Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth? Cheistíomar Diarmuid Lyng agus Michael Rice…

Caitheann Diarmuid Lyng, iarchaptaen ar Loch Garman, agus Michael Rice iar-imreoir le Cill Chainnigh, súil ar na ceisteanna móra roimh chluiche an lae inniu idir Gaillimh agus Port Láirge

Diarmuid Lyng agus Michael Rice. Pictiúr: Inpho.ie

Cén tionchar a bheidh ag an mbrú ollmhór atá ar an dá fhoireann ar chluiche an lae inniu?

Diarmuid Lyng: Is dóigh go bhfuil cothromaíocht ann ó thaobh an bhrú mar nach bhfuil tada buaite ag an dá fhoireann le fada. N’fheadar cé chomh tábhachtach is atá sé. Cinnte agus deich nóiméad le dul, má chuireann Joe Canning nó duine éigin poc saor amú agus an dream eile cúpla pointe chun tosaigh, cuirfear ceisteanna faoi cé chomh láidir atá Gaillimh, nó cé chomh láidir atá Port Láirge.

Beidh ceist ann faoi 2008 agus mar sin de ach ní hiad na himreoirí céanna atá ann agus tá láidreachtaí sa dá fhoireann nach raibh ann le blianta. Seasfaidh sé sin leo nuair a bheidh na ceisteanna sin ann

Michael Rice: Ceapaim go bhfuil an brú céanna ar an dá fhoireann i ndáiríre. Nuair a bhíonn tú ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann, bíonn brú ar na himreoirí i gcónaí.

Bhí Gaillimh ann in 2015 agus in 2012, agus b’fhéidir go bhfuil brú difriúil orthu mar gheall gur chaill siad ach tá siad ag teacht anois le meon difriúil i mo thuairimse.

Ag féachaint ar Phort Láirge, níor bhuaigh siad ó na 1950idí, agus is brú difriúil atá ann. An bhliain dheireanach go raibh siad ann, in 2008, níor thug siad taispeántas maith ar an lá. É sin ráite, is foireann nua atá acu. Níl ann ach Kevin Moran agus Michael ‘Brick’ Walsh ón lá sin agus beidh siad in ann dul amach agus imirt gan mórán brú, gan smaoineamh a dhéanamh ar 2008.

Kevin Moran (Port Láirge). Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cén chaoi a rachaidh córas imeartha Phort Láirge i bhfeidhm ar an gcluiche?

Diarmuid Lyng: Tá córas Phort Láirge socraithe agus cleachta acu. An t-aon chonstaic atá rompu, agus caithfidh go bhfuil sé seo in intinn na n-imreoirí, ná an léasadh a thug Tiobraid Árann dóibh anuraidh, nuair a seoladh liathróid fhada isteach os cionn Thadhg de Búrca chun é a tharraingt as an imirt. N’fheadar an bhfuil an oiread sin cainte déanta faoi?

Bhí imreoirí ag Tiobraid Árann a bhí ábalta seilbh a bhuachan dóibh féin agus sin atá ann anois leis an nGaillimh. Cloisim caint faoi Johnny Glynn ag tosú agus bhí mé díreach ag smaoineamh an gcuirfidís leithéidí Glynn, Joseph Cooney agus Canning isteach ar mhullach an líne lánchúil agus pocanna fada a chuir isteach ina dtreo?

An rud a tharlaíonn in aghaidh Phort Láirge go minic ná go mbíonn ort do chur chuige a chur in oiriúint dá gcóras, fear breise a chur siar, mar a tharla do Chorcaigh. Is dóigh go bhfuil an deis ag Gaillimh rud éigin a dhéanamh nach mbeadh Port Láirge compordach leis.

Michael Rice: Níl aon dabht ach go bhfuil imreoirí Phort Láirge níos láidre ná mar a bhí siad cúpla bliain ó shin ach nuair a bhreathnaím ar thosaithe na Gaillimhe, tá beagnach gach duine acu níos mó ná sé troithe ar airde agus tá siad uilig in ann an liathróid a bhuachan as a stuaim féin. B’fhéidir go laghdódh sé sin tionchar an scuabadóra mar ní bheidh an liathróid ag briseadh istigh agus is féidir leo an chéad liathróid a bhuachan chun deiseanna a chruthú. Chun an fhírinne a rá, ceapaim go mbeidh sé sin cinniúnach.

Céard iad na coimhlintí is cinniúnaí a bheidh ann ar an bpáirc?

Diarmuid Lyng: Beidh línte leathchúil agus leath-thosach an dá fhoireann thar a bheith tábhachtach ag brath ar cé atá i gceannas ar an gcluiche. An mbeidh líne leath-thosach na Gaillimhe i gceannas agus Joe Canning agus Joseph Cooney amuigh ansin ag seoladh an tsliotair  isteach chuig Whelan?

