Cath idir Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach i Staid an Ghearaltaigh

Casfaidh An Ghaeltacht agus Piarsaigh na Dromad ar a chéile i gCill Airne inniu i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach peile Chiarraí

Cath idir Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach i Staid an Ghearaltaigh

Óigí Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Imreofar dhá chluiche tábhachtacha i gcraobh idirmheánach peile Chiarraí i Staid an Ghearaltaigh tráthnóna agus na babhtaí leathcheannais sroichte againn cheana féin. Casfaidh An Teampall Nua agus Gleann Fleisce ar a chéile sa chéad chluiche ag 1.30pm ach sa dara cluiche is mó a bheidh suim ag pobal na Gaeltachta.

Cumann as Corca Dhuibhne agus cumann as Uíbh Ráthach a thabharfaidh aghaidh ar a chéile sa dara cluiche leathcheannais ag 3.30pm, Piarsaigh na Dromad agus An Ghaeltacht.

Drochbhliain a bhí in 2018 don Ghaeltacht nuair a díbríodh iad ó ghrád na sinsear ach tá siad ar ais ar a seanléim arís i mbliana agus iad ag áit a bhaint amach sa phríomhghrád arís. Níl aon amhras ach go bhfuil cuma na maitheasa orthu go dtí seo in 2019.

Tháinig an fhoireann, atá faoi cheannas Phól Uí Chuinn, slán ó Ghrúpa 3 sa chomórtas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhrosnach, ar Ard Fhearta agus ar Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge.

Cé go bhfuil Marc Ó Sé éirithe as an, seans go bhfuil painéal níos láidre ag cumann Chiarraí Thiar ná mar a bhí le cúpla bliain anuas. Tá imreoirí óga fós ag teacht chun cinn agus deiseanna faighte ag Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Seán Ó Lúing agus Óigí Ó Sé, fear a d’aimsigh trí chúl sa gcluiche in aghaidh Ard Fhearta.

Is maith ann na fir óga sin ach is maith an rud freisin go bhfuil cuid mhór de na himreoirí is mó a bhí sa treis nuair a bhuaigh siad an chraobh idirmheánach in 2017 ag imirt go maith.

Ba é Dara Ó Sé laoch na foirne an bhliain sin agus tá an tosach fós ag déanamh gaiscí ó thaobh na scórála de. D’aimsigh sé 0-6, 1-7 agus 1-5 sna trí chluiche craoibhe atá imeartha ag an nGaeltacht i mbliana agus beidh a lucht tacaíochta ag súil go mbeidh sé chomh cruinn céanna inniu.

Is iad an Ghaeltacht rogha na coitiantachta do chluiche an lae inniu ach is maith is eol dóibh go bhfuil cluiche crua rompu tráthnóna. Tá ag éirí go breá le hiarpheileadóir Chiarraí Declan O’Sullivan ó ceapadh é ina bhainisteoir ar a chumann dúchais cúpla bliain ó shin. Bhain siad ardú céime amach go dtí an chraobh idirmheánach ag deireadh 2017 agus tá babhtaí leathcheannais na craoibhe sin sroichte anois acu.

Trí chluiche crua a bhí ag Piarsaigh na Dromad go dtí seo sa chraobh: chríochnaigh siad ar comhscór le Naomh Muire, bhuadar ar an gCoireán le farasbarr dhá phointe agus bua aon phointe amháin a bhí acu ar Chorra an deireadh seachtaine seo caite.

Tá imreoirí maithe ag foireann Uíbh Ráthaigh, ina measc Graham O’Sullivan, atá le foireann Chiarraí, Niall O’Shea, Chris Farley agus Kealan Farley, ach tá dúshlán mór rompu tráthnóna.

Fág freagra ar 'Cath idir Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach i Staid an Ghearaltaigh'