Labhair 35 Teachta Dála sa Dáil tráthnóna inné faoi chúrsaí teanga agus díospóireacht bhliantúil Sheachtain na Gaeilge ar siúl.
Níor labhair ceannaire aon pháirtí seachas Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, le linn ráitis Sheachtain na Gaeilge a mhair beagnach dhá uair go leith.
Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an gcaidreamh atá acu féin leis an nGaeilge, phléigh na Teachtaí Dála ceisteanna amhail cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht, cás na Gaeilge sa gcóras oideachais, maoiniú Foras na Gaeilge, an plean chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus an gá le Gaeilge a labhairt níos rialta sa Dáil.
Is ag Fianna Fáil a bhí an líon is mó Teachtaí Dála a labhair, deichniúr, agus naonúr ó Shinn Féin a thug ráiteas. Ceathrar ó Fhine Gael a ghlac páirt sa díospóireacht. Triúr ó na Daonlathaithe Sóisialta agus beirt ó Pháirtí an Lucht Oibre a ghlac páirt chomh maith le seachtar ó pháirtithe eile nó Teachtaí Neamhspleácha.
Cuireadh stop tobann le tús na díospóireachta mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair. Rinne an freasúra córam a ghairm agus cuireadh tús arís leis an bplé nuair a tháinig Teachtaí eile isteach go seomra na Dála.
Mhaígh an Teachta Aengus Ó Snodaigh gur léir nach bhfuil an rialtas ag insint na fírinne maidir leis na geallúintí a dhéantar i dtaobh na Gaeilge agus go gcaithfí dul “níos faide ná béalghrá na ráiteas seo” chun teacht i gcabhair ar phobal na teanga agus na Gaeltachta.
Dúirt an Teachta ó Shinn Féin gur “cur i gcéill” a bhí ar bun ag an rialtas maidir le cúrsaí Gaeilge agus gur léiríodh sin nuair a diúltaíodh tacú le rún a mhol a pháirtí féin an tseachtain seo faoi chúrsaí Gaeloideachais.
Cheistigh Ó Snodaigh cé chomh tiomanta is atá an rialtas do na dualgais atá air maidir leis an teanga a chomhlíonadh agus dúirt go raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla á sárú acu.
Cheistigh sé freisin an bréaga a bhí sna gealltanais atá tugtha ag Fianna Fáil agus Fine Gael faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, faoi fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht agus faoi theip an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge a lonnú sa nGaeltacht.
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go gcuirfí tús leis an mbille chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais a chur trí Thithe an Oireachtais arís “go gairid”. Dúirt sé freisin go mbeadh an chéad phlean gnímh don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge á fhoilsiú “sna míonna amach romhainn”. Dúirt sé go raibh “gach iarracht” á dhéanamh ag an rialtas chun teacht ar réiteach maidir le ceist mhaoinithe Foras na Gaeilge.
Dúirt Calleary go raibh níos mó Gaeilgeoirí sa Dáil anois ná mar a bhí le fada agus go raibh sé tábhachtach go gcuirfí leis an méid Gaeilge a labhraítear ansin.
“Bhain an Rialtas deiridh mórán amach maidir le cur chun cinn na Gaeilge, agus tá an Rialtas seo tiomanta na spriocanna maidir leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge atá sa chlár Rialtais a bhaint amach,” arsa Calleary. “Tá méadú suntasach tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas. Mar thoradh ar ardú €6 mhilliún i mbliana, tá an chistíocht is airde fós – €106 mhilliún san iomlán – ar fáil ag mo Roinn don bhliain seo.”
Cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht is mó a bhí faoi chaibidil ag roinnt Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin, ina measc Pearse Doherty, Mairéad Farrell agus Conor D McGuinness, triúr a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina nDáilcheantair.
Mhaígh Robert O’Donoghue ó Pháirtí an Lucht Oibre go raibh an Ghaeilge á déanamh “cool” ag tionchairí agus “scáth Pheig á ruaigeadh acu”.
Mhol Pádraig O’Sullivan ó Fhianna Fáil gur chóir naíonra a dhéanamh de gach réamhscoil sa stát chun an Ghaeilge a spreagadh i measc páistí óga nó ar a laghad, go dtabharfaí an rogha ar oideachas réamhscoile lán-Ghaeilge do gach tuismitheoir.
Thagair Naoise Ó Muirí ó Fhine Gael don ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge agus dúirt sé go gcaithfí “dul i ngleic leis sin agus an fhadhb sin”. Dúirt sé go raibh sé rí-shoiléir go raibh líon na ndaltaí nach ndéanann an Ghaeilge ar scoil “ag dul sa treo mícheart”.
Dúirt Ó Muirí freisin go raibh fadhb tithíochta ar fud na tíre ach gur theastaigh réiteach ar leith ar an bhfadhb sa nGaeltacht. Thacaigh sé freisin le moladh Chonradh na Gaeilge go bhforbrófaí polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa gcóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.
Dúirt Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús nach raibh “meas madra” ag an rialtas ar an nGaeilge agus go raibh sé “tábhachtach a thuiscint agus a rá nach bhfuil sé i gceist acu go mbeadh sí mar phríomhtheanga na tíre”.
Dúirt sé freisin go gcaithfeadh an stát “seasamh sa bhearna bhaoil” agus comhlacht stáit tógála a bhunú chun fadhb an tithíochta a réiteach sa nGaeltacht.
Ba iad na dTeachtaí eile a labhair le linn na díospóireachta ná Jen Cummins (Na Daonlathaithe Sóisialta), Thomas Byrne (FF), Ciarán Ahern (LO), Sinéad Gibney (DS), Catherine Connolly (Neamhspleách), Catherine Callaghan (FG), Aindrias Moynihan (FF), Rory Hearne (DS), Barry Ward (FG), Pat the Cope Gallagher (FF), Carol Nolan (NS), Jerry Buttimer (FG), Pa Daly (SF), Naoise Ó Cearúil (FF), Barry Henenghan (NS), Ruairí Ó Murchú (SF), Cathal Crowe (FF), Gillian Toole (NS), Shónagh Ní Raghallaigh (SF), Shane Moynihan (FF), Mattie McGrath (NS), Dessie Ellis (SF), Réada Cronin (SF), John McGuinness (FF) agus John Connolly (FF).
Fág freagra ar 'Ceannaire páirtí amháin ghlac páirt i ndíospóireacht bhliantúil faoin nGaeilge sa Dáil'