Ar an taobh eile, bí cinnte go mbeidh imreoirí lár páirce na Gaillimhe ag smaoineamh faoi Jamie Barron agus Kevin Moran. Beidh siad ag iarraidh rudaí a shocrú síos ansin agus an bheirt sin a choimeád as an imirt. Bheadh an-tionchar aige sin ar an gcluiche, dá n-éireodh le Gaillimh é a dhéanamh.

Michael Rice: Ar an gcéad dul síos, tá ceist mhór ag Derek McGrath faoi Thadhg de Búrca. Níl aon amhras ach go mbeidh sé ag imirt agus Conor Gleeson in easnamh ach an mbeidh sé ag dul siar mar scuabadóir nó an mbeidh sé ag marcáil imreoir mar Joe Canning? I mo thuairimse, caithfidh Port Láirge rud éigin a dhéanamh chun tionchar Canning a laghdú. Beidh sé suimiúil an mbeidh Darragh Fives nó Tadhg de Búrca á phiocadh suas. Ar an gcaoi chéanna, caithfidh Port Láirge tionchar Conor Whelan a laghdú ach is dóigh nach bhfuil aon fhear níos fearr ann chun sin a dhéanamh ná Noel Connors.

Ar an taobh eile, beidh lár na páirce an-suimiúil ar fad. Is cinnte go bhfuil Jamie Barron ar an liosta d’Iománaí na Bliana cheana féin ach ar an taobh eile tá David Burke, duine de na himreoirí lár páirce is láidre sa tír le cúpla bliain anuas. Beidh an choimhlint sin thar a bheith tábhachtach sa chluiche agus thar a bheith suimiúil.

Cé is dóichí leat a roghnófar mar laoch na himeartha anocht?

Diarmuid Lyng: Braitheann sé ar cé a bhuann, is dóigh. Ar fhoireann na Gaillimhe, bheinn idir David Burke agus Gearóid McInerney, a bhí iontach go dtí seo. Do Phort Láirge, níl a fhios agam an bhfuil ceacht foghlamtha ag Austin Gleeson i ndiaidh an rud amaideach a rinne sé sa chluiche leathcheannais. Má thaispeánann sé a chumas seachas an rud eile sin atá ann, cé go mbíonn sé sin ag teastáil uaireanta, déarfaidh mé Austin Gleeson, é sin nó David Burke.

Michael Rice: Tá sé deacair é a roghnú gan féachaint ar an gcluiche! Seans go bhfuil sé ró-éasca Joe Canning a phiocadh amach ach ní fhéadfadh mé gan é a roghnú. Dar liom féin, is é an t-imreoir is tábhachtaí don Ghaillimh é agus, mar a deirtear, an lá mór don fhear mór!

Joe Canning ag féachaint ar éirigh leis scór a fháíl

Ar deireadh, cé a bheidh ag ceiliúradh ag deireadh an lae agus cén fáth?

Diarmuid Lyng: Táim ag cloí le Gaillimh go dtí seo mar aon uair go bhfaca mé beo iad, bhí ionadh orm cé chomh mór is a bhí siad, go fisiciúil, i gcomparáid le gach foireann eile.  Tá córas acu agus tá sé sin forbartha acu. Caithfidh siad anois an fód a sheasamh agus freagracht a ghlacadh ach is dóigh liom go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh.

Bheinn buartha faoin gcóras. An mbeidh siad socair a ndóthain chun an liathróid a úsáid i gceart agus iad ag teacht amach? Ach is dóigh go bhfuil an lámh in uachtar ag Gaillimh sna tosaithe agus i lár na páirce i láthair na huaire. Buafaidh siad ansin é.

Michael Rice: Buafaidh Gaillimh mar, mar a dúirt mé, tá na tosaithe in ann a liathróid féin a bhuachan agus níl siad ag brath chomh mór céanna ar Joe Canning is a bhí. Tá Conor Whelan agus Joseph Cooney ag imirt thar barr i mbliana. Tá imreoirí eile acu atá ag feabhsú gach lá.

Ar an taobh eile, ní dóigh liom go mbeidh Port Láirge in ann dóthain scóranna a aimsiú agus gan ach cúigear acu thuas i measc na dtosaithe. Ní cheapaim go bhfuil mórán idir na foirne ach is dóigh liom go dtiocfaidh an Ghaillimh slán.

Fág freagra ar 'Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth? Cheistíomar Diarmuid Lyng agus Michael Rice…'

  • Eoin

    Gaillimh abú!