FÍSEÁN: Stop curtha le plé bliantúil faoin nGaeilge sa Dáil mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair

Bhí tús curtha ag Aire nua na Gaeltachta, Dara Calleary, le ráitis bhliantúla Sheachtain na Gaeilge sa Dáil nuair a cheistigh an freasúra an raibh córam i láthair

 

Cuireadh stop go tobann tráthnóna le plé faoin nGaeilge sa Dáil mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair.

Bhí tús curtha ag Aire nua na Gaeltachta, Dara Calleary, le ráitis bhliantúla Sheachtain na Gaeilge sa Dáil nuair a cheistigh Conor D McGuinness ó Shinn Féin, an raibh córam i láthair.

Ba chosúil nach raibh ach triúr sa Dáil nuair a gaireadh an córam, an cathaoirleach, Cathal Crowe, McGuinness agus Calleary. Bhí Ruairí Ó Murchú agus Aengus Ó Snodaigh i láthair díreach roimhe sin ach d’fhág siad an seomra díreach sular cheistigh a gcomhghleacaí an raibh córam i láthair. D’fhill siad beirt ar sheomra na Dála nuair a buaileadh an clog.

De réir rialacha na Dála caithfidh córam Teachtaí Dála a bheith i láthair chun tús a chur le himeachtaí. 20 Teachta Dála an córam a bhíonn i gceist.

Nuair a ghairtear córam, cuirtear an clog ag bualadh ar fud an champais chun a chur in iúl do Theachtaí Dála nach bhfuil córam i láthair sa Dáil.

Mura mbíonn dóthain Teachtaí ann tar éis trí nóiméad cuirtear an seisiún siar go dtí níos déanaí sa lá nó an lá dár gcionn.

Tháinig dóthain Teachtaí isteach sa Dáil tráthnóna chun go mbeadh córam ann agus chun go bhféadfadh Aire na Gaeltachta tús a chur athuair le cúrsaí.

Tá ráitis á ndéanamh sa Dáil tráthnóna do Sheachtain na Gaeilge agus polaiteoirí an rialtais agus an fhreasúra ag caint faoi chás na teanga.

Mar thús leis an bplé, rinne Aire na Gaeltachta Dara Calleary cur síos ar na polasaithe teanga atá á gcur i gcrích ag an rialtas. Ina dhiaidh sin, dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge phríomhpháirtí an fhreasúra, Sinn Féin, gurb amhlaidh nach raibh a ngealltanais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta á gcomhlíonadh ag páirtithe an rialtais.

Luaigh sé na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta le fada agus an gealltanas go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Stop curtha le plé bliantúil faoin nGaeilge sa Dáil mar nach raibh dóthain Teachtaí Dála i láthair'