Aire na Gaeltachta ag iarraidh ar dhaoine ‘teacht le chéile’ chun fuascailt a fháil ar chruachás sheirbhís farantóireachta Árann

‘Tá muid ag iarraidh go n-éisteofaí linn, go mbeadh muid in ann seasamh ar ár gcosa fhéin’, a deir Comharchumann Forbartha Árann

Aran Island ferries

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh “ag tathant ar na páirtithe leasmhara éagsúla teacht le chéile chun a chinntiú go leanfar leis an tseirbhís farantóireachta chuig Árann”.

I ráiteas a thug sé do Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt an tAire gur bhain an scéala maidir le deireadh a bheith fógartha le seirbhís farantóireachta Aran Island Ferries leis an gcomhlacht féin agus le Comhairle Contae na Gaillimhe.

Dúirt sé, áfach, go raibh sé de chúram ar a Roinnsean tacú leis na hoileáin agus le seirbhísí iompair a chur ar fáil dóibh.

“Cé go dtuigim, ar ndóigh, go mbaineann an cheist áirithe atá faoi chaibidil le Comhairle Contae na Gaillimhe agus an farantóir, bheinnse, mar Aire Stáit le freagracht do na hoileáin, ag tathant ar na páirtithe leasmhara éagsúla teacht le chéile chun a chinntiú go leanfar leis an tseirbhís farantóireachta chuig Árann,” a dúirt an tAire McHugh.

Tá cruinniú á lorg ag Comharchumann Forbartha Árann Teoranta le Roinn na Gaeltachta agus le Comhairle Contae na Gaillimhe i dtaobh fhógra Aran Island Ferries inné go mbeidh deireadh á chur acu lena seirbhís farantóireachta as Ros an Mhíl go Cill Rónáin ag tús na bliana seo chugainn.

Dúirt Aran Island Ferries go rabhthas ag éirí as an tseirbhís mar gheall ar bhreithiúnas a rinneadh sa Chúirt Uachtarach inné i dtaobh achomhairc a bhí déanta ag an gcuideachta faoi tháillí a bheith á ngearradh orthu ag Comhairle Contae na Gaillimhe.

Ag caint dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Paddy O’Brien, úinéir Aran Island Ferries, go raibh súil acu an tseirbhís a thabhairt ar ais Lá le Pádraig na bliana seo chugainn dá mb’fhéidir é.

“Triailfidh muid an tseirbhís a thosú arís thart ar Lá ‘le Pádraig, ach d’fhéadfadh an Chomhairle Contae nó an Harbourmaster muid a stopadh mar gheall nach bhfuil muid ag íoc na dtáillí. B’fhéidir nach mbeadh muid in ann an tseirbhís a chur ar fáil sa samhradh,” a dúirt úinéir Island Ferries.

Is mar gheall ar tháillí a bhí á ngearradh ar phaisinéirí Aran Island Ferries a d’fhógair siad go gcaithfear deireadh a chur leis an tseirbhís. Dúirt an comhlacht nach mbeadh ar a gcumas na táillí a íoc agus an tseirbhís a chur ar fáil ag an am céanna. Tá na táillí seo á ngearradh chun costais a bhaineann leis an gcéibh a tógadh in Inis Mór ceithre bliana ó shin a ghlanadh.

Dúirt O’Brien go raibh costas €235,000 ag baint leis na táillí agus nár aontaigh sé beag ná mór leis an gcostas atá luaite ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an gcéibh a rith. Dúirt sé gur €10,000 an costas measta a bhí luaite leis ag comhairleoirí roimhe seo.

Idir an dá linn, ba mhaith le toscaireacht ón gComarchumann bualadh le hionadaithe ón Roinn agus ón gComhairle Contae d’fhonn iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú le go bhféadfar an tseirbhís farantóireachta a thabhairt slán san athbhliain.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Micheál Ó Goill, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann, go bhfuiltear ag iarraidh bualadh leis na hionadaithe Dé hAoine “le go bhféadfaidh muinn an tseirbhís a choinneáil”.

Tá cruinniú á eagrú an uair sin ag Comharchumann Forbartha Árann i nGaillimh le scéal na seirbhíse farantóireachta a phlé ar bhonn “práinne” le Teachtaí Dála, Seanadóirí agus ionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Ó Goill go bhfuil ‘cáin’ á gearradh ar Aran Island Ferries ó tógadh an chéibh nua ceithre bliana ó shin in Inis Mór agus go bhféadfadh an rud céanna tarlú in áiteanna eile amach anseo de bharr na bhfo-dhlíthe.

“Is ceist níos leithne í seo agus bheadh an baol ann go bhfuil sé a dhul ag tarlú in áiteachaí eile mar gheall ar cháin mhaoine agus a leithéid,” a dúirt Ó Goill le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an cruinniú ann agus go dtabharfaí aird ar an méid atá á iarraidh ag muintir Inis Mór.

“Tá muinn ag iarraidh go n-éisteofaí linn le go mbeadh an t-oileán in ann seasamh ar a chosa fhéin,” a dúirt Ó Goill.

Thug Aran Island Ferries le fios gur fhág na táillí a bhí á ngearradh orthu go mbeadh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Contae na Gaillimhe gach bliain agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ag iarraidh ar dhaoine ‘teacht le chéile’ chun fuascailt a fháil ar chruachás sheirbhís farantóireachta Árann'