Póilín ainmnithe ag an PSNI chun déileáil le rabharta loitiméireachta frithGhaeilge i Lár Uladh

Cáineadh d’aon ghuth an loitiméireacht atá á déanamh ar chomharthaí dátheangacha i gceantar Lár Uladh ag cruinniú traspháirtí idir comhairleoirí agus an PSNI an tseachtain seo

Póilín ainmnithe ag an PSNI chun déileáil le rabharta loitiméireachta frithGhaeilge i Lár Uladh

Tá sé deimhnithe go bhfuil oifigeach ar leith ainmnithe ag an PSNI chun déileáil leis an rabharta loitiméireachta frithGhaeilge atá á dhéanamh ar chomharthaíocht Ghaeilge i gceantar Lár Uladh.

Tá loitiméireacht déanta ar an Ghaeilge ar chomharthaí i Lár Uladh nach mór 100 babhta le dhá bliain anuas.

Léirigh taifead CCTV ó láthair amháin ar an Ghuala Dhubh i nDoire go ndearnadh scrios ar an Ghaeilge ar chomhartha ansin 12 babhta ó mhí Feabhra.

Reáchtáladh cruinniú traspháirtí an tseachtain seo le comhairleoirí Lár Uladh agus an PSNI chun na hionsaithe ar na comharthaí a phlé.

Cáineadh d’aon ghuth an loitiméireacht atá déanta ar chomharthaí de chuid na comhairle ag cruinniú a bhí “teasaí”, dar le Comhairleoir de chuid Shinn Féin as an Chorr Chríochach, John McNamee.

“Cruinniú teasaí a bhí ann, go háirithe nuair a bhí cur síos á dhéanamh ag na baill ar cad ba chúis leis na hionsaithe.

“Ba chéim fhiúntach chun tosaigh a bhí sa chruinniú, agus é aontaithe d’aon ghuth nach bhféadfaí glacadh leis an loitiméireacht atá á déanamh ar an chomharthaíocht sa cheantar,” a dúirt McNamee le Tuairisc.ie.

Dúirt baill de chuid an DUP a bhí i láthair ag an chruinniú nach raibh aon deacracht acu leis an Ghaeilge, ach mhaígh siad go raibh “uirlis troda” déanta ag Sinn Féin den teanga.

“Coireacht fuatha” agus “damáiste coiriúil” a bhí sna hionsaithe ar na comharthaí dátheangacha, dar le baill de Shinn Féin. Dúirt ionadaithe Shinn Féin freisin gurb ionann an loitiméireacht frithGhaeilge agus ionsaithe ar phobal na Gaeilge, pobal atá neamhspleách ó pháirtí polaitiúil ar bith, a dúradh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Comhairleoir John McNamee gur “tús maith” a bhí ann go raibh aontachtaithe sásta cáineadh a dhéanamh ar an loitiméireacht.

“Is ag cáineadh an damáiste ar an chomharthaíocht a bhí siad seachas tacú leis an Ghaeilge ar na comharthaí sin,” a dúirt McNamee.

Dúirt sé gur pléadh úsáid ceamaraí mar leigheas ar an loitiméireacht ach gur measadh gur ghnó don PSNI a bhí i gceist.

Dúirt sé freisin go raibh an loitiméireacht á spreagadh ar na meáin shóisialta ag grúpa ar leith agus gur measadh go raibh roinnt daoine i mbun na loitiméireachta a bhí ag tarlú ar fud Lár Uladh.

Tá polasaí dátheangach i bhfeidhm i gComhairle Ceantair Lár Uladh ó mhí an Mhárta 2017, polasaí a fhágann go mbíonn comharthaíocht dhátheangach á crochadh ag an Chomhairle.

De réir an pholasaí teanga sin, is féidir leis an phobal iarratas a dhéanamh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar shráideanna.

“Cuirtear polasaí dátheangach na Comhairle i bhfeidhm ar bhun daonlathach, caithfidh móramh den phobal tacú leis an iarratas ar son na comharthaíochta dátheangaí,” a dúirt John McNamee.

Fág freagra ar 'Póilín ainmnithe ag an PSNI chun déileáil le rabharta loitiméireachta frithGhaeilge i Lár Uladh'

  • Gabriel Rosenstock

    An cóir na comharthaí Béarla a bhaint anuas?