CCTV de dhíth le stop a chur leis an loitiméireacht sheicteach ar chomharthaí Gaeilge – comhairleoir

Ó cuireadh na chéad chomharthaí dátheangacha de chuid Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin in airde i gceantar Dhún Theas in 2016, tá ionsaithe leanúnacha á ndéanamh orthu

CCTV de dhíth le stop a chur leis an loitiméireacht sheicteach ar chomharthaí Gaeilge – comhairleoir

Tá éileamh déanta go n-úsáidfí ceamaraí CCTV le stop a chur leis an loitiméireacht atá á déanamh ag dílseoirí ar chomharthaí Gaeilge i gcontae an Dúin.

Is é Patrick Brown, Comhairleoir Alliance do cheantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, a rinne an t-éileamh go gcuirfí an córas fístaifeadta i bhfeidhm le dul i ngleic leis an “loitiméireacht sheicteach” atá á déanamh ar chomharthaí dátheangacha sa cheantar.

Tá scrios déanta ar an chomhartha dátheangach ar an A50, ar imeall Bhaile Mhic an Bhaird, gar do Dhroichead na Banna i gContae an Dúin, níos minice ná aon chomhartha eile.

Milleadh arís agus arís eile an logainm Gaeilge ‘Baile Mhic an Bhaird’, atá ar an chomhartha, le péint agus ábhair eile. Baineadh úsáid as líomhadóir diosca uair eile chun é a ghearradh ina dhá chuid.

Tá feachtas loitiméireachta á reachtúil ag aontachtóirí i gceantar an Dúin agus áiteanna eile sa tuaisceart le ceithre bliana anuas agus na mílte punt caite ag comhairlí éagsúla ar chomharthaí a chóiriú agus cinn úra a chur in n-áit.

Ó cuireadh na chéad chomharthaí dátheangacha de chuid Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin in airde i gceantar Dhún Theas in 2016, tá ionsaithe leanúnacha á ndéanamh ar na comharthaí agus an Ghaeilge á baint díobh le péint, cannaí spraeála, stroighin agus séidtóirsí.

Dúirt an Comhairleoir Patrick Brown gur gá go gcuirfí deireadh leis an hionsaithe “gan chiall” agus go gcuirfí córas CCTV i bhfeidhm le dul i ngleic leis an fhadhb.

“Tá polasaí dátheangach ag an Chomhairle maidir le comharthaíocht bhóthair. Cé nach bhfuil roinnt daoine sásta leis sin, is cuid dár n-oidhreacht roinnte í an Ghaeilge agus ba cheart meas a bheith againn uirthi.

“Is ionann an scrios nó an lot atá á dhéanamh ar chomharthaí bóthair Gaeilge agus loitiméireacht sheicteach agus damáiste coiriúil,” a dúirt sé.

“Cuirfear comharthaí nua in áit na gcomharthaí millte seo mar go bhfuil gá leo le limistéir teorann an cheantair a chur in iúl.”

Dúirt an comhairleoir Brown go raibh gá leis na comharthaí a bheith ann agus go gcuirfí comharthaí úra in áit na gcinn a scriostar.

Ba cheart go mbeadh “náire” ar an dream atá i mbun an fheachtais loitiméireachta ar chomharthaí dátheangacha, a dúirt sé, agus na céadta punt á gcaitheamh ag íocóirí rátaí ar chomharthaí nua.

Dúirt sé go raibh sé “in am” don Chomhairle infheistiú a dhéanamh i gcóras CCTV sna háiteanna a bhfuil loitiméireacht á déanamh ar na comharthaí ar bhonn rialta agus mhol sé do dhuine ar bith a bhfuil aon eolas acu faoi cé atá i mbun an fheachtais an t-eolas sin a chur ar fáil do na Póilíní.

Tá córas taifeadta i bhfeidhm i gceantair eile sa tuaisceart a mbíonn loitiméireacht á déanamh ar chomharthaí Gaeilge go rialta.

Léirigh taifead CCTV ó láthair amháin ar an Ghuala Dhubh i nDoire go ndearnadh scrios ar an Ghaeilge ar chomhartha ansin 12 babhta i dtréimhse ocht mí.

Anuraidh, ceapadh oifigeach de chuid an PSNI chun déileáil leis an rabharta loitiméireachta frithGhaeilge atá á dhéanamh ar chomharthaíocht Ghaeilge i gceantar Lár Uladh.

Fág freagra ar 'CCTV de dhíth le stop a chur leis an loitiméireacht sheicteach ar chomharthaí Gaeilge – comhairleoir'