uachtarach i dtaobh achomhairc a bhí déanta ag an gcomhlacht faoi tháillí a bheith á ngearradh orthu ag Comhairle Contae na Gaillimhe.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios do Tuairisc.ie inné go raibh sé “ag tathant ar na páirtithe leasmhara éagsúla teacht le chéile chun a chinntiú go leanfar leis an tseirbhís farantóireachta chuig Árann”, ach dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh nár leor a bheith ag “suí siar féachaint céard a tharlós” nó a bheith ag tathant ar dhaoine eile cruinniú a eagrú.

Dúirt sé go raibh “ceannródaíocht” agus “ceannaireacht” ag teastáil ó Aire na Gaeltachta agus gur chóir do Joe McHugh féin daoine a thabhairt le chéile chun réiteach a aimsiú ar an scéal roimh Nollaig “dá bhféadfaí ar chor ar bith”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin gur bhain an scéal le Aran Island Ferries agus Comhairle Contae na Gaillimhe, ach go raibh an tAire Stáit Joe McHugh “oscailte d’aon chéim réasúnta” a thabhairt le cinntiú go leanfaí leis an tseirbhís farantóireachta.

Ghéill an tAire Ó Ríordáin gur “plean réasúnta” a bhí ann go dtabharfadh Aire na Gaeltachta daoine le chéile chun an cheist a phlé agus thug sé le fios go rachadh sé chun cainte le McHugh faoin scéal.

Dúirt Ó Ríordáin chomh maith go raibh iarrachtaí ar bun ag Roinn na Gaeltachta le tamall conradh farantóireachta a aontú le Aran Island Ferries ach nár éirigh leis na hiarrachtaí sin.

Bhí cruinniú inné ann idir Aran Island Ferries agus oifigigh na Roinne Gaeltachta agus dúirt Joe McHugh nach raibh úinéir an chomhlachta farantóireachta Aran Island Ferries, Paddy O’Brien,  ag iarraidh fóirdheontais chun an tseirbhís a chur ar fáil.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív inné gur mheas sé nach raibh aon chúis ann nach mbeadh an tAire McHugh níos gníomhaí mar atá i gcás na seirbhíse farantóireachta toisc gur cás “éigeandála” a bhí ann.

Dúirt Trevor Ó Clochartaigh go raibh sé “tubaisteach amach is amach” go bhféadfadh nach mbeadh seirbhís farantóireachta ag muintir Inis Mór agus go mba “iontach an bronntanas Nollag” dóibh é dá bhféadfaí teacht ar fhuascailt na faidhbe láithreach.

Tá cruinniú á eagrú sa Ghaillimh amárach ag Comharchumann Forbartha Árann  le scéal na seirbhíse farantóireachta a phlé ar bhonn “práinne” le Teachtaí Dála, Seanadóirí agus ionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Ceannródaíocht’ agus ‘ceannaireacht’ ag teastáil ó Aire na Gaeltachta i gcás sheirbhís farantóireachta Árann'